operation manual

GA
9
Gaeilge
Tá cadhnraí atá clúdaithe ag Treoir Eorpach
2006/66/CE i do tháirge, agus ní féidir iad a
dhiúscairt le do ghnáthdhramhaíl teaghlaigh.
Iarrtar ort fáil amach faoi na rialacha áitiúla i
dtaobh bailiú leithscartha cadhnraí toisc go
gcabhraíonn sé le hiarmhairtí diúltacha
féideartha ar an timpeallacht agus ar shláinte
an duine a sheachaint ach iad a dhiúscairt ar
an tslí cheart.
Lipéad fuinnimh
Insíonn an Lipéad Eorpach Fuinnimh duit cad
é aicme tíosachta ar fhuinneamh an táirge.
Dá ghlaise an aicme tíosachta ar fhuinneamh,
is lú an méid fuinnimh a ídíonn sé.
Ar an lipéad feicfidh tú an aicme tíosach ar
fhuinneamh, meánídiú cumhacht an táirge in
úsáid agus an meánídiú fuinnimh i gcaitheamh
bliana. Gheobhaidh tú luachanna ídithe
cumhachta an táirge ar shuíomh Gréasáin
Philips do thíre ag www.philips.com/TV.
Cabhair agus tacaíocht
Cabhair don Úsáideoir
Chun teacht a fháil ar an roghchlár [Cabhair]
ar scáileán, brúigh an Cnaipe gorm.
Chun dul amach as an roghchlár [Cabhair],
brúigh .
Tabhair cuairt ar shuíomh Gréain Philips
Murar idir leat a bhfuil uait a fháil sa [Cabhair]
ar scáileán, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin
Philips ag www.philips.com/support.
Seo rudaí eile is féidir a dhéanamh ar shuíomh
Gréasáin Philips:
Freagraí a fháil ar Cheisteanna Coitianta
(CC)
Leagan inchlóite PDF den lámhleabhar
seo a íoslódáil
Ceist ar leith a chur orainn i r-phost
Labhairt ar líne le Philips Consumer
Care (ar fáil i dtíortha áirithe amháin)
Bain úsáid as treoir nascachta Philips
Sa treoir shoiléir seo ar nascacht, gheobhaidh
tú treoir faoin tslí le do theilifíseán a cheangal
le gléasanna eile. Téigh chuig
http://www.connectivityguide.philips.com.
Cuardaigh an fóram teilifíse
D'fhéadfadh sé gur fhreagair pobal úsáideoirí
teilifíseán Philips do cheist cheana féin. Téigh
chuig www.supportforum.philips.com.
Déan teagmháil le Philips
Is féidir tacaíocht a fháil ach glaoch ar Philips
Consumer Care i do thír féin. Gheobhaidh tú
an uimhir sa bhileog in éineacht leis an táirge
seo, nó ar líne ag www.philips.com/support.
Sula gcuireann tú glao ar Philips, scríobh síos
uimhir mhúnla agus sraithuimhir do theiliseáin.
Gheobhaidh tú na huimhreacha sin ar chúl do
theilifíseáin nó ar an bpacáistíocht ina raibh
an teilifíseán.