User manual

24
Ilamharc
24.1
TV agus TV
Is féidir leat féachaint ar an dara clár i scáileán beag le
hIlamharc.
Chun an scáileán Ilamharc a oscailt…
1 - Brúigh Mear-Roghchlár a oscailt.
2 - Roghnaigh Ilamharc, agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Ilamharc: Air ar an scáileán.
Taispeánfar an cainéal a raibh tú ag féachaint air sa
scáileán beag.
Chun an scáileán beag a chur i bhfolach,
roghnaigh Ilamharc: As ar an scáileán.
Coinníollacha
• Ní féidr le Ilamharc ach cainéil dhitigeacha teilifíse a
thaispeáint, ní fáil air i gcás cainéal teilifíse
analógacha.
• Ní féidir leis an scáileán Ilamharc físeán a thaispeáint
in Ultra HD, ní thacaíonn sé ach suas le 1080p (FHD).
• Agus an teilifís i mbun taifeadta nó ar Cuir ar Sos, níl
fáil ar Ilamharc.
• Chun Ilamharc a úsáid le tiúnóirí teilifíse satailíte, ní
mór duit an 2 thiúnóir satailíte SAT 1 agus SAT 2 a
nascadh le do mhias satailíte.
• Níl Ilamharc ar fáil má tá CAM ag teastáil ón dá
chainéal teilifíse chun iad a dhíchódú.
Féach ar an tábla thíos le haghaidh eolas faoi fháil ar
Ilamharc.
Ilamharc (TV agus TV)
* Chun tuilleadh eolais a fháil faoin socrú dhá thiúnóir,
féach ar an gcaibidil “Ilamharc agus taifeadadh le dhá
tiúnóir”.
24.2
HDMI agus teilifís
Is féidir leat féachaint ar chainéal teilifíse i scáileán
beag Ilamharc nuair atá tú ag féachaint ar fhíseán ó
ghléas HDMI nasctha.
Chun féachaint ar chainéal teilifíse agus tú ag
féachaint ar fhíseán ó ghléas HDMI nasctha*…
1 - Brúigh Mear-Roghchlár a oscailt.
2 - Roghnaigh Ilamharc, agus brúigh OK.
3 - Roghnaigh Ilamharc: Air ar an scáileán.
Taispeánfar an cainéal a raibh tú ag féachaint air sa
scáileán beag.
Chun an scáileán beag a chur i bhfolach,
roghnaigh Ilamharc: As ar an scáileán.
* Ní féidir leat ach féachaint ar íomhá an chainéil
teilifíse i mód Ilamhairc. Ní bheidh fuaim an chainéil
teilifíse le cloisteáil.
81