operation manual

GA
63
Gaeilge
6 Fabhtcheartú
Fadhbanna ginearálta
Ní féidir an teilifíseán a chur ann:
Dícheangal an cábla cumhachta den
asraon cumhachta. Fan nóiméad amháin
sula n-athcheanglaíonn tú é.
Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta
ceangailte go daingean.
Agus an teilifíseán á chur ann agat, á
mhúchadh nó á chur ar fuireachas, cloiseann
fuaim dhíoscach ó fhonnadh an teilifíseáin:
Ní gá rud ar bith a dhéanamh. Toradh is ea
an torann díoscach ar ghnáthleathnú agus
gnáthchrapadh an teilifíseáin de réir mar a
éiríonn sé te agus fuar. Ní bhíonn tionchar
aige ar fheidhmiú.
fhreagraíonn an teilifíseán don chianrialn
do rialuithe teilifíse nuair a bhíonn air:
Teastaíonn beagán ama ón teilifíseán sula
mbíonn sé tosaithe. I gcaitheamh an ama sin,
ní fhreagraíonn an teilifíseán don chianrialtán
ná do rialuithe teilifíse. Ní aon rud
neamhghnách é sin.
Mura bhfreagraíonn an teilifíseán an
cianrialtán tar éis tamaill, féach ar bhraiteoir
an chianrialtáin trí cheamara digiteach - má
bhrúnn tú cnaipe ar bith ar an gcianrialtán
agus má thugann tú caochaíl dhearg faoi
deara ag an mbraiteoir, ciallaíonn sé go bhfuil
an cianrialtán ag obair ach go mb'fhéidir gur
gá iarraidh ar Philips Consumer Care an
teilifíseán a sheiceáil. Ní bhaineann an nós
imeachta fabhtréitigh le cianrialtáin atá
péireáilte gan sreang leis an teilifíseán.
Agus an teilifís ar fuireachas, taispeántar
splancscáileán tosaigh, ansin filleann an
teilifís ar mhód fuireachais:
Ní aon rud neamhghnách é sin. Nuair a
dhéantar an teilifís a dhícheangal agus a
athcheangal den soláthar cumhachta,
taispeántar an scáileán tosaigh ag an gcéad
tosú eile.
Chun teilifís atá ar fuireachas a chur ann,
brúigh ar an gcianrialtán nó brúigh eochair
ar bith ar an teilifíseán.
Tá caocháil dhearg á dhéanamh ag an solas
fuireachais:
Dícheangal an cábla cumhachta den asraon
cumhachta. Fan go bhfuaraíonn an teilifíseán
sula n-athcheanglaíonn tú an cábla
cumhachta. Má tharlaíonn an chaocháil arís,
cuir glao ar Philips Consumer Care.
Tá fuaim na teilifíse sa teanga mhícheart:
Má roghnaíonn tú OPTIONS teanga,
athshocraíonn an teilifíseán an teanga
réamhshocraithe nuair a athraíonn tú cainéil
agus nuair a mhúchann tú an teilifíseán. Chun
an teanga roghnaithe a choimeád, athraigh
do theanga fuaime trí bhrú ar , ansin
[Cumraíocht] > [Socruithe cainéil]
[Socruithe satailíte] > [Teangacha] >
[Príomhtheanga fuaime] [Teanga
thánaisteach fuaime].
Tá an roghchlár teilifíse nó Smart TV sa
teanga mhícheart:
Athraigh an roghchlár go dtí do rogha
teanga.
Gheofar eolas breise ar Athraigh do
shocruithe teilifíse > Socruithe teanga >
Teanga roghchláir (Lch 41).
Rinne tú dearmad ar an gcód 4 dhigit a
bhaineann an glas den ghné blocála cainéal
(glas linbh):
Cuir isteach ‘8888’.
Teastaíonn uait fós do bhogearraí teilifíse a
uasghrádú:
Téigh chuig www.philips.com/support agus
íoslódáil an pacáiste bogearraí is déanaí le
haghaidh do theilifís. Gheofar ar an suíomh
treoracha maidir le suiteáil na mbogearraí
agus nótaí scaoilte a insíonn duit cé na rudaí
a tugadh chun dáta. Gheofar treoracha
iomlána ar conas bogearraí do theilifíse a
uasghrádú ag Athraigh do shocruithe
teilifíse > Nuashonraigh bogearraí (Lch 44).