operation manual
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Cainéil
- 6 Suiteáil Cainéal
- 7 Nasc Gléasanna
- 8 Nasc do Android TV
- 9 Feidhmchláir
- 10 Idirlíon
- 11 Mear-Roghchlár
- 12 Naisc, Liosta
- 13 Líonraí
- 14 Socruithe
- 15 Meáin
- 16 Eolaire Teilifíse
- 17 Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos
- 18 Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 Cluichí
- 20 Ambilight
- 21 Sár-Roghanna
- 22 Freeview Play
- 23 Netflix
- 24 Alexa
- 25 Bogearaí
- 26 Sonraíochtaí
- 27 Cúnamh agus Tacaíocht
- 28 Sábháilteacht agus Cúram
- 29 Téarmaí Úsáide
- 30 Cóipchearta
- 31 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
brúigh OK. Osclóidh sé an leathanach a bhfuil eolas
faoi Fheidhmchláir air.
5 - Roghnaigh an cnaipe Suiteáil agus brúigh OK
chun an feidhmchlár a shuiteáil.
Beidh fáil ar an bhfeidhmchlár a suiteáladh ar
leathanach na bhFeidhmchlár, agus is féidir é a
oscailt ón scáileán Baile Android tríd an deilbhín
Feidhmchláir ar thaobh na láimhe deise de ró na
bhFeidhmchlár a bhrú.
Téarmaí Úsáide
Ní mór duit glacadh leis na Téarmaí Úsáide chun
feidhmchláir Bhailiúchán Philips TV a shuiteáil agus a
úsáid. Murar aontaigh tú leis na téarmaí sin i rith
chéad shuiteáil na teilifíse, is féidir leat glacadh leo
níos deireanaí. A luaithe is a n-aontaíonn tú leis na
Téarmaí Úsáide, beidh roinnt feidhmchlár ar fáil
láithreach agus is féidir leat brabhsáil i mBailiúchán
Philips TV chun feidhmchláir eile a shuiteáil.
Chun glacadh leis na Téarmaí Úsáide tar éis an teilifís
a bheith suiteáilte agat…
1 - Brúigh HOME, roghnaigh Philips TV
Collection agus brúigh OK. Brúigh an eochair
Roghanna arís chun an roghchlár Roghanna a oscailt.
2 - Is féidir leat Téarmaí Úsáide a roghnú, ansin
brúigh OK chun iad a léamh.
3 - Roghnaigh Glac agus brúigh OK. Ní féidir leat dul
siar ar an bhfaomhadh seo.
4 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Socruithe Príobháideachta
Is féidir leat roinnt socruithe príobháideachta a shocrú
d'fheidhmchláir Bhailiúchán Philips TV.
• Is féidir leat cead a thabhairt staitisticí teicniúla a
sheoladh chuig Philips.
• Is féidir leat moltaí pearsanta a cheadú.
• Is féidir leat fianáin a cheadú.
• Is féidir leat an Glas Leanaí a chasadh air
d'fheidhmchláir a bhfuil rátáil 18+ acu.
Chun na socruithe príobháideachta i mBailiúchán
Philips TV a shocrú…
1 - Brúigh HOME, roghnaigh Philips TV
Collection agus brúigh OK. Brúigh an eochair
Roghanna arís chun an roghchlár Roghanna a oscailt.
2 - Is féidir leat Socrú Príobháideachta a roghnú,
ansin brúigh OK.
3 - Roghnaigh gach socrú agus brúigh OK chun é a
cheadú nó gan é a cheadú. Is féidir leat léamh go
mion faoi gach socrú.
4 - Brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
39