Cláraigh do tháirge agus faigh tacaíocht ag www.philips.
Clár Ábhar 1 2 3 4 5 GA Tábhachtach 3 Sábháilteacht Cúram Dlíthiúil Inbhuanaitheacht Cabhair agus tacaíocht 3 5 6 7 9 Úsáid do theilifíseán 10 Rialuithe teilifíseáin Féach ar teilifís Féach eolaire na gclár Féach ar 3D Seinn comhaid ilmheáin 10 12 15 16 17 Do theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid 20 Pause TV Seónna teilifíse a thaifeadadh Cluichí a imirt Féach ar Teilithéacs Socraigh glais agus amadóirí 20 21 24 25 26 Athraigh do shocruithe teilifíse 28 Pictiúr agus fuaim Cainéil
Sábháilteacht Réamhchúraimí Léigh agus bí cinnte go dtuigeann tú gach treoir sula n-úsáideann tú do theilifíseán. Má dhéantar damáiste toisc nach leantar na treoracha, ní bheidh feidhm leis an mbaránta. Riosca turrainge leictrí nó dóiteáin! Ná nocht an teilifíseán riamh do bháisteach ná d'uisce. Ná cuir gabhdán ina bhfuil leacht, vása mar shampla, in aice an teilifíseáin riamh. Má dhoirtear leacht ar an teilifíseán nó isteach ann, dícheangal an teilifíseán láithreach den asraon cumhachta.
Riosca gortaithe do leanaí! Déan na réamhchúraimí seo ionas nach dtitfidh an teilifíseán, rud a d'fhéadfadh gortú a dhéanamh do leanbh: Ná cuir an teilifíseán riamh ar dhromchla ar a bhfuil éadach nó ábhar eile a d'fhéadfaí a tharraingt. Bí cinnte nach mbíonn aon chuid den teilifíseán ag gobadh amach ón dromchla. Ná cuir teilifíseán riamh ar mhír ard troscáin, ar nós leabhragáin, gan an mhír troscáin agus an teilifís araon a dhaingniú den bhall nó de thaca oiriúnach.
Scáileán Riosca damáiste do scáileán an teilifíseáin! Ná buail, brúigh ná cuimil an scáileán le rud ar bith. Díphlugáil an teilifíseán sula nglanann tú é. Glan an teilifíseán agus an fráma le héadach bog tais agus cuimil go séimh é. Ná húsáid alcól, ceimiceán ná glantóir teaghlaigh riamh ar an teilifíseán. Cuimil braonta uisce de a luaithe is féidir, chun dífhoirmiú agus tréigean datha a sheachaint. Seachain íomhánna seasmhacha a mhéad is féidir.
Dlíthiúil Fógra 2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach ceart ar cosaint. D'fhéadfadh sonraíochtaí athrú gan fógra a bheith tugtha. Maoin de chuid Koninklijke Philips Electronics N.V. nó a n-úinéirí faoi seach is ea trádmharcanna. Coimeádann TP Vision Netherlands B.V. aige féin an ceart táirgí a athrú uair ar bith gan bheith faoi oibleagáid soláthairtí níos luaithe a choigeartú dá réir. Creidtear gur leor an t-ábhar sa lámhleabhar seo chun an córas a úsáid mar atá ceaptha.
Gheofar sa táirge seo bogearraí a cheadúnaítear faoi cheadúnas foinse oscailte. Chun aitheantais agus téacsanna ceadúnais a fháil, féach, le do thoil, i lámhleabhar úsáideora an intáirge leictreonaigh. Leis seo tairgeann TP Vision Netherlands B.V. cóip den chód foinse comhfhreagrach iomlán maidir leis na pacáistí bogearraí foinse oscailte faoi chóipcheart a úsáideadh sa táirge seo a sheachadadh, ar iarratas, i gcás go n-iarrtar a leithéid faoi na ceadúnais faoi seach.
GA Scáileán as: Mura dteastaíonn uait ach éisteacht le fuaim ón teilifís, is féidir an taispeáint teilifíse a athrú. Oibreoidh na feidhmeanna eile mar is gnáth. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh [Scáileán as]. Braiteoir solais: Nuair a dhorchaíonn an solas mórthimpeall, íslíonn an braiteoir solais timpeallaigh gile an scáileáin teilifíse.
Cuardaigh an fóram teilifíse Insíonn an Lipéad Eorpach Fuinnimh duit cad é aicme tíosachta ar fhuinneamh an táirge. Dá ghlaise an aicme tíosachta ar fhuinneamh, is lú an méid fuinnimh a ídíonn sé. Ar an lipéad feicfidh tú an aicme tíosach ar fhuinneamh, meánídiú cumhacht an táirge in úsáid agus an meánídiú fuinnimh i gcaitheamh bliana. Gheobhaidh tú luachanna ídithe cumhachta an táirge ar shuíomh Gréasáin Philips do thíre ag www.philips.com/TV.
2 Úsáid do theilifíseán Braiteoirí agus táscairí Rialuithe teilifíseáin Rialuithe cúil Le haghaidh PFL4xx8 1. Braiteoir cianrialaithe Dírigh an cianrialtán ar an mbraiteoir. Bí cinnte nach bhfuil aon rud sa bhealach ar an líne amhairc idir an cianrialtán agus an teilifíseán. 1. (Fuireachas): Cuir an teilifíseán ann nó as. 2. CH +/-: Athraigh go dtí an chéad chainéal eile nó an cainéal roimhe. 3. (SOURCE): Féach ar ghléas ceangailte. 4. +/- (Airde): Méadaigh nó laghdaigh an airde. Le haghaidh PFL3xx8 1.
Gaeilge Cianrialú 1. (Fuireachas): Cuir an teilifíseán ann nó ar fuireachas. 2. Cnaipí seanma: Rialaigh athsheinm na gcomhad ilmheáin. 3. SOURCE: Féach ar ghléas ceangailte. 4. TREOIR: Féach eolaire na gclár. 5. TV: Féach ar teilifís. 6. (Baile): Téigh chuig an roghchlár Baile. 7. OK: Deimhnigh iontráil nó rogha. 8. (Cnaipí nascleanúna): Déan nascleanúint trí roghchláir agus roghnaigh míreanna. 13. (Siar): Chun filleadh ar an leathanach roghchláir roimhe nó éalú as feidhm theilifíse. 14.
Cianrialú scáileáin Slí eile le gléasanna cumasaithe ceangailte HDMI-CEC a rialú ná trí chnaipí eile a gheofar ar an gcianrialú scáileáin. Bí cinnte go gcuirtear EasyLink ann tar éis ceangal. Léigh tuilleadh mar gheall ar Easylink i Ceangail do theilifís > Cumraigh gléasanna Easylink > Rialaigh gléasanna (Lch 49). Chun teacht ar an gcianrialú scáileáin 1. Agus tú ag féachaint ar ghléas ceangailte, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Taispeáin cianrialú], ansin brúigh OK. 3.
1. Brúigh LIST, ansin brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Liosta] > [Ceanáin] chun cainéil i liosta na gceanán a thaispeáint. 3. Brúigh OK mar dheimhniú. Athraigh cainéil teilifíse Nuair a bheidh na cainéil suiteáilte, beidh tú ábalta: Cainéil a scagadh. Athrú idir cainéal aeróige agus cainéal cábla. Cainéil a athainmniú. Cainéil a chur in ord nua. Cainéal a ghlasáil. Éisteacht le raidió digiteach. Cainéil a scagadh 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST. 2.
Cainéil a athainmniú Nuair a roghnaíonn tú cainéal, tagann ainm an chainéil sin aníos. Is féidir an t-ainm sin a athrú. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST. Taispeántar an liosta cainéal. 2. Roghnaigh cainéal le hathainmniú, ansin roghnaigh OPTIONS. 3. Roghnaigh [Athainmnigh], ansin brúigh OK. Taispeántar an méarchlár scáileáin. 4. Brúigh na Cnaipí treoleanúna chun gach carachtar a roghnú, ansin brúigh OK. 5. A luaithe a bhíonn sé déanta, roghnaigh [Déanta], ansin brúigh OK mar dheimhniú.
[Caighdeánach]: Réamhshocruithe a oireann do gach timpeallacht agus do gach cineál físeáin, nach mór. [Scannán]: Socruithe a oireann do scannáin. [Grianghraf]: Socruithe a oireann do ghrianghraif. [Tíosach ar fhuinneamh]: Na socruithe is mó a chaomhnaíonn fuinneamh. Roghnaigh do rogha socruithe fuaime 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl fuaime], ansin brúigh OK. 3.
Saincheap treoir clár an chraoltóra Is féidir an t-eolas ar taispeáint a shaincheapadh chun: Meabhrúchán a thabhairt duit go bhfuil clár ar tí tosú. Cainéil roghnaithe amháin a thaispeáint. An lá taispeána a athrú. Taifeadtaí clár a sceidealadh. Féach Bain níos mó úsáide as do theilifíseán > Taifead seónna teilifíse > Sceideal taifeadtaí (Lch 22). Nóta: Braithfidh na roghanna ar an eolas clár atá ar fáil ón gcraoltóir. 1. Sa treoir clár, brúigh OPTIONS. 2.
Roghnaigh formáid ionchuir 3D Braitheann an teilifíseán é nuair a bhíonn 3D ar fáil agus iarrann ort sé do spéaclaí 3D a chur ort sula bhféachann tú air. Murar féidir leis an teilifíseán an comhartha 3D a bhrath toisc clibín comhartha 3D a bheith ar iarraidh, taispeánann sé an íomhánna a bhfuil forluí eatarthu. Chun athrú ó íomhánna forluiteacha go 3D, athraigh an fhormáid 3D. 1. Brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Socruithe 3D]. 3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK.
Roghanna seanma Féach ar fhíseán 1. Roghnaigh sa bharra uachtarach. 2. Roghnaigh físeán, ansin brúigh OK. 3. Roghnach: Chun gach físeán i bhfillteán a sheinm, roghnaigh físeán, ansin roghnaigh [Seinn gach ceann]. Chun dul go dtí an chéad fhíseán eile nó an físeán deireanach, brúigh CH+ nó CH-. Brúigh OK chun an físeán a chur ar sos. Brúigh OK arís chun an tseinm a atosú. Chun dul ar aghaidh nó siar 10 soicind, brúigh nó . Chun cuardach ar aghaidh nó siar, brúigh nó .
Chun an taispeántas sleamhnán a stopadh nó an grianghraf a dhúnadh, brúigh LIST nó . Roghanna taispeántas sleamhnán Agus seó sleamhnán á sheinm agat, brúigh OPTIONS, ansin brúigh OK chun rogha a roghnú: [Suaitheadh as] / [Suaitheadh ann]: Cumasaigh nó díchumasaigh pictiúir i dtaispeántas sleamhnán a thaispeáint go randamach. [Athsheinn]: Roghnaigh [Athsheinn] chun féachaint ar sheó sleamhnán arís agus arís eile nó [Seinn uair amháin] chun féachaint air uair amháin.
3 Do theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid Pause TV An méid is féidir leat a dhéanamh Agus tú ag féachaint ar chainéal digiteach, is féidir clár a chur ar sos chun glao gutháin a fhreagairt nó sos a thógáil. Déantar an craoladh a stóráil ar thiomántán USB atá ceangailte den teilifíseán. Is féidir an clár a atosú ón áit sin uair ar bith. Nóta: Is féidir clár a chur ar sos go ceann 90 nóiméad ar a mhéad. Baineann formáidiú gach sonra den tiomántán crua USB ceangailte.
Craoladh beo teilifíse a chur ar sos Clár teilifíse a chur á thaifeadadh. Athrú go cainéal eile. An foinse a athrú chun féachaint ar inneachar ó ghléas ceangailte - seinnteoir dioscaí Blu-ray nó glacadóir digiteach. Seónna teilifíse a thaifeadadh An méid is féidir leat a dhéanamh Más féidir le do theilifíseán treoracha clár a fháil, beidh tú ábalta cláir theilifíse a thaifeadadh ar thiomántán crua USB. Is féidir idir chláir theilifíse chraolta agus chláir nár craoladh fós a thaifeadadh.
Rabhadh: Ní bheidh TP Vision freagrach mura dtacaítear leis an tiomántán crua USB, nó má chailltear sonraí sa ghléas, nó má dhéantar damáiste dó. Baineann formáidiú gach sonra den tiomántán crua USB ceangailte. Déanfar an tiomántán crua USB a fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán seo. Bíodh sé ceangailte den teilifíseán an t-am ar fad. Ní féidir teacht ar inneachar an tiomántáin chrua USB ó theilifíseán eile ná ó PC. Ná déan an port USB a ró-ualú.
Nóta: Má sceidealann tú taifeadtaí a dhéanamh fad a bheidh tú as baile, bí cinnte an teilifíseán a fhágáil ar fuireachas agus an tiomántán crua USB a bheith air. Déan taifeadadh cláir theilifíse a sceidealadh Is féidir taifeadadh de chlár nár craoladh fós a sceidealadh ach an clár a bheith le craoladh laistigh d'ocht lá ó inniu. Is féidir taifeadadh amaithe a sceidealadh leis, gan an taifeadadh a bheith nasctha le clár ar bith, mura bhfuil na sonraí cláir ar fáil. 1.
Cluichí a imirt An méid is féidir leat a dhéanamh Ar an teilifíseán seo, is féidir leat cluichí rialta nó cluichí dhá imreora* a imirt, i scáileán iomlán le socruithe barrfheabhsaithe do chluichí. Le haghaidh PFL43x8 amháin An méid a bheidh uait Ceangail do chonsól cluichí den teilifíseán seo. Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail gléasanna > Consól cluichí (Lch 42).
Roghnaigh leathanach Agus tú ag féachaint ar chainéil a chraolann teilithéacs, is féidir leat féachaint ar theilithéacs. 1. Roghnaigh cainéal a chraolann teilithéacs, ansin brúigh TEXT. 2. Roghnaigh leathanach ar cheann de na slite seo: Cuir isteach uimhir leathanaigh leis na Cnaipí uimhriúla. Brúigh CH + / CH - chun dul go dtí an chéad an leathanach eile nó siar go dtí an leathanach roimhe. Brúigh na Cnaipí datha chun mír a bhfuil cód datha air a roghnú. Roghanna teilithéacs 1.
Teilithéacs digiteach Má thairgeann cainéal teilifíse digití téacs digiteach tiomnaithe nó seirbhísí idirghníomhacha, is féidir féachaint ar theilithéacs digiteach. D'fhéadfadh teilithéacs digiteach agus breis gnéithe idirghníomhacha a bheith ag cainéil ar nós BBC1. Nóta: Déantar seirbhísí téacs digitigh a bhlocáil nuair a bhíonn fotheidil á gcraoladh agus nuair a bhíonn siad curtha ann. Féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe teanga > Fotheidil ar chainéil dhigiteacha (Lch 34).
Chun leanaí a chosaint ar chláir neamhoiriúnacha theilifíse, is féidir an teilifís a ghlasáil nó cláir aoisrátáilte a bhlocáil. Socraigh nó athraigh an cód glais linbh 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe cainéil] or [Socruithe satailíte] > [Glas linbh]. 3. Roghnaigh [Socraigh cód] or [Athraigh cód]. 4. Cuir isteach an cód leis na Cnaipí uimhriúla. Leid: Má théann tú chuig na cainéil ón liosta cainéal, iarrtar ort do chód glais a chur isteach.
4 Athraigh do shocruithe teilifíse [Pixel Plus] / [Digital Crystal Clear]: Barrfheabhsaigh gach picteilín chun go mbeidh sé ar aon dul leis na picteilíní mórthimpeall air chun íomhá ghléigeal ardghléine a sholáthar. -[Ardghéire]: Cumasaigh géire ardchaighdeáin, go háirithe ar línte agus ar imlínte sa phictiúr - [Codarsnacht dhinimiciúil]: Feabhsaigh go dinimiciúil sonraí na n-áiteanna dorcha, meánach agus geala sa phictiúr.
[Cluiche nó ríomhaire]: Agus tú ag féachaint ar inneachar ó chonsól cluichí ceangailte, roghnaigh [Cluiche] chun socruithe cluiche a fheidhmiú. Nuair a bhíonn ríomhaire ceangailte trí HDMI, roghnaigh [Ríomhaire]. Bí cinnte go roghnaítear [Formáid agus ciumhaiseanna] > [Formáid phictiúir] > [Neamhscálaithe] chun an méid sonraí is féidir a fheiceáil. [Formáid agus ciumhaiseanna]: Téigh chuig ardsocruithe chun formáid taispeána an phictiúir a rialú. - [Formáid phictiúir]: Athraigh formáid pictiúir.
1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe cainéil] or [Socruithe satailíte] > [Teangacha] > [Formáid chluaise roghnaithe]. 3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK. [Caighdeánach]: Glac formáid chaighdeánach fuaime (MPEG). [Ardfhorbartha]: Glac ardfhormáidí closáin, má tá siad ar fáil (AAC, Dolby Digital, nó Dolby Digital Plus). Athshocraigh pictiúr agus fuaim Is féidir leat réamhshocruithe pictiúir agus fuaime a athchuir, agus socruithe suiteála an chainéil a choimeád mar a bhí siad. 1.
Nóta: Mura bhfuil glacadh maith agat, athshuigh d'aeróga agus bain triail as arís. Suiteáil cainéil dhigiteacha Más eol duit minicíocht na gcainéal is mian leat a shuiteáil, is féidir cainéil dhigiteacha a chuardach agus a stóráil ina gceann agus ina gceann. Is fearr, de ghnáth, glao a chur ar an soláthraí seirbhíse. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe cainéil] > [Suiteáil cainéil]. 3. Roghnaigh [Digiteach: Triail ghlacachta] > [Cuardaigh cainéal], ansin brúigh OK. 4.
An méid a bheidh uait Dhá cheann de theilifíseáin Philips a bhfuil na rudaí seo a leanas acu: An socrú céanna tíre An raon bliana céanna An cineál DVB céanna, mar a thaispeántar leis an réimír (H, K, T, D/00) in ainm an mhúnla Na socruithe céanna do chainéil satailíte, lena n-áirítear líon na satailítí LNB. Na cineálacha crua-earraí céanna, mar a thaispeántar sa ghreamán ar chúl an teilifíseáin. Mar shampla: TPM10.1E LA.
An méid is féidir leat a dhéanamh Is féidir leis an teilifíseán seo comharthaí a fháil ó ceithre cinn de thiontairí íseal-torainn blocáil síos (LNBanna). Suitear LNB ar cheann cuaille aeróg na méise, agus gabhann sé comharthaí ó shatailít. Nóta: Ní fhaigheann ach múnlaí áirithe glacadh satailíte. [Cuardaigh satailít] seirbhís í seo do theilifíseáin a thacaíonn le DVB-S. Chun cainéil satailíte a ghlacadh, ceangail glacadóir satailíte den nascóir SAT ar do theilifíseán.
Bain satailít 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardaigh satailít] > [Bain satailít], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh na satailítí is mian leat a bhaint, ansin roghnaigh [Bain] agus brúigh OK. Fotheidil ar chainéil analógacha Socruithe teanga Fotheidil ar chainéil dhigiteacha Teanga roghchláir 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Teanga roghchláir]. 3. Roghnaigh teanga roghchláir ón liosta, ansin brúigh OK.
Socraigh aiseolas cluaise Is féidir an teilifíseán a shocrú chun bíp a sheinm, ach cnaipe ar an gcianrialtán nó ar an teilifíseán a bhrú. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Rochtain uilíoch] > [Bíb eochrach] > [Ann], ansin brúigh OK. Rochtain don lucht lagéisteachta Chun bheith cinnte go bhfuil teanga fuaime ar fáil don lucht lagéisteachta, brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Teanga fuaime].
[Tuairisciúil]: Éist le caint thuairisciúil sa chlosán don lucht lagradhairc. [Fotheidil]: Éist le fotheidil sa chlosán don lucht lagradhairc. Socruithe eile Físeán taispeána teilifíse Is féidir féachaint ar fhíseán taispeána chun tuilleadh a fháil amach faoi na gnéithe ar an teilifíseán seo. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Féach ar fhíseáin taispeána], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh físeán taispeána, ansin brúigh OK.
Lean na treoracha ar an scáileán. Mura dtugann tú na bogearraí teilifíse chun dáta nuair a fhaightear an nuashonrú, iarrtar ort an comhad nuashonraithe a shábháil. Chun na bogearraí a nuashonrú níos déanaí: 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe bogearraí] > [Nuashonruithe áitiúla]. 3. Roghnaigh an comhad a d'íoslódáil tú agus lean na treoracha ar an scáileán chun an nuashonrú a chríochnú.
5 Ceangail do theilifíseán Mar gheall ar cháblaí Cáilíocht na gcáblaí Sula gceanglaíonn tú gléasanna den teilifís, féach cad iad na nascóirí atá ar fáil ar an ngléas. Ceangail an gléas den teilifís leis an nascóir is fearr dá bhfuil ar fáil. Is fearr mar a aistrítear pictiúr agus fuaim ar nascóirí ardchaighdeán. Moltaí amháin atá sna nascóirí a thaispeántar sa lámhleabhar úsáideora seo. D'fhéadfadh réitigh eile a bheith ar fáil. Feicfear samplaí eile ar http://www.connectivityguide.philips.com.
Gaeilge Ceangail an aeróg Ceangail an aeróg den teilifís. Nasc gléasanna Seinnteoir diosca Blu-ray nó DVD Ceangail an seinnteoir diosca den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an seinnteoir diosca den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Glacadóir teilifíse Ceangail an satailít* nó an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla aeróige. *Le haghaidh múnlaí áirithe amháin. Ceangail an satailít nó an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Gaeilge Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla SCART. Fístaifeadán Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla aeróige. Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla HDMI.
Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla SCART. Consól cluichí Ceangail an consól cluichí den teilifís le cábla HDMI.
Gaeilge Ceangail an consól cluichí den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Córas amharclainne baile Ceangail amharclann bhaile HDMI-ARC-chomhlíontach den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla HDMI agus cábla fuaime comhaiseach.
Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla SCART. Ceamara digiteach Ceangail an ceamara digiteach den teilifís le cábla USB.
Ceamthaifeadán digiteach Gaeilge Ceangail an ceamthaifeadán digiteach den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an ceamthaifeadán digiteach den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Ceangail gléasanna eile Gléas stórála USB Ceangail an mhearóg USB den teilifís le cábla USB. Ceangail an tiomántán crua USB den teilifís le cábla USB. Ríomhaire Ceangail an ríomhaire den teilifís le cábla HDMI.
Gaeilge Ceangail an ríomhaire den teilifís le cábla DVI-HDMI agus cábla fuaime. Féach ar ghléasanna ceangailte Roghnaigh gléas Ní mór an gléas a cheangal den teilifís sular féidir féachaint air. Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail gléasanna (Lch 39). Roghnaigh gléas le SOURCE 1. Brúigh SOURCE. 2. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK. Roghnaigh gléas ón roghchlár Baile 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Foinse], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK.
Seinm aon iarrachta Nuair a sheinneann tú gléas HDMI-CEC-chomhlíontach, tagann an teilifís air ó bheith ar fuireachas agus athraíonn sé go dtí an fhoinse cheart. Fuireachas aon iarrachta Nuair a bhrúnn tú ar chianrialtán na teilifíse, athraíonn an teilifís agus gach gléas HDMI-CEC-chomhlíontach go mód fuireachais. Múch gléasanna díomhaoine go huathoibríoch Má bhí gléas HDMI-CEC-chomhlíontach díomhaoin ar feadh píosa fada, athraíonn sé go mód fuireachais.
Múch gléasanna nasctha Is féidir an teilifís a shocrú, leis, chun gléasanna HDMI-CEC-chomhlíontacha ceangailte a mhúchadh, murab iad an fhoinse ghníomhach. Athraíonn an teilifíse go mód fuireachais tar éis bheith díomhaoin ar feadh 10 nóiméad. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [EasyLink]. 3. Roghnaigh [Uathmhúch gléasanna] > [Ann], ansin brúigh OK.
Coimeád caighdeán an phictiúir An méid a bheidh uait Má tá tionchar ag gnéithe próiseála pictiúir ar ghléasanna eile ar chaighdeán do phictiúir theilifíse, is féidir Pixel Plus Link a chur air. Cuir Pixel Plus Link air 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [EasyLink]. 3. Roghnaigh [nasc Pixel Plus] > [On], ansin brúigh OK. Rabhadh: Chun do CAM a chosaint ar dhamáiste, cuir isteach an CAM faoi mar a deirtear leat é.
Fadhbanna ginearálta Ní féidir an teilifíseán a chur ann: Dícheangal an cábla cumhachta den asraon cumhachta. Fan nóiméad amháin sula n-athcheanglaíonn tú é. Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta ceangailte go daingean. Agus an teilifíseán á chur ann agat, nó á mhúchadh nó á chur ar fuireachas, cloiseann tú fuaim dhíoscach ó fhonnadh an teilifíseáin: Ní gá rud ar bith a dhéanamh. Toradh is ea an torann díoscach ar ghnáthleathnú agus gnáthchrapadh an teilifíseáin de réir mar a éiríonn sé te agus fuar.
Fadhbanna cainéil Teastaíonn uait cainéil teilifíse a shuiteáil: Féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Suiteáil uathoibríoch (Lch 30) chun treoracha a fháil ar conas cainéil analógacha nó digiteacha a shuiteáil. Más mian leat cainéil teilifíse satailíte a shuiteáil, féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe satailíte (Lch 33).
Fadhbanna fuaime Tá pictiúr ann ach níl aon fhuaim ag teacht ón teilifíseán: Mura mbraitear comhartha fuaime, múchann an teilifíseán an t-aschur fuaime as a stuaim féin — ní chiallaíonn sin go bhfuil mífheidhm ann. Bí cinnte go bhfuil gach cábla ceangailte i gceart. Bí cinnte nach bhfuil an fhuaim balbhaithe nó socraithe ag nialas. Bí cinnte gur roghnaíodh socrú na gcallairí teilifíse. Brúigh OPTIONS, roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Callairí], agus ansin roghnaigh [Teilifís].
Déan teagmháil le Philips Rabhadh: Ná déan iarracht an teilifíseán a dheisiú tú féin. D'fhéadfá tú féin a ghortú go dona agus damáiste nach féidir a dheisiú a dhéanamh don teilifíseán nó do bharánta a chur ar neamhní. Murar féidir leat an fhadhb a réiteach, féach na ceisteanna coitianta (CC) don teilifíseán seo ag www.philips.com/support. Is féidir pobal teilifíse Philips a cheadú chomh maith agus rannchuidiú leis ag www.supportforum.philips.com.
Cumhacht agus glacadh D'fhéadfadh sonraíochtaí táirge athrú gan fógra a bheith tugtha. Cumhacht Príomhchumhacht: AC 220-240V (50-60Hz) Ídiú cumhachta fuireachais: < 0.3 W Teocht timpeallach: 5 go 40 céim Celsius Gheofar an t-ídiú cumhachta ar na sonraíochtaí táirge ag www.philips.com/support. Taispeánann an rátáil cumhachta atá tugtha ar chineálphláta an táirge an méid cumhachta a ídíonn an táirge seo le linn ghnáthúsáid teaghlaigh (IEC 62087 Ed.2).
Formáidí físe (Taifeach - ráta athnuachana) 480i - 60 Hz 480p - 60 Hz 576i - 50 Hz 576p - 50 Hz 720p - 50Hz, 60 Hz 1080i - 50Hz, 60 Hz 1080p - 24Hz, 25Hz, 30Hz, 50Hz, 60 Hz Ilmheáin Ceangail ilmheáin a dtacaítear leo Nóta: Ní mhór do chomhaid ilmheáin bheith faoi bhun 128 carachtar. Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo GA 56 USB: Ná ceangail ach na gléasanna USB sin a ídíonn 500mA cumhachta nó níos lú.
Gaeilge Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo GA 57
Formáidí fuaime a dtacaítear leo Formáidí fuaime a dtacaítear leo Formáidí fotheidil a dtacaítear leo Ionchódú carachtar Windows-1250 (CP-1250): Laidin Lár na hEorpa agus Oirthear na hEorpa (An tSeicis, an Ungáiris, an Pholainnis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Chróitis, an Rómáinis, an tSeirbis) Windows-1251 (CP-1251): Coireallach Windows-1252 (CP-1252): Laidin Iarthar na hEorpa Windows-1253 (CP-1253): Gréigis Windows-1254 (CP-1254): Tuircis UTF-8: Ionchódú carachtair ilbheart le haghaidh U
AERÓG TEILIFÍSE: 75 ohm comhaiseach (IEC) SCART (RGB/CVBS): cuibheoir SCART SAT: Satailít F-pionna (i gcomhair múnlaí áirithe) Gaeilge Taobh CI: Comhéadan Coitianta HDMI USB Cluasáin: mionseac steiréó 3.
8 Innéacs cainéil dhigiteacha, fotheidil 34 cainéil dhigiteacha, suiteáil 31 3 cainéil roghnaithe, liosta 13 cainéil, athainmnigh 13 cainéil, athraigh 13 cainéil, athshuiteáil 37 cainéil, ceanáin 13 cainéil, folaigh nó dífholaigh 13 cainéil, lógó 13 cainéil, mioncheartaigh (analóg) 31 cainéil, sórtáil 13 cainéil, suiteáil (analógach) 30 cainéil, suiteáil (digiteach) 31 cainéil, suiteáil (satailít) 33 cainéil, suiteáil (uathoibríoch) 30 cainéil, tabhair chun dáta 31 Callairí
50 consól cluichí, ceangail 42 cuir an teilifís ann, as 12 cúntóir socruithe 28 cúram scáileáin 5 D déan teagmháil le Philips 9 diosca crua seachtrach 46 DivX VOD 19 H HDMI 38 HDMI ARC 38 I ilmheáin, formáidí a dtacaítear leo 56 ilmheáin, roghanna seanma 18 ilmheáin, seinn comhaid 17 inbhuanaitheacht 7 L E LED fuireachais 10 Lipéad fuinnimh 9 EasyLink 47 EasyLink, callairí teilifíse 49 EasyLink, cianrialtán 48 M EasyLink, cumasaigh 48 mód baile 36 EasyLink, gnéith
rochtain don lucht lagradhairc 35 taifeadtaí, féach ar 23 rochtain uilíoch, an lucht lagéisteachta 35 taifeadtaí, sceideal 22 rochtain uilíoch, an lucht lagradhairc 35 taifeadtaí, scrios 23 rochtain uilíoch, cumasaigh 34 taispeáin sonraíochtaí 55 taispeáin taifigh 55 teanga fuaime 34 3 teanga, fotheidil 34 satailít, cuir satailít leis nó bain satailít 33 teanga, roghchlár 34 satailít, socruithe 33 teilethéacs 2.
Maoin de chuid a n-úinéirí faoi seach is ea gach trádmharc cláraithe agus neamhchláraithe. D'fhéadfadh sonraíochtaí athrú gan fógra a bheith tugtha. Trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke Philips Electronics N.V. is ea Philips agus suaitheantas scéithe Philips, agus úsáidtear iad faoi cheadúnas ó Koninklijke Philips Electronics N.V. 2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach ceart ar cosaint. www.philips.