User manual

27.4
Cabhair Ar Líne
Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne
chun aon fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a
réiteach. Is féidir leat do theanga a roghnú agus
uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport
Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil
linn i do thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta,
chomh maith le freagraí do cheisteanna coitianta
(CCanna). Is féidir leat dul i mbun comhrá le duine dár
gcomhoibrithe i roinnt tíortha agus do cheist a chur go
díreach nó ceist a sheoladh trí ríomhphost.
Is féidir leat bogearraí nua teilifíse a íoslódáil, nó an
treoir úsáideora chun í a léamh ar do ríomhaire.
27.5
Tacaíocht agus Athdheisiú
Is féidir leat glaoch ar an mbeolíne Chúram
Custaiméirí i do thír chun tacaíocht nó athdheisiú a
fháil. Déanfaidh ár n-innealltóirí seirbhíse athdheisiú,
más gá.
Aimsigh an uimhir teileafóin ar an doiciméadúchán
priontáilte a tháinig leis an teilifís.
Nó tabhair cuairt ar ár láithreán gréasáin
www.philips.com/TVsupport agus roghnaigh do thír
má gá.
Uimhir mhúnla agus sriathuimhir na teilifíse
D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort uimhir mhúnla an
táirge teilifíse agus an tsraithuimhir a thabhairt.
Aimsigh na huimhreacha seo ar an lipéad pacáistithe
nó ar an lipéad cineáil ar chúl nó ar bhun na teilifíse.
Rabhadh
Ná triail an teilifís a athdheisiú tú féin. D'fhéadfá tú
féin a ghortú go dona, damáiste nach féidr é a
leigheas a dhéanamh do do theilifís nó do bharánta a
chur ar ceal.
91