operation manual

Table Of Contents
1.2
Oscail an Scáileán Baile
Chun an Scáileán Baile a oscailt agus mír a oscailt…
1 - Brúigh Baile.
2 - Roghnaigh mír agus brúigh OK chun é a oscailt
nó a thosú.
3 - Brúigh Ar ais go leanúnach nó brúigh Baile le
dul ar ais chuig an scáileán Baile.
Nuair atá tú ag oscailt an scáileán Baile, stopfaidh an
feidhmchlár/an t-inneachar atá á seinnt sa chúlra. Ní
mór duit an feidhmchlár nó an t-inneachar a roghnú
ón scáileán Baile chun atosú.
1.3
Nuashonrú maidir leis an
Scáileán Baile
Seans go bhfaighidh tú fógra ó Google maidir le
nuashonrú agus leagan nua den lainseálaí Baile a
bheith suiteáilte agat. Beidh cuma nua agus gnéithe
úra ar scáileán Baile do theilifíse leis an lainseálaí
Baile nua.
Buaicphointí nua ar do scáileán baile
Le tábanna cosúil le Baile, Aimsigh, Feidhmchláir
agus Cuardaigh, is féidir leat scannáin agus cláir
teilifíse a aimisiú ar do sheirbhísí agus feidhmchláir
mhóréilimh. Sínigh isteach i do Chuntas Google chun
moltaí pearsantaithe a fháil ó do sheirbhísí sruthaithe
bunaithe air sin ar fhéach tú air agus ar na spéiseanna
atá agat.
Cuma nua, nascleanúint nua
Déan an cinneadh faoin gcéad chlár eile a
fhéachfaidh tú air leis an nascleanúint so-úsáide.
Brabhsáil do mholtaí pearsantaithe, lean ar aghaidh
ón áit ar stop tú, nó aimsigh feidhmchlár faoi leith trí
úsáid a bhaint as an gcóras tábanna nua.
Aimsigh moltaí pearsantaithe
Brabhsáil cláir teilifíse agus scannáin a thaitneoidh go
mór leat ar gach ceann de na seirbhísí meáin is ansa
leat. Sínigh isteach i do Chuntas Google chun tosú.
Faigh moltaí ó Google trí chéile.
Sábháiltear do sheirbhísí do do Chuntas Google le go
mbeidh tú in ann moltaí níos fearr a fháil ó Google trí
chéile.
5