User manual

Socruithe > Gach socrú > Pictiúr > Ardsocruith
e > Gluaisne > Perfect Natural Motion
Déanann Perfect Natural Motion aon ghluaiseacht
géar agus líofa.
Roghnaigh Uasmhéid, Meánmhéid nó Íosmhéid chun
méid an chreatháin gluaisne atá le feiceáil i scannáin
teilifíse a athrú. Roghnaigh Íosmhéid nó As nuair a
bhíonn torann sa scannán atá ar taispeáint.
Tabhair faoi deara: Níl fáil air ach nuair atá stíleanna
Gluaisne socraithe go Pearsanta.
Perfect Clear Motion
Socruithe > Gach socrú > Pictiúr > Ardsocruith
e > Gluaisne > Perfect Clear Motion.
Déanann Perfect Cleaer Motion aon ghluaiseacht mín
agus líofa.
Roghnaigh Uasmhéid, Meánmhéid nó Íosmhéid chun
méid an chreatháin gluaisne atá le feiceáil i scannáin
teilifíse a athrú. Roghnaigh Íosmhéid nó As nuair a
bhíonn torann sa scannán atá ar taispeáint.
Tabhair faoi deara: Níl fáil air ach nuair atá stíleanna
Gluaisne socraithe go Pearsanta.
Glan Íomhá Iarmharach
Má thaispeántar íomha shocair ar feadh tréimhse
fada, d’fhéadfadh an íomha sin fanacht ar an
scáileán. Tá sé seo normálta do phainéal OLED.
Seachain íomhá shochair a thaispeáint ar an scáileán
teilifíse ar feadh tréimhse fada.
Spárálaí scáileáin
Chun an seans go mbeidh íomhánna iarmharacha ar
scáileán na teilifíse a laghdú, truicearfar an Spárálaí
scáileáin (an lógó PHILIPS gluaisteach) ina leithéid de
chúinsí.
- nuair a thaispeántar míreanna roghchláir ar shocrú
statach ar feadh níos mó ná 2 nóiméad.
- nuair a thaispeántar míreanna roghchláir
Feidhmchlár ar shocrú statach ar feadh níos mó ná 2
nóiméad.
- nuair atá Teilithéacs á thaispeáint ar feadh níos mó
ná 2 nóiméad.
Ní thruicearfar an spárálaí scáileáin ina leithéid de
chúinsí.
- athsheinm a chur ar sos ar fhoinse seachtrach (e.g.
HDMI), mar nach bhfuil an teilifís ag taispeáint
míreanna roghchláir ar shocrú statach.
Comhuain is atá an spárálaí scáileáin gníomhach, is
féidir é a dhúnadh trí chnaipe ar bith ar an gcianrialtán
a bhrú. Rithfear gníomhaíochtaí eile sa chúlra, cosúil
le maide USB a chur isteach nó inneachar a theilgean,
ach ní chuirfidh na gníomhaíochtaí sin isteach ar an
spárálaí scáileáin.
Glan íomhá iarmharach
Nuair a thagann tú ar iarmharach íomhá ar an teilifís,
is féidir leat a leithéid de choinneáil íomhá ar an
scáileán a ghlanadh tríd an bhfeidhm seo a
ghníomhachtú.
1 - Roghnaigh Socruithe > Pictiúr agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt..
2 - Roghnaigh Ardsocruithe > Glan íomhá
iarmharach.
3 - Roghnaigh Deimhnigh.
Casfar an teilifís as go dtí go gcríochnófar an
próiseas.
Má tá tú i mbun taifeadta, cuirfear an próiseas ar sos,
agus tosóidh sé arís go dtí go gcríochnófar an
taifeadadh. D’fhéadfadh sé níos mó ná 1 uair a
thógáil.
Má chasann tú an teilifís air i rith an phróisis, stopfar é
agus tosófar arís go huathoibríoch é nuair a chastar
an teilifís go fuireachas níos deireanaí.
Agus é i mbun próiseála, d’fhéadfadh líne bhán a
bheith ar taispeáint ar an scáileán. Tá sé sin normálta
nuair atáthar ag glanadh íomhá atá coinnithe ar an
scáileán.
Formáid Phictiúir
Mura bhfuil an pictiúr ag líonadh an scáileáin ar fad,
má tá barraí dubha ar taispeáint ag barr nó ag bun an
scáileáin nó ar an dá thaobh, is féidir leat an pictiúr a
athrú chun an scáileán a líonadh ar fad.
Chun ceann de na bunsocruithe a roghnú chun an
scáileán a líonadh…
1 - Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse,
roghnaigh Socruithe > Formáid Pictiúir > Líon
Scáileán, Cuir in oiriúint don scáileán, Scáileán
leathan agus Bunaidh agus brúigh OK.
2 - Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun
an roghchlár a dhúnadh.
Líon Scáileán – méadaíonn sé an pictiúr go
huathoibríoch chun an scáileán a líonadh. Is beag
díchumadh pictiúir atá ann agus bíonn na fotheidil le
feiceáil i gcónaí. Níl sé feiliúnach d'ionchur ó
ríomhaire. Tá roinnt inneachair pictiúir foircneach in
ann barraí dubha a thaispeáint i gcónaí. D’fhéadfadh
athrú teacht ar chóimheas treoíochta inneachair an
phictiúir.
Cuir in Oiriúint don Scáileán – zúmálann sé an
pictiúr isteach go huathoibríoch chun an scáileán a
líonadh gan díchumadh. D'fhéadfadh barraí dubha a
bheith le feiceáil. Níl sé feiliúnach d'ionchur ó
ríomhaire.
Scáileán Leathan – déanann sé an pictiúr a zúmáil
go scáileán leathan 16:9 go huathoibríoch.
D’fhéadfadh athrú teacht ar chóimheas treoíochta
inneachair an phictiúir.
54