operation manual

GA
62
Ceangal CAM (Modúl
Rochtana Teagmhasaigh)
An méid is féidir leat a dhéanamh
Is féidir féachaint ar chainéil scrofa teilifíse digití
le Modúl Rochtana Teagmhasaigh (CAM). Is
féidir féachaint ar na cláir tar éis an CAM a
chur isteach agus na táillí síntiúis a íoc.
Tacaíonn an teilifís seo le CI (Comhéadan
Coitianta) agus le CI+. Tacaíonn CI+ le cláir
príomhúla digiteacha HD a bhfuil ardleibhéal
cosanta cóipeála acu.
Nóta: Braitheann na feidhmchláir, na
feidhmeanna, an t-inneachar agus na
teachtaireachtaí scáileáin ar sholáthraí
seirbhíse an CAM.
An méid a bheidh uait
Rabhadh: Chun do CAM a chosaint ar
dhamáiste, cuir isteach an CAM faoi mar a
deirtear leat é.
Nóta: Léigh an doiciméad ó do sholáthraí
seirbhíse faoin tslí leis an gcárta cliste a chur
isteach sa Mhodúl Rochtana Teagmhasaigh.
1. Cuir an teilifís as.
2. Lean na treoracha atá priontáilte ar an
CAM chun an CAM a chur isteach i slota
an Chomadain Choitianta ar thaobh an
teilifíseáin.
Bigh an CAM isteach chomh fada agus is
idir.
3. Cuir an teilis ann, ansin fan ar ghníomhachtú
an CAM. Tógann sé cúpla iméad.
Chun teacht a bheith agat i gcónaí ar chainéil
chriptithe teilifíse digití, fág an CAM sa slota.
Tar ar sheirbhísí CAM
1. Tar éis an CAM a chur isteach agus a
ghníomhachtú, brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Comhéadan Coitianta], ansin
brúigh OK.
3. Roghnaigh an soláthraí CAM, ansin brúigh OK.