operation manual
Table Of Contents
- Ábhar
- 1 Scáileán Baile
- 2 Suiteáil
- 3 Cianrialtán
- 4 Ag Casadh Air agus As
- 5 Cainéil
- 6 Suiteáil Cainéal
- 7 Nasc Gléasanna
- 8 Nasc do Android TV
- 9 Feidhmchláir
- 10 Idirlíon
- 11 Mear-Roghchlár
- 12 Naisc, Liosta
- 13 Líonraí
- 14 Socruithe
- 15 Meáin
- 16 Eolaire Teilifíse
- 17 Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos
- 18 Fóin Chliste agus Táibléid
- 19 Cluichí
- 20 Ambilight
- 21 Sár-Roghanna
- 22 Freeview Play
- 23 Netflix
- 24 Alexa
- 25 Bogearaí
- 26 Sonraíochtaí
- 27 Cúnamh agus Tacaíocht
- 28 Sábháilteacht agus Cúram
- 29 Téarmaí Úsáide
- 30 Cóipchearta
- 31 Séanadh maidir le seirbhísí agus/nó bogearraí atá á dtairiscint ag tríú páirtithe
- Innéacs
27
Cúnamh agus
Tacaíocht
27.1
Cláraigh do theilifís
Cláraigh do theilifís agus bain leas as raon tairbhí lena
n-áirítear tacaíocht iomlán (íoslódálacha san
áireamh), rochtain phribhléideach a fháil ar fhaisnéis
maidir le táirgí nua, tairiscintí agus lascainí eisiacha
agus an deis duaiseanna a bhuachan agus fiú páirt a
ghlacadh i suirbhéanna speisialta faoi eisiúintí nua.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport
27.2
Cabhair a Úsáid
Tairgeann an teilifís seo cabhair ar an scáileán .
Oscail Cabhair
Brúigh an eochair (gorm) chun Cabhair a oscailt
láithreach. Osclóidh Cabhair sa chaibidil is mó atá
ábhartha dó sin atá ar siúl agat nó air sin atá
roghnaithe ar an teilifís. Chun cuardach a dhéanamh
do thopaicí de réir na haibítre, brúigh an eochair
datha Eochairfhocail .
Chun Cabhair a léamh mar leabhar, roghnaigh
Leabhar.
Is féidir leat freisin Cabhair a oscailt sa Mhear-
roghchlár.
Sula dtugann tú faoi na treoracha a fuair tú i gCabhair,
dún Cabhair.
Chun Cabhair a dhúnadh, brúigh an eochair
datha Dún .
I gcás gníomhaíochtaí áirithe, cosúíl le Téacs
(Teilithéacs), tá feidhmeanna sonracha ag na
heochracha dathanna agus ní féidir leo Cabhair a
oscailt.
Cabhair teilifíse ar do tháibléad, d'fhón cliste nó do
ríomhaire
Chun go n-éascófaí seichimh fada treoracha, is féidir
leat Cabhar teilifís a íoslódáil i bhformáid PDF le
haghaidh a léite ar d'fhón cliste, taibléad nó
ríomhaire. Mar rogha air sin, is féidir leat an
leathanach ábhartha ó Chabhair a phriontáil ó do
ríomhaire.
Chun Cabhair (an treoir úsáideora) a íoslódáil, téigh
go dtí www.philips.com/TVsupport
Mear-roghchlár > Cabhair
Is féidr leat an fheidhm Cabhair a úsáid chun do
theilifís a dhiagnóisiú agus chun tuilleadh eolais a
fháil fúithi.
• Eolas faoin teilifís - Féach ar ainm an Mhúnla, an
tSraithuimhir agus leagan Bogearraí do theilifíse.
• An chaoi le - Is féidir leat treoracha a fháil faoin
gcaoi cainéil a shuiteáil nó a shórtáil, bogearraí na
teilifíse a nuashonrú, gléasanna seachtracha a
nascadh agus feidhmeanna cliste do theilifíse a
úsáid.
• Seiceáil an teililfís - Is féidir leat seiceáil an bhfuil
an pictiúr, an fhuaim agus Ambilight* ag obair i gceart.
• Seiceáil an líonra - Seiceáil an nac leis an líonra.
• Seiceáil an cianrialtán - Déan an tástáil seo chun
feidhmiúlacht an chianrialtáin a tháinig leis an teilifís a
fhíordheimhniú.
• Féach ar stair na gcomharthaí laga - Taispeáin liosta
na n-uimhreacha cainéil a sabháladh go
huathoibríoch nuair a bhí neart an chomhartha lag.
• Optamaigh stóráil inmheánach - Saor spás ar stóráil
inmheánach na teilifíse le haghaidh an fheidhmíocht
is fearr.
• Nuashonraigh bogearraí - Seiceáil na
nuashonruithe bogearraí atá ar fáil.
• Treoir Úsáideora - Léigh an treoir úsáideora chun
eolas faoin teilifís a fháil.
• Fabhtcheartú - Aimsigh réiteach do cheisteanna a
chuirtear go minic.
• Socruithe réamhshainithe - Athshocraigh gach
socrú go dtí na socruithe réamhshainithe.
• - Athshuiteáil teilifís - Athshuiteáil an teilifís go
hiomlán.
• Eolas teagmhála - Taispeáin an uimhir theileafóin
nó suíomh gréasáin do do thír nó do réigiún.
* Is do mhúnlaí a thacaíonn leis an bhfeidhm
Ambilight amháin an socrú Ambilight.
27.3
Fadhbanna
Cas Air agus Cianrialtán
Ní chasann an teilifís air
• Bain an cábla cumhachta amach as an asraon
cumhachta. Fan ar feadh nóiméid agus ansin cuir
isteach arís é.
• Cinntigh go bhfuil an cábla cumhachta nasctha go
daingean.
Tá fuaim dhíoscánach ann nuair a chastar air nó as
é
Nuair a bhíonn tú ag casadh na teilifís air, as nó ar
Fhuireachas, cloiseann tú fuaim dhíoscánach ó
fhonnadh na teilifíse. Is mar gheall ar ghnáthleathadh
agus cungú na teilifíse an fhuaim dhíoscánach sin,
88