operation manual

GA
5
Gaeilge
Seachain íomhánna seasmhacha a mhéad
is féidir. Íomhánna is ea íomhánna
seasmhacha a fhanann ar an scáileán ar
feadh tamaill fhada. Áirítear orthu
roghchláir scáileáin, barraí dubha,
taispeáintí ama, srl. Más gá íomhá
seasmhach a úsáid, laghdaigh codarsnacht
agus gile an scáileáin chun damáiste don
scáileán a sheachaint.
Spéaclaí 3D
Le haghaidh teilifíseán a gcuirtear spéaclaí
3D ar fáil in éineacht leo.
Lean na treoracha seo a leanas chun aire a
thabhairt do do spéaclaí:
Glan na lionsaí le héadach bog
(micreashnáithín nó flainín cadáis chun
nach scrabhfar iad. Ná spréáil glantóir
díreach ar na spéaclaí 3D. Is féidir úsáid
a bhaint éadaí glantacháin amhthaisithe
ó dhéantóirí aitheanta líonraí spéaclaí
gréine.
nocht gloi3D do sholas díreach na
gréine, do thine d'uisce. D'fhéadfadh
fheidhm nó tine bheith ina thoradh air.
Ná lig do na spéaclaí 3D titim, ná lúb
iad agus ná brúigh na lionraí.
Ná húsáid ceimiceáin ghlantacháin ina
bhfuil alcól, tuaslagóir,
dromchlaghníomhaí, ná céir, beinséin,
tanaitheoir, éarthach corrmhíl ná
bealadh. D'fhéadfadh dídhathú nó
scoilteanna tarlú dá mbarr.
Leideanna suímh
Suigh an teilifíseán in áit nach lonraíonn
an ghrian díreach ar an scáileán.
Is fad amhairc a mholtar i gcás an
teilifíseáin seo trí oiread thrasnán an
scáileáin. Mar shampla, más é 81cm/32"
trasnán an scáileáin, ba cheart don
amharcóir bheith ~2.5m / ~92" amach
ón scáileán.
Ba cheart do shúile a bheith leibhéal le
lár an scáileáin, agus tú i do shuí.
Suíomh an teilifíseáin
Is féidir na socruithe fuaime is fearr a roghnú
don teilifíseán trí shuíomh an teilifíseáin a
roghnú (feistithe de bhalla nó de sheastán).
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [socruithe teilifíse] > [Socruithe
ginearálta] > [suíomh an teilifíseáin].
4. Roghnaigh [Ar sheastán teilifíseáin]
[Daingnithe de bhalla], ansin brúigh OK.
Glasáil an teilifíseán
Tá slota slándála Kensington suite i mbun an
teilifíseáin. Chun an teilifíseán a dhaingniú,
ceannaigh glas frithghadaíochta Kensington (a
dhíoltar mar mhír ar leith).
Dlíthiúil
Fógra
2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach
ceart ar cosaint. D'fhéadfadh sonraíochtaí
athrú gan fógra a bheith tugtha. Maoin de
chuid Koninklijke Philips Electronics N.V. nó a
n-úinéirí faoi seach is ea trádmharcanna.
Coimeádann TP Vision Netherlands B.V. aige
féin an ceart táirgí a athrú uair ar bith gan
bheith faoi oibleagáid soláthairtí níos luaithe a
choigeartú dá réir.