operation manual

GA
57
Gaeilge
Nuashonraigh an liosta foinsí
Má chuireann tú gléas leis, nó má bhaineann
tú ceann, nuashonraigh an liosta foinsí.
1. Brúigh SOURCE.
2. Brúigh OPTIONS.
3. Roghnaigh [Scan ceangail], ansin brúigh OK.
4. Lean na treoracha ar an scáileán.
Athraigh socruithe
Athraigh cineál an ghléis
Is féidir cineál an ghléis a athrú chun bheith in
ann teacht air go furasta ón roghchlár Foinse.
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh an gléas, ansin brúigh [Cineál
an ghléis].
3. Roghnaigh cineál oiriúnach gléis, ansin
brúigh OK.
Athainmnigh gléas
Is féidir gléas a athainmniú tar éis é a
cheangal den teilifíseán.
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh an nascóir, ansin brúigh
[Athainmnigh].
3. Úsáid an méarchlár scáileáin chun ainm
nua a chur isteach.
4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Déanta], ansin
brúigh OK.
Athshocraigh socruithe an ghléis
Is féidir cineál agus ainm an ghléis a
athshocrú de réir an réamhshocraithe.
1. Sa roghchlár [Foinse], roghnaigh an gléas
agus brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Ainm agus deilbhín bunaidh],
ansin brúigh OK.
Cumraigh gléasanna EasyLink
An méid is féidir leat a dhéanamh
Le gnéithe rialaithe feabhsaithe EasyLink ó
Philips bainfidh tú gach buntáiste as do
ghléasanna HDMI-CEC-chomhlíontacha.
Ceangail do ghléasanna
HDMI-CEC-chomhlíontacha trí HDMI de do
theilifíseán agus rialaigh iad ag an am céanna
le do chianrialtán teilifíse.
Nóta: Déanann brandaí eile cur síos difriúil ar
fheidhmiúlacht HDMI-CEC. Samplaí is ea
Anynet (Samsung), Aquos Link (Sharp) agus
BRAVIA Sync (Sony). Níl gach branda
comhoiriúnach go hiomlán le EasyLink Philips.
Tar éis athrú go EasyLink Philips, beidh na
gnéithe seo a leanas ar fáil:
Seinm aon iarrachta
Nuair a sheinneann tú gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach, tagann an teilifís
air ó bheith ar fuireachas agus athraíonn sé
go dtí an fhoinse cheart.
Fuireachas aon iarrachta
Nuair a bhrúnn ar chianrialn na teilise,
athraíonn an teilifís agus gach gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach go d fuireachais.
ch gléasannaomhaoine go huathoibríoch
Má bhí gléas HDMI-CEC-chomhlíontach
díomhaoin ar feadh píosa fada, athraíonn sé
go mód fuireachais.
Cianrialú EasyLink
Is féidir gléasanna iolracha
HDMI-CEC-chomhlíontacha a rialú le do
chianrialtán teilifíse.
Rialú fuaime córais
cheanglaíonn tú gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach ar a n-áirítear
callairí trí nascóir HDMI ARC, is féidir rogha a
dhéanamh fuaim na teilifíse a chloisteáil trí na
callairí sin, in ionad thrí challairí an teilifíseáin.
Coimeád caighdeán an phictiúir
Má tá tionchar ag gnéithe próiseála pictiúir ar
ghléasanna eile ar chaighdeán do phictiúir
theilifíse, is féidir Pixel Plus Link a chur air
chun caighdeán an phictiúir a choimeád.
Uasmhéadaigh an taispeáint le haghaidh
físeán le fotheidil
Is féidir le fotheidil físeáin a bheith le feiceáil
ar bharra fotheidil ar leith faoin bhfíseán, a
laghdaíonn réimse taispeána an fhíseáin.
Chun an réimse taispeána físeáin a
uasmhéadú, is féidir athrú go dtí an iomlaoid
uath-fhotheidil agus na fotheidil a thaispeáint
ar íomhá an fhíseáin.