operation manual

GA
58
An méid a bheidh uait
Ceangail gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach den
teilifíseán. Is féidir breis is gléas amháin
HDMI-CEC a cheangal. Féach Ceangail
do theilifíseán > Ceangail gléasanna
(Lch 47).
Cumraigh gach gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach i gceart.
Cuir EasyLink air.
Cuir EasyLink air
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [EasyLink].
3. Roghnaigh [EasyLink] > [Ann], ansin
brúigh OK.
Rialaigh gléasanna
Má cheanglaíonn tú gléasanna iolracha
HDMI-CEC a thacaíonn leis an socrú seo, is
féidir gach gléas dá shórt a rialú le cianrialtán
na teilifíse.
Nóta: Socrú ardfhorbartha é seo. Gléasanna
nach dtacaíonn leis an socrú seo, ní féidir leo
freagairt do chianrialtán na teilifíse.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] >
[EasyLink] > [Cianrialú EasyLink].
3. Roghnaigh [Ann] [As], ansin brúigh OK.
Leideanna:
Chun athrú ar ais go rialú teilifíse, brúigh
, ansin roghnaigh [Féach ar theilifís].
Chun gléas eile a rialú, brúigh , ansin
roghnaigh an gléas ón roghchlár Baile.
Cnaipí EasyLink
Is féidir gléasanna
HDMI-CEC-chomhlíontacha a rialú leis na
cnaipí seo ar an gcianrialtán teilifíse:
: Cuir an teilifís agus an gléas
ceangailte ann nó ar fuireachas.
Cnaipí seanma: Rialaigh seinm físeán
ceoil.
Cnaipí uimhriúla: Roghnaigh teideal,
caibidil nó rian.
OK: Tosaigh an gléas ceangailte, cuir ar
sos é nó atosaigh é, déan rogha, nó
téigh chuig roghchlár na ngléasanna.
: Taispeáin an roghchlár Baile teilifíse.
Múch gléasanna nasctha
Is féidir an teilifís a shocrú, leis, chun gléasanna
HDMI-CEC-chomhlíontacha ceangailte a
mhúchadh, murab iad an fhoinse ghníomhach.
Athraíonn an teilifíse go mód fuireachais tar
éis bheith díomhaoin ar feadh 10 nóiméad.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [EasyLink].
3. Roghnaigh [Uathmhúch gléasanna] > [Ann],
ansin bigh OK.
Roghnaigh aschur callaire
Más gléas é do ghléas atá comhlíontach le
Cainéal Fillte Fuaime HDMI (HDMI ARC), is
féidir fuaim na teilifíse a aschur trí chábla
HDMI. Ní bheidh gá le cáblaí fuaime breise.
Bí cinnte go gceanglaíonn tú an gléas den
nascóir HDMI ARC ar an teilifís. Féach
Ceangail do theilifíseán > Mar gheall ar
cháblaí > HDMI (Lch 46).
Cuir HDMI ARC air
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Fuaim] > [Ardfhorbartha] >
[HDMI 1 - ARC].
3. Roghnaigh ceann amháin díobh seo a
leanas, ansin brúigh OK.
[Ann]: Éist le fuaim na teilifíse tríd an
ngléas HDMI-ARC-chomhlíontach.
[As]: Éist le fuaim na teilifíse trí challairí
na teilifíse, nó trí ghléas atá ceangailte trí
nascóir digiteach fuaim amach.
Nóta: Bí cinnte go gcumraítear gach socrú
HDMI-CEC i gceart ar an ngléas ceangailte.
Cumraigh callairí teilifíse
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Fuaim] > [Ardfhorbartha] >
[Callairí teilifíse].
3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK:
[As]: Múch callairí teilifíse.
[Ann]: Cuir callairí teilifíse ann.