operation manual

GA
46
5 Ceangail do
theilifíseán
Mar gheall ar cháblaí
Cáilíocht na gcáblaí
Sula gceanglaíonn tú gléasanna den teilifís,
féach cad iad na nascóirí atá ar fáil ar an
ngléas. Ceangail an gléas den teilifís leis an
nascóir is fearr dá bhfuil ar fáil. Is fearr mar a
aistrítear pictiúr agus fuaim ar nascóirí
ardchaighdeán.
Molt amháin atá sna nascóia thaispntar sa
lámhleabhar úsáideora seo. D'fhéadfadhitigh
eile a bheith ar fáil. Feicfear samplaí eile ar
http://www.connectivityguide.philips.com.
Leid: Mura bhfuil ach nascóirí ilchodacha nó
nascóirí RCA ar do ghléas, úsáid cábla
ilchodach (CVBS) chun an gléas a cheangal
den nascóir CVBS/Y ar an teilifís.
HDMI
Ag nascóir HDMI a bhíonn an caighdeán
pictiúir agus fuaime is fearr.
Comharthaí físe agus fuaime in éineacht
a fhaightear ar chábla HDMI. Ceangail
HDMI chun comharthaí teilifíse
ardghléine (HD) a fháil, agus chun athrú
go EasyLink.
Le nascóir Cainéal Fillte Fuaime HDMI,
is féidir fuaim na teilifíse a aschur chuig
gléas comhlíontach HDMI ARC.
Ceangail cáblaí HDMI atá níos giorra ná
5 mhéadar/16.4 troithe.
Y Pb Pr
Ní chraolann físeán comhpháirte (Y Pb Pr)
ach físeanna amháin. Ní mór ceangal de
Fuaim Clé/Deas chun fuaim a fháil.
Is féidir leis an nascóir Y Pb Pr
comharthaí teilifíse ardghléine a láimhsiú.
Meaitseáil dathanna an nascóra Y Pb Pr
le plocóidí na gcáblaí.
SCART
Iompraíonn nascóir SCART comharthaí físe
agus fuaime in éineacht.
Is féidir le nascóirí SCART comharthaí físe
RGB a láimhsiú ach níl comharthaí teilifíse
ardghléine (HD) ar a gcumas.