User manual

Ardsocruithe Fuaime
Rialú Airde Fuaime
Uath-Airde Fuaime
Socruithe > Gach
socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Uath-Airde Fuaime
Roghnaigh DTS TruVolume chun aschur
comhsheasmhach láidir a fháil.
Roghnaigh Mód oíche le haghaidh eispéireas
éisteachta níos compordaí agus níos ciúine.
Delta volume
Socruithe > Gach
socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Delta volume
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun an
luach delta a athrú d’airde fuaime challairí na teilifíse.
*Tabhair faoi deara: Tá Delta volume ar fáil nuair a
shocraítear an fhoinse ionchuir do HDMI nó d’fhoinsí
Analógacha agus nuair a shocraítear an Fhuaim do
Callairí teilifíse nó do Chóras fuaime HDMI.
Socraithe d'Fhuaim Amach
Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe > Fuaim
amach.
Socraigh an teilifís chun an fhuaim a sheinnt ar an
teilifís nó ar an gcóras fuaime nasctha.
Is féidir leat an áit a bhfuil tú ag iarraidh fuaime na
teilifíse a chloisteáil a roghnú, agus an chaoi a bhfuil
uait é a rialú.
• Má roghnaíonn tú Callairí Teilifíse As, casann tú as
callairí na teilifíse go buan.
• Má roghnaíonn tú Callairí teililfíse, beidh callairí
teililfíse air i gcónaí.
Le gléas fuaime nasctha le HDMI CEC,
roghnaigh córas fuaime HDMI. Casfaidh an teilifís as
callairí na teilifíse nuair atá an gléas ag seinnt na
fuaime.
Socruithe Aschuir Dhigitigh
Tá socruithe aschuir dhigitigh ar fáil do chomharthaí
optúla agus HDMI ARC fuaime.
Formáid Fuaime Amach
Socruithe > Gach
socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Formáid
Dhigiteach amach
Socraigh comhartha fuaime amach na teilifíse chun
dul in oiriúint do chumais fuaime an Chóras
Amharclainne Baile nasctha.
Steireó (neamhchomhbhrúite): Mura bhfuil próiseáil
fuaim ilchainéil ag do ghléasanna athsheanma, ná
seol ach ábhar steireó chuig do ghléasanna
athsheanma fuaime.
Ilchainéal: Roghnaigh chun díreach ábhar fuaime
ilchainéil (comhartha fuaime ilchainéil comhbhrúite)
nó ábhar fuaime steireó a aschur chuig do
ghléasanna athsheanma fuaime.
Ilchainéal (seachthreorú): Roghnaigh chun an sruth
giotán bunaidh a sheoladh ó HDMI ARC go dtí an
Córas Fuaime HDMI nasctha.
Dolby Digital Plus: Ná seol ach ábhar Dolby Digital
Plus nó DTS chuig chuig do ghléasanna athsheanma
fuaime nó do Chóras amharclainne baile.
- Cinntigh go dtacaíonn do ghléasanna athsheanma
fuaime Dolby Atmos.
- Díchumasófar aschur SPDIF (DIGITAL AUDIO OUT)
nuair atáthar ag sruthú ábhar Dolby Digital Plus.
Leibhéaladh Digiteach Amach
Socruithe > Gach
socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Leibhéaladh
Digiteach Amach
Athraigh an leibhéal treise ó ghléas atá nasctha le
haschur digiteach fuaime (SPDIF) nó HDMI.
• Roghnaigh Níos mó chun airde fuaime níos treise a
bheith agat.
• Roghnaigh Níos lú chun airde fuaime níos boige a
bheith agat.
Moill Digiteach amach
Socruithe > Gach
socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Moill Digiteach
amach
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans
ann go mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a
mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an
bhfís. Roghnaigh As má tá moill fuaime socraithe ar
do Chóras Amharclainne Baile.
Seach-chur Digiteach amach (Níl fáil air ach amháin
nuair atá Moill Digiteach amach socraithe go Air)
Socruithe > Gach
socrú > Fuaim > Ardsocruithe > Seach-chur
Digiteach amach
Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras
Amharclainne Baile, is féidir leat an teilifís a shocrú
chun an fhuaim a shioncronú. Is féidir leat seach-chur
a shocrú a dhéanann cúiteamh don mhéid ama atá
ag teastáil ón gCóras Amharclainne Baile chun fuaim
56