User manual

7.9
Consól Cluiche
HDMI
Nasc an consól cluiche leis an teilifíis le cábla HDMI
ardluais chun an caighdeán is fearr a fháil.
Y Pb Pr
Nasc an consól cluiche le cábla físchomhartha
comhpháirteanna (Y Pb Pr) agus le cábla fuaim
Deas/Clé leis an teilifís.
7.10
Diosca Crua USB
A bhfuil de dhíth ort
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoltaí
teilifíse digití a chur ar sos nó a thaifeadadh (craoltaí
DVB nó a leithéid).
Íos-Spás Diosca
• Chun Cuir ar sos
Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
uait atá comhoiriúnach le USB 2.0 agus a bhfuil ar a
laghad 4GB de spás air.
• Chun Taifeadadh
Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh,
teastaíonn diosca a bhfuil ar a laghad 250GB de spás
saor air.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi Diosca Crua
USB a shuiteáil, in Cabhair, brúigh an eochair
datha Eochairfhocail agus déan cuardach do
Diosca Crua USB, Suiteáil.
Suiteáil
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach
comhad ón Diosca Crua USB.
1 - Nasc an Diosca Crua USB le ceann de na naisc
USB ar an teilifís. Ná nasc gléas USB eile leis na poirt
USB eile nuair atá tú i mbun formáidithe.
2 - Cas air an Diosca Crua USB agus an teilifís.
3 - Nuair atá an teilifís tiúnáilte le cainéal teilifíse
digití, brúigh (Cuir ar Sos). Má dhéanann tú iarracht
é a chur ar sos, tosóidh an formáidiú.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an Diosca Crua USB formáidithe, fág
nasctha go buan é.
32