operation manual
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Cainéil
- 6 Suiteáil Cainéal
- 7 Nasc Gléasanna
- 8 Nasc do Android TV
- 9 Feidhmchláir
- 10 Idirlíon
- 11 Mear-Roghchlár
- 12 Naisc, Liosta
- 13 Líonraí
- 14 Socruithe
- 15 Meáin
- 16 Eolaire Teilifíse
- 17 Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos
- 18 Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 Cluichí
- 20 Ambilight
- 21 Sár-Roghanna
- 22 Freeview Play
- 23 Netflix
- 24 Alexa
- 25 Bogearaí
- 26 Sonraíochtaí
- 27 Cúnamh agus Tacaíocht
- 28 Sábháilteacht agus Cúram
- 29 Téarmaí Úsáide
- 30 Cóipchearta
- 31 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
brúigh OK. Aisghabhtar an stíl.
Saincheap mód Pearsanta
1 - Socraigh an stíl fuaime do mhód Pearsanta.
2 - Brúigh an eochair datha Saincheap, agus
brúigh OK chun socruithe móid Phearsanta a athrú.
Socruithe móid phearsanta
Fíorúlaitheoir Callaire
Socruithe > Fuaim > Socruithe móid Phearsanta >
Fíorúlaitheoir Callaire.
Roghnaigh Air nó Uathoibríoch (Dolby Atmos) chun
Dolby Atmos a chumasú, ar féidir leis toise airde a
chur le fuaim. Is féidir fuaim a lonnú go cruinn le toise
airde, agus í a bhogadh i spás tríthoiseach.
Clear Dialogue
Socruithe > Fuaim > Socruithe móid
phearsanta > Clear dialogue > Air.
Roghnaigh On chun caighdeán fuaime feabhsaithe do
chlár cainte a fháil.
Cothromóir AI
Socruithe > Fuaim > Socruithe móid
phearsanta> Cothromóir AI.
Roghnaigh Air chun coigeartú cliste an chothromóra
bunaithe ar inneachar fuaime agus ar shainsocruithe a
chumasú.
Cothromóir AI Saincheaptha
Socruithe > Fuaim > Socruithe móid
phearsanta> Cothromóir AI.
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun
leibhéal an Chothromóra AI a choigeartú.
Lonnú na teilifíse
Lonnú na teilifíse
Socruithe > Fuaim > Lonnú na teilifíse.
Roghnaigh Ar sheastán teilifíse nó Ar an
mBalla chun an t-atáirgeadh fuaime is fearr a fháil de
réir an socruithe.
DTS Play-Fi
DTS Play-Fi
Socruithe > Fuaim > DTS Play-Fi.
Nuair atá DTS Play-Fi ar do Philips TV, is féidir leat
nascadh le callairí inoiriúnaithe chun fuaim a shruthú
gan sreang chuig seomraí eile i do theach.
Tabhair faoi deara: Níl na socruithe d’Fhuaim Teilifíse
Ilseomra ar fáil nuair atáthar nasctha leis an
bhfeidhmchlár Cluasáin DTS Play-Fi nó nuair atáthar
ag seinnt ceoil ón bhfeidhmchlár DTS Play-Fi.
Chun fuaim a shruthú gan sreang chuig callairí, beidh
na nithe seo a leanas ag teastáil uait...
• Philips Android Smart TV a thacaíonn le DTS Play-Fi
• Gléas inoiriúnaithe DTS Play-Fi
• An feidhmchlár DTS Play-Fi ar do Philips TV
• Gléas soghluaiste cosúil le d’fhón nó do thaibléad
• An feidhmchlár DTS Play-Fi nó an feidhmchlár DTS
Play-Fi Headphones suiteáilte ar d’fhón nó do
tháibléad
• Líonra Wi-Fi
An trealamh chun gléas inoiriúnaithe DTS Play-Fi a
nascadh
1 - Íoslódáil an feidhmchlár DTS Play-Fi nó an
feidhmchlár DTS Play-Fi Headphones agus suiteáil an
Feidhmchlár ar d’fhón nó ar do tháibléad.
2 - Úsáid an feidhmchlár DTS Play-Fi nó an
feidhmchlár DTS Play-Fi Headphones chun cuardach
a dhéanamh don ghléas inoiriúnaithe DTS Play-Fi
agus chun é a shuiteáil. Cinntigh go bhfuil an gléas
DTS Play-Fi nasctha ar an líonra Wi-Fi céanna le do
theilifís.
3 - Oscail an feidhmchlár DTS Play-Fi atá réamh-
shuiteáilte ar do Philips TV agus roghnaigh Nasc
Callairí chun cuardach do ghléasanna inoiriúnaithe
DTS Play-Fi.
4 - Nuair atá an gléas nasctha go rathúil le do
theilifís, is féidir leat na gléasanna a roghnú ón liosta
gléasanna agus an airde fuaime a athrú.
5 - Anois beidh tú in ann fuaim a shruthú ó do
theilifís chuig sraith gléasanna DTS Play-Fi.
Ardsocruithe Fuaime
Rialú Airde Fuaime
Uath-Airde Fuaime
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe > Uath-
Airde Fuaime.
Roghnaigh Air nó As chun uathchoigeartú an airde
fuaime a chasadh air nó as.
53