User manual

1
Céard atá nua?
1.1
Baile agus cainéil
An lainseálaí nua Baile
Brúigh HOME ar do chianrialtán chun do scáileán
nua Baile Android a fháil. Is féidir leat an cinneadh a
dhéanamh as seo maidir leis na cláracha a
bhféachfaidh tú orthu trí na roghanna siamsaíochta a
bhrabhsáil ón bhfeidhmchlár agus ó theilifís beo. Tá
cainéil ag do leathanach Baile chun ligint duit teacht
ar inneachar ó na feidhmchláir is ansa leat. Is féidir
leat cainéil bhreise a chur leis an liosta nó
feidhmchláir nua a aimsiú chun tuilleadh inneachair a
fháil.
An cainéal “Seinn an Chéad Cheann eile”
Beidh a fhios agat i gcónaí céard é an chéad chlár eile
ar an gcainéal Seinn an Chéad Cheann eile ar an
scáileán Baile. Tosaigh ag féachaint ón áit ar stop tú
agus faigh fógraí faoi eagráin nua sa chainéal Seinn
an Chéad Cheann eile. Brúigh agus coinnigh síos
Roghnaigh ar scannán nó clár teilifíse chun é a chur
go díreach ar an gcainéal Seinn an Chéad Cheann
eile.
Rochtain a fháil ar shocruithe ón scáileán Baile
Is féidir leat rochtain a fháil ar an roghchlár Gach
Socrútrí an deilbhín sa choirnéal ar thaobh na láimhe
deise. Tá roghchlár na Socruithe minice agus
míreanna coiteanna roghchláir le fáil ar an Roghchlár
Philips TV chomh maith. Is féidir rochtain dhíreach a
fháil orthú ón gcianrialtán.
An barra córais ar an scáileán Baile
Tá na gnéithe seo a leanas ar fáil ar an mbarra Córais
ar bharr an scáileáin Baile:
- Cnaipe Cuardaigh: chun tús a chur le cuardach
Google le hionchur gutha nó téacs.
- Foinse ionchuir: chun liosta na bhfoinsí ionchuir a
lainseáil agus athrú go dtí aon cheann de na
gléasanna nasctha.
- Fógraí: chun teachtaireachtaí a thabhairt duit faoi
do chóras Smart TV.
- Socruithe: chun rochtain a fháil ar roghchlár na
socruithe uile agus socruithe na teilifísed a athrú.
- Clog: chun clog an chórais a thaispeáint.
1.2
Feidhmchláir agus Bailiúchán
Philips TV
Feidhmchláir Ceanáin ar an gcéad ró
Is féidir leat tuilleadh feidhmchlár a fháil ar
leathanach na bhFeidhmchlár ar féidir é a oscailt trí
chliceáil ar an deilbhín Feidhmchláir ar thaobh na
láimhe deise de ró na bhFeidhmchlár. Is féidir leat
freisin tuilleadh feidhmchlár a chur leis an liosta
ceanán ó leathanach na bhFeidhmchlár.
Bailiúchán Philips TV
Tá gach ceann de d’fheidhmchláir phréimhe ar fáil
laistigh den fheidhmchlár Bailiúchán Philips TV. Is
féidir leat é a lainseáil trí úsáid a bhaint as an meirge
ar ró na bhFeidhmchlár. Beidh moltaí d’Fheidhmchláir
nua agus tuilleadh ar an bhfeidhmchlár Bailiúchán
Philips TV.
4