operation manual
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Cainéil
- 6 Suiteáil Cainéal
- 7 Nasc Gléasanna
- 8 Nasc do Android TV
- 9 Feidhmchláir
- 10 Idirlíon
- 11 Mear-Roghchlár
- 12 Naisc, Liosta
- 13 Líonraí
- 14 Socruithe
- 15 Meáin
- 16 Eolaire Teilifíse
- 17 Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos
- 18 Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 Cluichí
- 20 Ambilight
- 21 Sár-Roghanna
- 22 Freeview Play
- 23 Netflix
- 24 Alexa
- 25 Bogearaí
- 26 Sonraíochtaí
- 27 Cúnamh agus Tacaíocht
- 28 Sábháilteacht agus Cúram
- 29 Téarmaí Úsáide
- 30 Cóipchearta
- 31 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
20
Ambilight
20.1
Ambilight, Air nó As
Lean Físeán
Is féidir leat Ambilight a shocrú chun an físeán a
leanúint nó dinimicí fuaime cláir teilifíse. Mar rogha air
sin, is féidir leat Ambilight a shocrú chun stíl datha
réamhshocraithe a thaispeáint nó is féidir leat
Ambilight a chasadh as.
Má roghnaíonn tú Lean Físeán, is féidir leat ceann de
na stíleanna a leanann dinimicí an phictiúir ar do
scáileán teilifíse a roghnú.
Chun an Stíl Ambilight a shocrú…
1 - Brúigh .
2 - Roghnaigh Lean Físeán agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh an stíl atá uait agus brúigh OK.
4 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Is iad na stíleanna Lean Físeán atá ar fáil ná…
• Caighdeánach - Feileann sé do ghnáthfhéachaint
teilifíse
• Nádúrtha - Leanann sé an pictiúr nó an fhuaim
sound chomh dílis agus is féidir
• Spórt - Feiliúnach do chláir spóirt
• Gléineach - Feiliúnach d'fhéachaint i rith an lae
• Cluiche - Feiliúnach do chluichíocht
Lean Fuaim
Is féidir leat Ambilight a shocrú chun an físeán a
leanúint nó dinimicí fuaime cláir teilifíse. Mar rogha air
sin, is féidir leat Ambilight a shocrú chun stíl datha
réamhshocraithe a thaispeáint nó is féidir leat
Ambilight a chasadh as.
Má roghnaíonn tú Lean Fuaim, is féidir leat ceann de
na stíleanna a leanann dinimicí na fuaime a roghnú.
Chun an Stíl Ambilight a shocrú…
1 - Brúigh .
2 - Roghnaigh Lean Fuaim agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh an stíl atá uait agus brúigh OK.
4 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Is iad na stíleanna Lean Fuaim atá ar fáil ná…
• Lumina - Feiliúnach d’fhéachaint ar fhíseáin cheoil
• Retro - Feiliúnach d’éisteacht le ceol ard reitreo
• Rhythm - Feiliúnach d’éisteacht le ceol rithimeach
Lounge Light
Is féidir leat Ambilight a shocrú chun an físeán a
leanúint nó dinimicí fuaime cláir teilifíse. Mar rogha air
sin, is féidir leat Ambilight a shocrú chun stíl datha
réamhshocraithe a thaispeáint nó is féidir leat
Ambilight a chasadh as.
Má roghnaíonn tú Lounge Light, is féidir leat ceann de
na scéimeanna datha réamhshocraithe a roghnú.
Chun an Stíl Ambilight a shocrú…
1 - Brúigh .
2 - Roghnaigh Lounge light agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh an stíl atá uait agus brúigh OK.
4 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
Is iad na stíleanna Lounge light atá ar fáil ná…
• Hot Lava - Malairtí deirge
• Deep Water - Malairtí goirm
• Fresh Nature - Malairtí uaine
• Warm white / ISF - Dath statach
• Dath saincheaptha - Dath statach de do rogha féin.
Chun an dath do sholas statach Ambilight a shocrú,
téigh go dtí Socruithe > Ambilight > Dath
saincheaptha agus roghnaigh an dath atá uait.
Lean Bratach
Is féidir leat Ambilight a shocrú chun an bhratach tíre
atá roghnaithe agat a leanúint.
Lean Feidhmchlár
Tá an socrú Lean Feidhmchlár ar fáil nuair a rialaíonn
tú Ambilight le feidhmchlár.
20.2
Ambilight As
Chun Ambilight a chasadh as…
1 - Brúigh .
2 - Roghnaigh As agus brúigh OK.
3 - Brúigh (clé) chun dul siar céim amháin nó
brúigh Ar ais chun an roghchlár a dhúnadh.
73