operation manual

GA
66
Fadhbanna líonra
Teastaíonn uait ceangal gan sreang a chur
idir do theilifíseán agus do líonra baile:
Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de
líonra agus den Idirlíon > Wi-Fi comhtháite
(Lch 60) chun treoracha a fháil ar conas do
theilifíseán a cheangal gan sreang de do
líonra baile.
Níl Smart TV ag obair:
Seiceáil go bhfuil an ródaire ceangailte i
gceart den teilifíseán, agus to bhfuil teacht
oscailte ag an ródaire ar an Idirlíon. Má tá
balla tine nó socruithe slándála ag do ródaire,
bí cinnte go ligeann sé do sonraí Smart TV
dul tríd - seiceáil doiciméadú do ródaire
chun na sonraí a fháil.
Tá teacht an-mhall ar an Idirlíon trí Smart TV:
Déan iarracht cáilíocht an chomhartha
idir an ródaire agus an teilifíseán a
fheabhsú má tá tú ag teacht ar an
Idirlíon gan sreang. Féach doiciméadú
an ródaire chun sonraí a fháil.
Bain úsáid as an leathanbhanda is tapúla
áit is féidir.
Tabhair do theilifíseán chun dáta leis na
bogearraí is déanaí le bheith cinnte go
bhfuil an luas brabhsála chomh hard
agus is féidir.
Tá do líonra mall:
Má tá tú ag teacht ar do PC gan sreang,
féach doiciméadú an ródaire chun feabhas a
chur ar cháilíocht an chomhartha idir an
ródaire agus an teilifíseán.
Tá an onra gan sreang as riocht ar iarraidh:
Bí cinnte nach bhfuil oigheanna
micreathonnacha, fóin DECT, ná
gléasanna Wi-Fi mórthimpeall ag cur
isteach ar an líonra gan sreang.
Mura bhfuil an líonra gan sreang ag
obair, bain triail as ceangal líonra
sreangtha.
Bí cinnte go gceadaíonn na ballaí tine i
do líonra teacht ar an gceangal teilifíse
gan sreang.
Déan teagmháil le Philips
Rabhadh: Ná déan iarracht an teilifíseán a
dheisiú tú féin. D'fhéadfá tú féin a ghortú go
dona agus damáiste nach féidir a dheisiú a
dhéanamh don teilifíseán nó do bharánta a
chur ar neamhní.
Murar féidir leat an fhadhb a réiteach, féach
na ceisteanna coitianta (CC) don teilifíseán
seo ag www.philips.com/support. Is féidir
pobal teilifíse Philips a cheadú chomh maith
agus rannchuidiú leis ag
www.supportforum.philips.com.
Más mian leat labhairt le hionadaí de chuid
Philips nó r-phost a chur chuige, déan
teagmháil le Philips Consumer Care i do thír
féin. Gheobhaidh tú na sonraí teagmhála sa
bhileog bharánta a ghabhann leis an teilifíseán
seo nó ag www.philips.com/support.
Breac síos múnla agus sraithuimhir do
theilifíseán sula ndéanann tú teagmháil le
Philips. Feicfear na huimhreacha sin priontáilte
ar chúl an teilifíseáin agus ar an bpacáistiú.