operation manual

Table Of Contents
28
Sábháilteacht agus
Cúram
28.1
Sábháilteacht
Tábhachtach
Léigh agus tuig gach treoir sábháilteachta sula n-
úsáidfidh tú an teilifís. Má tharlaíonn díobháil mar nár
leanadh treoracha, ní bheidh feidhm ag an mbaránta.
Baol Turrainge Leictrí nó Tine
• Ná nocht an teilifís don bháisteach nó d'uisce. Ná
cuir soithí ina mbíonn leachtanna, cosúil le vásaí, in
aice leis an teilifís.
Má dhoirtear leachtanna ar an teilifís, nó isteach inti,
dínasc an teilifís ón asraon cumhachta láithreach.
Déan teagmháil le Cúram Custaiméirí Philips TV chun
an teilifís a sheiceáil sula n-úsáidfí í.
• Ná nocht an teilifís, an cianrialtán ná ceallraí go deo
do theas iomarcach. Ná cuir in aice le coinnle ar
lasadh nó lasracha gan chosaint iad, ná in aice le
foinsí teasa iad, lena n-áirítear teas díreach na gréine.
• Ná cuir aon rud isteach sna sliotáin aeraithe go deo,
ná sna hoscailtí eile ar an teilifís.
• Ná cuir rudaí troma go deo ar an seolán cumhachta.
• Ná bíodh aon neart á imirt ar na plugaí cumhachta.
Tá plugaí cumhachta scaoilte in ann a bheith ina n-
údar do stuáil nó do thine. Bí cinnte nach mbeidh aon
straidhn ar an seolán cumhachta nuair a sclóineann tú
scáileán na teilifíse.
• Chun an teilifís a dínascadh ó chumhacht an
phríomhlíonra, ní mór pluga cumhachta na teilifíse a
dínascadh. Nuair atá an chumhacht a dínascadh agat,
tarraing an pluga cumhachta i gcónaí, ná tarraing an
seolán go deo. Bí cinnte go bhfuil rochtain iomlán
agat ar an bpluga cumhachta, an seolán cumhachta
agus ar an soicéad asraoin i gcónaí.
Baol Gortuithe nó Baol Díobhála don
teilifís
• Teastaíonn beirt chun teilifís atá níos troime ná 25
cileagram nó 55 punt a iompar.
• Má ghléasann tú an teilifís ar sheastán, ná húsáid
ach an seastán a tháinig léi. Daingnigh an seastán leis
an teilifís go maith.
Lonnaigh an teilifís ar dhromchla réidh cothrom atá in
ann glacadh le meáchan na teilifíse agus an seastáin.
• Nuair atá sé gléasta ar an mballa, bí cinnte go bhfuil
an gléasadh balla in ann meáchan na teilifíse a
iompar go sábháilte. Ní ghlacann TP Vision le haon
fhreagracht as gléasadh balla míchuí a mbeidh
tionóisc, gortú nó damáiste mar thoradh air.
• Is as gloine atá píosaí den táirge déanta. Láimhseáil
go cúramach é chun gortú nó damáiste a sheachaint.
Baol damáiste don teilifís
Sula nascfaidh tú an teilifís leis an asraon cumhachta,
cinntigh go bhfuil an voltas cumhachta ag meaitseáil
an luach atá priontáilte ar chúl na teilifíse. Ná nasc an
teilifís go deo leis an asraon cumhachta má tá voltas
éagsúil ann.
Guaiseanna Cobhsaíochta
D’fhéadfadh teilifíseán titim, agus a bheith ina údar do
ghortú pearsanta nó don bhás. Is féidir go leor
gortuithe, do leanaí go háirithe, a sheachaint trí
ghlacadh le réamhchúraim shimplí cosúil le:
• Cinntigh I gCÓNAÍ nach bhfuil an teilifís tarchrochta
ar imeall an troscáin a bhfuil sí suite air.
• Úsáid I gCÓNAÍ caibinéid nó seastáin nó modhanna
gléasta atá molta ag déantúsóir an teilifíseáin.
• Úsáid I gCÓNAÍ troscán atá in ann tacú go sábháilte
le meáchan an teilifíseáin.
• Cuir oideachas ar leanaí I gCÓNAÍ maidir leis na
contúirtí a bhaineann le bheith ag dreapadh ar
throscán chun dul chomh fada leis an teilifíseán féin
nó le rialuithe an teilifíseáin.
• Socraigh na cordaí agus cáblaí atá nasctha le do
theilifíseán I gCÓNAÍ ar bhealach a fhágann nach
bhféadfaí tuisliú orthu, iad a tharraingt nó a sciobadh.
• NÁ CUIR an teilifíseán GO DEO in áit nach bhfuil
cobhsaí.
• NÁ CUIR an teilifíseán GO DEO ar throscán ard (mar
shampla, cófraí nó leabhragáin) gan an troscán féin
agus an teilifíseán a bheith feistithe go daingean.
• NÁ CUIR an teilifíseán GO DEO ar éadach ná ar
ábhar eile atá idir an teilifíseán agus an troscán a
bhfuil sé ina sheasamh air.
• NÁ CUIR GO DEO rudaí ar bharr an teilifíseáin ná ar
an troscán a bhfuil an teilifíseán air, cosúil le bréagáin
agus cianrialtáin, a d’fhéafadh leanaí a mhealladh dul
ag dreapadh.
Má táthar chun an an teilifíseán atá ann faoi láthair a
chonneáil agus a chur i suíomh éigin eile, tá an
fheidhm chéanna ag an méid thuasluaite.
94