Cláraigh do tháirge agus faigh tacaíocht ag www.philips.
Clár Ábhar 1 2 3 4 5 GA Tábhachtach 3 Sábháilteacht Cúram Dlíthiúil Inbhuanaitheacht Cabhair agus tacaíocht 3 4 5 7 9 6 Úsáid do theilifíseán 10 Rialuithe teilifíseáin Féach ar teilifís Féach eolaire na gclár Féach ar 3D Seinn comhaid ilmheáin Smart TV Teilifís idirghníomhach 7 Do theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid 10 12 15 16 18 21 23 24 8 Teilifís ar sos Seónna teilifíse a thaifeadadh Bain úsáid as Skype™ Cluichí a imirt Féach ar Teilithéacs Socraigh glais agus amadóirí 24
Sábháilteacht Réamhchúraimí Léigh agus bí cinnte go dtuigeann tú gach treoir sula n-úsáideann tú do theilifíseán. Má dhéantar damáiste toisc nach leantar na treoracha, ní bheidh feidhm leis an mbaránta. Riosca turrainge leictrí nó dóiteáin! • Ná nocht an teilifíseán riamh do bháisteach ná d'uisce. Ná cuir gabhdán ina bhfuil leacht, vása mar shampla, in aice an teilifíseáin riamh. Má dhoirtear leacht ar an teilifíseán nó isteach ann, dícheangal an teilifíseán láithreach den asraon cumhachta.
Riosca gortaithe do leanaí! Déan na réamhchúraimí seo ionas nach dtitfidh an teilifíseán, rud a d'fhéadfadh gortú a dhéanamh do leanbh: • Ná cuir an teilifíseán riamh ar dhromchla ar a bhfuil éadach nó ábhar eile a d'fhéadfaí a tharraingt. • Bí cinnte nach mbíonn aon chuid den teilifíseán ag gobadh amach ón dromchla. • Ná cuir teilifíseán riamh ar mhír ard troscáin, ar nós leabhragáin, gan an mhír troscáin agus an teilifís araon a dhaingniú den bhall nó de thaca oiriúnach.
• Cuimil braonta uisce de a luaithe is féidir, chun dífhoirmiú agus tréigean datha a sheachaint. Seachain íomhánna seasmhacha a mhéad is féidir. Íomhánna is ea íomhánna seasmhacha a fhanann ar an scáileán ar feadh tamaill fhada. Áirítear orthu roghchláir scáileáin, barraí dubha, taispeáintí ama, srl. Más gá íomhá seasmhach a úsáid, laghdaigh codarsnacht agus gile an scáileáin chun damáiste don scáileán a sheachaint. Glasáil an teilifíseán Tá slota slándála Kensington suite i mbun an teilifíseáin.
Téarmaí an bharánta • Riosca gortaithe, damáiste don teilifíseán nó cealú baránta! Ná déan iarracht riamh an teilifíseán a dheisiú tú féin. • Bain úsáid as an teilifíseán agus as na hoiriúintí ar an tslí a cheap an déantóir agus ar an tslí sin amháin. • Cuireann an rabhadh atá priontáilte ar chúl an teilifíseáin in iúl go bhfuil riosca turrainge leictrí ann. Ná bain an clúdach den teilifíseán riamh. Iarr ar Philips Customer Care gach seirbhísiú agus deisiú a dhéanamh.
Trádmharc cláraithe nó trádmharc de chuid Microsoft Corporation sna Stáit Aontaithe agus/nó i dtíortha eile is ea Windows Media. Déantar faoi cheadúnas ó Dolby Laboratories. Trádmharcanna de chuid Dolby Laboratories is ea Dolby agus an tsiombail D-dúbailte. Trádmharcanna nó trádmharcanna cláraithe de chuid HDMI Licensing LLC sna Stáit Aontaithe nó i dtíortha eile is ea na téarmaí HDMI agus HDMI High-Definition Multimedia Interface, agus lógó HDMI.
• • • • • • GA Socruithe pictiúir tíosacha ar fhuinneamh: Is féidir meascán de shocruithe pictiúir tíosach ar fhuinneamh a úsáid. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas agus roghnaigh [Tíosach ar fhuinneamh]. Ansin roghnaigh an socrú pictiúir [Tíosach ar fhuinneamh]. Scáileán as: Mura dteastaíonn uait ach éisteacht le fuaim ón teilifís, is féidir an taispeáint teilifíse a athrú. Oibreoidh na feidhmeanna eile mar is gnáth.
Tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin Philips Murar féidir leat a bhfuil uait a fháil sa [Cabhair] ar scáileán, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin Philips ag www.philips.com/support.
2 Úsáid do theilifíseán Rialuithe teilifíseáin Rialuithe cúil 1. LED táscaire fuireachais agus braiteoir cianrialaithe Taispeánann an LED fuireachais go bhfuil an teilifíseán ar fuireachas. Dírigh an cianrialtán ar an mbraiteoir. Bí cinnte nach bhfuil aon rud sa bhealach ar an líne amhairc idir an cianrialtán agus an teilifíseán. Cianrialú 1. (Fuireachas): Cuir an teilifíseán ann nó as. 2. CH +/-: Athraigh go dtí an chéad chainéal eile nó an cainéal roimhe. (SOURCE): Féach ar ghléas 3. ceangailte.
10. LIST: Tar ar an liosta cainéal teilifíse. 11. FORMAT: Athraigh formáid an phictiúir ar mhaithe leis an bhfoinse físeáin. INFO: Taispeáin eolas mar gheall ar 12. ghníomhaíocht reatha. 13. OPTIONS: Tar ar na roghanna atá ar fáil, agus ar na roghchláir pictiúir agus fuaime. 14. (Siar): Chun filleadh ar an leathanach roghchláir roimhe nó éalú as feidhm theilifíse. 15. CH +/-: Athraigh cainéal 16. +/- (Airde): Ceartaigh an airde. 17. (Gan fuaim): Cealaigh an fhuaim nó cuir ann í. 18.
Féach ar teilifís Cuir an teilifís ann nó as Uathmhúchadh Is féidir fuinneamh a spáráil le socruithe tíosach ar fhuinneamh an teilifíseáin seo, socruithe atá cumasaithe de réir réamhshocrú. Mura ndéanann úsáideoir gníomh (ar nós cnaipe cianrialtáin nó rialú ar an teilifíseán a bhrú) ar feadh ceithre huaire an chloig, rachaidh an teilifíseán ar fuireachas sa ghnáthchúrsa. Chun múchadh uathoibríoch a dhíchumasú 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe glas ar an gcianrialtán. 2.
Bainistigh liostaí cainéal Nuair a bheidh na cainéil suiteáilte, beidh tú ábalta: • Cainéil a scagadh. • Athrú idir cainéal aeróige agus cainéal cábla. • Cainéil a athainmniú. • Cainéil a chur in ord nua. • Cainéal a ghlasáil. • Éisteacht le raidió digiteach. Cainéil a scagadh 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST. 2. Brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Scag]. 3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK. [Digiteach + Analógach]: Taispeáin gach cainéal sa liosta cainéal.
Cainéil a athainmniú Nuair a roghnaíonn tú cainéal, tagann ainm an chainéil sin aníos. Is féidir an t-ainm sin a athrú. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh LIST. Taispeántar an liosta cainéal. 2. Roghnaigh cainéal le hathainmniú, ansin roghnaigh OPTIONS. 3. Roghnaigh [Athainmnigh], ansin brúigh OK. Taispeántar an méarchlár scáileáin. 4. Brúigh na Cnaipí treoleanúna chun gach carachtar a roghnú, ansin brúigh OK. 5. A luaithe a bhíonn sé déanta, roghnaigh [Déanta], ansin brúigh OK mar dheimhniú.
[Tíosach ar fhuinneamh]: Na socruithe is mó a chaomhnaíonn fuinneamh. Roghnaigh do rogha socruithe fuaime 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl fuaime], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK: • [Pearsanta]: Cuir do shocruithe pearsantaithe fuaime i bhfeidhm. • [Bunaidh]: Réamhshocruithe a oireann do gach timpeallacht agus do gach cineál comhad fuaime, nach mór. • [Scannán]: Socruithe a oireann do scannáin.
• • An lá taispeána a athrú. Taifeadtaí clár a sceidealadh. Féach Bain níos mó úsáide as do theilifíseán > Taifead seónna teilifíse > Sceideal taifeadtaí (Lch 26). Nóta: Braithfidh na roghanna ar an eolas clár atá ar fáil ón gcraoltóir. 1. Sa treoir clár, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK: • [Faigh sonraí EPG]: Tabhair eolas treorach chun dáta. • [Athraigh an lá]: Roghnaigh an lá ar a dtaispeánfar an treoir clár. • [Cuardaigh de réir seánra]: Cuardaigh cláir de réir seánra.
Agus tú ag féachaint ar inneachar 3D le spéaclaí gníomhacha 3D faoi shoilsiú fluaraiseach nó soilsiú LED, seans go bhfeicfidh tú na soilse a caochaíl. Má fheiceann, múch na soilse. Chun an eispéireas 3D is fearr a bheith agat agus tú ag feachaint ar chláir 3D: • Suigh fad trí oiread airde teilifíseáin ón teilifíseán, ar a laghad. Ná suigh níos faide ná 6m ón teilifíseán.
Chun an doimhneacht 3D a cheartú. 1. Brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Éifeachdt 3D]. 3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK. Chun tiontú 2D go 3D a mhúchadh: 1. Brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Socruithe 3D] > [2D], ansin brúigh OK. Nóta: Má athraíonn tú go gníomhaíocht eile, bíonn deireadh leis an tiontú.
Roghanna seanma Féach ar fhíseán 1. Roghnaigh sa bharra uachtarach. 2. Roghnaigh físeán, ansin brúigh OK. 3. Roghnach: Chun gach físeán i bhfillteán a sheinm, roghnaigh físeán, ansin roghnaigh [Seinn gach ceann]. • Chun dul go dtí an chéad fhíseán eile nó an físeán deireanach, brúigh CH+ nó CH-. • Brúigh OK chun an físeán a chur ar sos. Brúigh OK arís chun an tseinm a atosú. • Chun dul ar aghaidh nó siar 10 soicind, brúigh nó . • Chun cuardach ar aghaidh nó siar, brúigh nó .
Nóta: Chun féachaint ar eolas mar gheall ar amhrán (mar shampla, teideal, amhránaí nó fad), roghnaigh an t-amhrán, ansin brúigh INFO. Chun an t-eolas a cheilt, brúigh INFO arís. Féach ar ghrianghraif 1. Roghnaigh sa bharra uachtarach. 2. Roghnaigh mion-ghrianghraif, ansin brúigh OK. Tosaigh taispeántas sleamhnán Má tá líon mór grianghraf i bhfillteán, roghnaigh grianghraf, ansin roghnaigh [Taispeántas sleamhnán]. • Chun dul go dtí an chéad ghrianghraf eile nó an ghrianghraf deireanach, brúigh CH+ nó CH-.
Gaeilge Smart TV An méid is féidir leat a dhéanamh NonPu blish Le Feidhmchláir Idirlín, ar suíomhanna Gréasáin iad atá curtha in oiriúint do do theilifíseán, beidh na gnéithe seo a leanas agat agus tuilleadh nach iad le sult a bhaint astu: • Ceannlínte nuachtáin a léamh • Féachaint ar fhíseáin agus iad a fháil ar cíos • Réamhaisnéis na haimsire a sheiceáil • Cláir theilifíse a chaill tú a fheiceáil Faigh amach tuilleadh mar gheall ar sheirbhísí Smart TV ó shuíomh Gréasáin fhóram Smart TV, www.
Nóta: Tugtar seirbhísí Smart TV chun dáta sa ghnáthchúrsa. Chun féachaint ar na nuashonruithe is déanaí, i [Gailearaí Feidhmchlár], roghnaigh [Gach Ceann], ansin athraigh é go [Nua]. Tar ar shuíomhanna Gréasáin 1. Roghnaigh feidhmchlár Idirlín, ansin brúigh OK. 2. Roghnaigh réimse an tseolta Ghréasáin, ansin brúigh OK. Beidh méarchlár le feiceáil ar an scáileán. 3. Roghnaigh carachtar le haghaidh gach carachtar den seoladh Gréasáin, ansin brúigh OK.
An méid is féidir leat a dhéanamh Le teilifís idirghníomhach, is féidir leat féachaint ar eolas breise agus ar leathanaigh shiamsaíochta a sholáthraíonn craoltóirí teilifíse digití. Bain taitneamh as idirghníomhaíocht i bhfírinne trí fhreagairt go díreach don inneachar digiteach. Nóta: Ní féidir an ghné seo a úsáid chun comhaid a íoslódáil ar do theilifís.
3 Do theilifíseán: gnéithe eile a d'fhéadfá a úsáid Teilifís ar sos An méid is féidir leat a dhéanamh Agus tú ag féachaint ar chainéal digiteach, is féidir clár a chur ar sos chun glao gutháin a fhreagairt nó sos a thógáil. Déantar an craoladh a stóráil ar thiomántán USB atá ceangailte den teilifíseán. Is féidir an clár a atosú ón áit sin uair ar bith. Nóta: • Is féidir clár a chur ar sos go ceann 90 nóiméad ar a mhéad. • Déanfar an tiomántán crua USB a fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán seo.
Seónna teilifíse a thaifeadadh Gaeilge Craoladh beo teilifíse a chur ar sos An méid is féidir leat a dhéanamh Más féidir le do theilifíseán treoracha clár a fháil, beidh tú ábalta cláir theilifíse a thaifeadadh ar thiomántán crua USB. Is féidir idir chláir theilifíse chraolta agus chláir nár craoladh fós a thaifeadadh. Nóta: • Ní thacaítear le taifeadadh ach amháin sna tíortha sin ina gcuirtear treoir clár ar fáil.
• Déanfar an tiomántán crua USB a fhormáidiú go heisiatach don teilifíseán seo. Bíodh sé ceangailte den teilifíseán an t-am ar fad. Ní féidir teacht ar inneachar an tiomántáin chrua USB ó theilifíseán eile ná ó PC. • Ná déan an port USB a ró-ualú. Má cheanglaíonn tú tiomántán crua USB a ídíonn breis is 500mA cumhachta, bí cinnte go mbíonn sé ceangailte dá sholáthar cumhachta seachtrach féin. Nóta: • Bí cinnte go bhfuil an teilifíseán agus an tiomántán crua USB curtha as.
Cealaigh taifeadadh sceidealta 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Taifeadtaí], ansin brúigh OK. Taispeántar liosta taifeadtaí. 3. Roghnaigh an taifeadadh, ansin roghnaigh [Bain]. Cealaítear an taifeadadh sceidealta. Féach ar thaifeadtaí 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Taifeadtaí], ansin brúigh OK. Taispeántar liosta taifeadtaí. 3. Roghnaigh taifeadadh ón liosta, ansin brúigh OK Tosaíonn an taifeadadh ag seinm. Sórtáil taifeadtaí 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Taifeadtaí], ansin brúigh OK. Taispeántar liosta taifeadtaí. 3.
Nóta: • Ní féidir glao éigeandála a dhéanamh le Skype. Ní féidir le Skype áit do theileafóin a ghabháil agus ní féidir glaonna éigeandála a dhéanamh leis. • Tá Skype suiteáilte roimh ré ar an teilifíseán seo agus tá sé réidh le húsáid. Ní gá aon chomhad a íoslódáil ná a shuiteáil chun Skype a úsáid. Ní gá ach físcheamara teilifíse Philips a cheangal chun Skype a úsáid. An méid a bheidh uait • Físcheamara teilifíse Philips, PTA317/00 (a dhíoltar mar mhír ar leithligh), le micreafón ionsuite.
Teagmháil a bhlocáil 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Teagmhálaithe], ansin brúigh OK. 2. Roghnaigh an teagmháil, ansin brúigh OPTIONS. 3. Roghnaigh [Blocáil], ansin brúigh OK. Nuair a iarrtar é, roghnaigh [Is ea] ansin brúigh OK. Teagmhálaí a dhíbhlocáil 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Socruithe] > [Teagmhálaithe blocáilte]. 2. Roghnaigh an teagmháil bhlocáilte, ansin brúigh OK. 3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an teagmháil a dhíbhlocáil.
Roghanna físghlao Le linn físghlao, brúigh OPTIONS chun dul chuig na roghanna seo a leanas: • [Amharc iomlán]: Féach do theagmhálaí in amharc scáileán iomlán. • [Ceap diailithe]: Téigh chuig an gceap diailithe. • [Ar feitheamh]: Cuir an glao ar feitheamh. Scoirfear den amharc iomlán. • [Gan fuaim]: Ná bíodh fuaim ón mhicreafón. • [Stop M'Fhíseán]: Cuir stop leis an bhfotha físe go dtí scáileán do theagmhála. Glao ar fón Le Skype, is féidir glaoch ar línte talún agus ar fhóin phóca.
Creidmheas Skype Le Creidmheas Skype, is féidir glaoch ar línte talún nó ar fhóin phóca ó do theilifíseán. Chun Creidmheas Skype a cheannach, ní mór duit logáil isteach i do chuntas Skype ar do ríomhaire. Feicfidh tú an méid Creidmheasa Skype a cheannaigh tú nuair a logálann tú isteach i do chuntas Skype ó do theilifíseán. Sínigh isteach sa ghnáthchúrsa 1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Socruithe], ansin brúigh OK. 2.
7. Roghnaigh [Barr / bun] nó [Taobh le taobh], ansin brúigh OK. 8. Cuir na spéaclaí dhá imreora ann, brúigh an lasc roghnaithe imreora, agus ansin cuir ort iad. (Féach lámhleabhar an úsáideora maidir leis na spéaclaí cluichíochta dhá imreora). Leideanna: Chun féachaint ar roghchláir chluichí nó scóir, brúigh OK chun mód amhairc a athrú. Socruithe cluiche Socrú pictiúr le haghaidh cluichí Is féidir an taispeáint teilifíse a bharrfheabhsú le haghaidh cluichíochta gan moill ar an bpictiúr. 1. Brúigh . 2.
Má tá roinnt foleathanach sa leathanach teilithéacs, is féidir féachaint ar gach foleathanach ceann i ndiaidh a chéile. Taispeántar na foleathanaigh sin ar bharra le hais uimhir an phríomhleathanaigh. Brúigh nó chun iad a roghnú. Cuardaigh Is féidir focal nó uimhir atá ar an leathanach reatha teilithéacs a chuardach. 1. Agus tú ag féachaint ar theilithéacs, brúigh OK chun an chéad fhocal nó an chéad uimhir a aibhsiú. 2. Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun dul go dtí an focal nó an uimhir atá á chuardach. 3.
Socraigh an clog de láimh Is féidir an dáta agus an t-am a shocrú de láimh. Sula dtosaíonn tú, socraigh mód an chloig go [Láimhe]. 1. Sa roghchlár [Clog], roghnaigh [Dáta] nó [Am], ansin brúigh OK. 2. Socraigh an t-am nó an dáta leis na Cnaipí nascleanúna. 3. Roghnaigh [Déanta], ansin brúigh OK. Amadóir codlata Is féidir an teilifíseán a chur ar fuireachas tar éis tréimhse ama ar leith. Le linn an tréimhse sin, is féidir an teilifíseán a mhúchadh níos luaithe nó an t-amadóir codlata a athshocrú. 1.
• Pictiúr agus fuaim Cúntóir socruithe Is féidir socruithe pictiúir agus fuaime a roghnú le cabhair an chúntóra socruithe, a léiríonn láithreach éifeacht an tsocraithe atá roghnaithe agat. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Mearshocruithe pictiúir agus fuaime], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Lean ar aghaidh], ansin brúigh OK. 4. Lean na treoracha ar an scáileán chun do shocruithe a roghnú.
• [Formáid agus ciumhaiseanna]: Téigh chuig ardsocruithe chun formáid taispeána an phictiúir a rialú. - [Formáid phictiúir]: Athraigh formáid pictiúir. - [Ciumhaiseanna an scáileáin]: Athraigh méid an phictiúir. - [Athrú pictiúir]: Má tá sé ar fáil, athraigh suíomh an phictiúir. Tuilleadh socruithe fuaime Is féidir na socruithe sa roghchlár Fuaim a athrú. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Fuaim], ansin brúigh OKv. 3. Roghnaigh socrú le hathrú, ansin brúigh OK.
Athshocraigh pictiúr agus fuaim Is féidir leat réamhshocruithe pictiúir agus fuaime a athchuir, agus socruithe suiteála an chainéil a choimeád mar a bhí siad. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Socruithe monarchan], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh [Athshocraigh], ansin brúigh OK. Déantar gach socrú teilifíse (ach amháin na socruithe cainéil) a athshocrú de réir na socruithe monarchan réamhshocraithe.
Suiteáil cainéil dhigiteacha Más eol duit minicíocht na gcainéal is mian leat a shuiteáil, is féidir cainéil dhigiteacha a chuardach agus a stóráil ina gceann agus ina gceann. Is fearr, de ghnáth, glao a chur ar an soláthraí seirbhíse. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe cainéil] > [Suiteáil cainéil]. 3. Roghnaigh [Digiteach: Triail ghlacachta] > [Cuardaigh cainéal], ansin brúigh OK. 4. Brúigh na Cnaipí uimhriúla chun minicíocht an chainéil a chur isteach. 5.
Na cineálacha crua-earraí céanna, mar a thaispeántar sa ghreamán ar chúl an teilifíseáin. Mar shampla: TPM10.1E LA. • Leaganacha bogearraí comhoiriúnacha Nóta: Má iarrtar ort cód a chur isteach, cuir isteach '8888'. Céim 1: Seiceáil an socrú tíre 1. Cuir an chéad teilifíseán ann (leis na cainéil is mian leat a chóipeáil go dtí an dara teilifíseán). 2. Brúigh . 3. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardaigh cainéal] > [Athshuiteáil cainéal], ansin brúigh OK. Taispeántar roghchlár na dtíortha. 4.
Suiteáil cainéil satailíte Athshuiteáil satailítí 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardach satailíte] > [Athshuiteáil satailítí]. 3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an tsuiteáil a chríochnú. 4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Críochnaigh], ansin brúigh OK. Roghnaigh cineál an naisc Agus cainéil satailíte á suiteáil agat, ní mór duit cineál an naisc a shocrú. Cinneann líon na LNBanna ar aeróg do mhéise líon na gcainéal satailíte is féidir leat a shuiteáil. 1.
Má chraolann an teilifís teangacha iolracha nó teangacha fuaime déacha, is féidir do theanga fuaime a roghnú. 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. 2. I gcás cainéal digiteach, roghnaigh [Teanga fuaime]. I gcás cainéal analógach, roghnaigh [Dual I-II]. Brúígh OK chun do rogha a dheimhniú. 3. Roghnaigh as na teangacha atá ar fáil, ansin brúigh OK. Is féidir do rogha teangacha fuaime príomhúla agus tánaisteacha a shocrú le cloisteáil nuair a bhíonn siad ar fáil. 1.
Cuir an fhuaim don lucht lagéisteachta ann 1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh OPTIONS. 2. Roghnaigh [Rochtain uilíoch] > [Lucht lagéisteachta]. 3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK. • [As]: Múch gnéithe don lucht lagéisteachta. • [Ann]: Cuir fuaim agus fotheidil don lucht lagéisteachta ann. Rochtain don lucht lagradhairc Chun bheith cinnte go bhfuil teanga closáin ar fáil don lucht lagradhairc, brúigh OPTIONS, ansin roghnaigh [Teanga fuaime].
Seiceáil an leagan 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe bogearraí] > [Sonraí na mbogearraí reatha], ansin brúigh OK. Taispeántar leagan na mbogearraí reatha. Rabhadh: Ná suiteáil leagan de na bogearraí is ísle ná an leagan reatha atá suiteáilte ar do tháirge. Ní féidir le TP Vision bheith freagrach as fadhbanna a leanann íosghrádú bogearraí.
4. Brúigh ar an gcianrialtán — ná brúigh ach uair amháin. Cuirtear an teilifís as agus ann arís. Tá deireadh leis an uasghrádú. 5. Chun nuashonruithe tionóisceacha ar bhogearraí na teilifíse a sheachaint, athcheangail an mhearóg USB den ríomhaire agus scrios autorun.upg. Nuashonraigh ó chraoladh digiteach Is féidir leis an teilifís nuashonruithe ar bhogearraí a ghlacadh trí chraoltaí digiteacha, nuair a bhíonn siad ar fáil. Nuair a fhaightear nuashonrú ar bhogearraí, iarrtar ort na bogearraí a nuashonrú.
Mar gheall ar cháblaí Cáilíocht na gcáblaí Sula gceanglaíonn tú gléasanna den teilifís, féach cad iad na nascóirí atá ar fáil ar an ngléas. Ceangail an gléas den teilifís leis an nascóir is fearr dá bhfuil ar fáil. Is fearr mar a aistrítear pictiúr agus fuaim ar nascóirí ardchaighdeán. Moltaí amháin atá sna nascóirí a thaispeántar sa lámhleabhar úsáideora seo. D'fhéadfadh réitigh eile a bheith ar fáil. Feicfear samplaí eile ar http://www.connectivityguide.philips.com.
Ceangail an aeróg Ceangail an aeróg den teilifís. Nasc gléasanna Seinnteoir diosca Blu-ray nó DVD Ceangail an seinnteoir diosca den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an seinnteoir diosca den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Glacadóir teilifíse Gaeilge Ceangail an satailít* nó an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla aeróige. *Le haghaidh múnlaí áirithe amháin. Ceangail an satailít nó an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Ceangail an glacadóir teilifíse digití den teilifís le cábla SCART. Fístaifeadán Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla aeróige. Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla HDMI.
Gaeilge Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an fístaifeadán den teilifís le cábla SCART. Consól cluichí Ceangail an consól cluichí den teilifís le cábla HDMI.
Ceangail an consól cluichí den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Córas amharclainne baile Ceangail amharclann bhaile HDMI-ARC-chomhlíontach den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla HDMI agus cábla fuaime comhaiseach.
Gaeilge Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D. Ceangail an amharclann bhaile den teilifís le cábla SCART. Ceamara digiteach Ceangail an ceamara digiteach den teilifís le cábla USB.
Ceamthaifeadán digiteach Ceangail an ceamthaifeadán digiteach den teilifís le cábla HDMI. Ceangail an ceamthaifeadán digiteach den teilifís le cábla físe comhpháirte (Y Pb Pr) agus cábla fuaime C/D.
Gaeilge Ceangail gléasanna eile Gléas stórála USB Ceangail an mhearóg USB den teilifís le cábla USB. Ceangail an tiomántán crua USB den teilifís le cábla USB. Ríomhaire Ceangail an ríomhaire den teilifís le cábla HDMI.
Ceangail an ríomhaire den teilifís le cábla DVI-HDMI agus cábla fuaime. Ceamara físghlao Ceangail an físcheamara teilifíse Philips - PTA317 (a dhíoltar mar mhír ar leith) den teilifís le cábla USB. Méarchlár agus luchóg Méarchlár USB Is féidir méarchlár USB a cheangal chun téacs ar nós ainmhithe gléasanna a chur isteach ar an teilifís nó téacs le haghaidh feidhmchlár SMART TV.
Gaeilge Ceangail an méarchlár agus an luchóg den teilifíseán le cábla USB. Nuair a bhraitheann an teilifíseán an méarchlár, is féidir leat leagan amach an mhéarchláir a roghnú agus do rogha a thástáil. Má roghnaigh tú méarchlár Coireallach nó méarchlár Gréigise, is féidir leat leagan amach méarchláir tánaisteach Laidine a roghnú, leis. 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Socruithe méarchláir USB]. 3. Athraigh na socruithe méarchláir.
Roghnaigh gléas ón roghchlár Baile 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Foinse], ansin brúigh OK. 3. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK. Cumraigh gléasanna EasyLink Nuashonraigh an liosta foinsí Le gnéithe rialaithe feabhsaithe EasyLink ó Philips bainfidh tú gach buntáiste as do ghléasanna HDMI-CEC-chomhlíontacha. Ceangail do ghléasanna HDMI-CEC-chomhlíontacha trí HDMI de do theilifíseán agus rialaigh iad ag an am céanna le do chianrialtán teilifíse.
An méid a bheidh uait • Ceangail gléas HDMI-CEC-chomhlíontach den teilifíseán. Is féidir breis is gléas amháin HDMI-CEC a cheangal. Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail gléasanna (Lch 46). • Cumraigh gach gléas HDMI-CEC-chomhlíontach i gceart. • Cuir EasyLink air. Cuir EasyLink air 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [EasyLink]. 3. Roghnaigh [EasyLink] > [Ann], ansin brúigh OK.
Cumraigh callairí teilifíse 1. Brúigh . 2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe teilifíse] > [Fuaim] > [Ardfhorbartha] > [Callairí teilifíse]. 3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK: • [As]: Múch callairí teilifíse. • [Ann]: Cuir callairí teilifíse ann. • [EasyLink]: Múch callairí teilifíse, agus sruthaigh fuaim na teilifíse go gléas fuaime HDMI-CEC ceangailte.
• • Líonra ríomhaire ar a n-áirítear: a) ródaire uilíoch plugála agus seanma (UPnP) agus b) Ríomhaire ar a bhfuil ceann amháin de na córais oibriúcháin seo a leanas: Microsoft Windows XP, Microsoft Windows Vista, Mac OS X, nó Linux. Chun do theilifíseán a cheangal de ríomhaire, beidh ort freastalaí meán a shuiteáil agus a chumrú ar do ríomhaire. Féach Úsáid do theilifíseán > Seinn comhaid ilmheáin (Lch 18). Chun do theilifíseán a cheangal den Idirlíon, beidh ceangal ardluais leis an Idirlíon uait, leis.
Tosaigh an chumraíocht gan sreang 1. Cuir do ródaire líonra gan sreang air. 2. Brúigh ar an gcianrialtán teilifíse. 3. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Ceangail de líonra], ansin brúigh OK. 4. Lean na treoracha ar an scáileán. Cumraíocht Chosanta WPS - Wi-Fi 1. Má thacaíonn do ródaire le Cumraíocht Wi-Fi faoi Chosaint (WPS), brúigh an cnaipe WPS ar an ródaire. 2. Tar éis dhá nóiméad, roghnaigh [WPS] ar an teilifíseán, ansin brúigh OK. Ceanglaíonn an teilifíseán de do líonra. Tógann sin timpeall dhá nóiméad.
Ceangail CAM (Modúl Rochtana Teagmhasaigh) An méid is féidir leat a dhéanamh Is féidir féachaint ar chainéil scrofa teilifíse digití le Modúl Rochtana Teagmhasaigh (CAM). Is féidir féachaint ar na cláir tar éis an CAM a chur isteach agus na táillí síntiúis a íoc. Tacaíonn an teilifís seo le CI (Comhéadan Coitianta) agus le CI+. Tacaíonn CI+ le cláir príomhúla digiteacha HD a bhfuil ardleibhéal cosanta cóipeála acu.
6 Fabhtcheartú Fadhbanna ginearálta Ní féidir an teilifíseán a chur ann: • Dícheangal an cábla cumhachta den asraon cumhachta. Fan nóiméad amháin sula n-athcheanglaíonn tú é. • Bí cinnte go bhfuil an cábla cumhachta ceangailte go daingean. Agus an teilifíseán á chur ann agat, nó á mhúchadh nó á chur ar fuireachas, cloiseann tú fuaim dhíoscach ó fhonnadh an teilifíseáin: Ní gá rud ar bith a dhéanamh.
Teastaíonn uait cainéil teilifíse a shuiteáil: Féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Suiteáil uathoibríoch (Lch 37) chun treoracha a fháil ar conas cainéil analógacha nó digiteacha a shuiteáil. Más mian leat cainéil teilifíse satailíte a shuiteáil, féach Athraigh do shocruithe teilifíse > Socruithe satailíte (Lch 39). Ní bhfuarthas aon chainéal digiteach le linn na suiteála: • Féach na sonraíochtaí teicniúla chun a bheith cinnte go dtacaíonn do theilifís le DVB-T, DVB-C, nó DVB-S i do thír féin.
Níl an taispeáint ríomhaire ar an teilifís cobhsaí: • Bí cinnte go n-úsáideann an PC an ráta tacaithe taifeach agus athnuachana. Féach Sonraíochtaí > Taispeáin taifigh (Lch 66). • Athraigh formáid an phictiúir teilifíse go [Neamhscálaithe]. • Fadhbanna fuaime • Tá pictiúr ann ach níl aon fhuaim ag teacht ón teilifíseán: Mura mbraitear comhartha fuaime, múchann an teilifíseán an t-aschur fuaime as a stuaim féin — ní chiallaíonn sin go bhfuil mífheidhm ann.
Déan teagmháil le Philips Teastaíonn uait ceangal gan sreang a chur idir do theilifíseán agus do líonra baile: Féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail de líonra agus den Idirlíon > Wi-Fi comhtháite (Lch 59) chun treoracha a fháil ar conas do theilifíseán a cheangal gan sreang de do líonra baile. Níl Smart TV ag obair: Seiceáil go bhfuil an ródaire ceangailte i gceart den teilifíseán, agus to bhfuil teacht oscailte ag an ródaire ar an Idirlíon.
7 Sonraíochtaí • • • Cumhacht agus glacadh Fuaim • Cumhacht aschuir (RMS) @ 10% THD): - Le haghaidh múnlaí 32 orlach: 20 W - Le haghaidh múnlaí 42~55 orlach: 24 W • Fuaim Shoiléir • Incredible Surround • Monofónach / Steiréó / Clárú tánaisteach fuaime D'fhéadfadh sonraíochtaí táirge athrú gan fógra a bheith tugtha. Cumhacht • Príomhchumhacht: AC 220-240V (50-60Hz) • Ídiú cumhachta fuireachais: < 0.
Nóta: Ní mór do chomhaid ilmheáin bheith faoi bhun 128 carachtar. Ceangail ilmheáin a dtacaítear leo • USB: Ná ceangail ach na gléasanna USB sin a ídíonn 500mA cumhachta nó níos lú. - NTFS, FAT 16 (Inléite amháin) - FAT 32 • Ethernet LAN RJ-45 Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Comhaid íomhá a dtacaítear leo • JPEG: *.jpg, *.jpeg, *.mpo • GIF (87a, 89a): *.gif • PNG: *.png • BMP: *.bmp, *.dib • JPS: *.jps • PNS: *.pns • BMS: *.
Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime / físe a dtacaítear leo Formáidí fuaime a dtacaítear leo GA 68
Gaeilge Formáidí fuaime a dtacaítear leo Formáidí fotheidil a dtacaítear leo Ionchódú carachtar • Windows-1250 (CP-1250): Laidin Lár na hEorpa agus Oirthear na hEorpa (An tSeicis, an Ungáiris, an Pholainnis, an tSlóvaicis, an tSlóivéinis, an Chróitis, an Rómáinis, an tSeirbis) • Windows-1251 (CP-1251): Coireallach • Windows-1252 (CP-1252): Laidin Iarthar na hEorpa • Windows-1253 (CP-1253): Gréigis • Windows-1254 (CP-1254): Tuircis • UTF-8: Ionchódú carachtair ilbheart le haghaidh Unicode Bogearraí freast
8 Innéacs cainéil analógacha, suiteáil 37 cainéil dhigiteacha, fotheidil 41 3 cainéil dhigiteacha, suiteáil 38 cainéil roghnaithe, liosta 13 cainéil, athainmnigh 13 cainéil, athraigh 13 cainéil, athshuiteáil 44 cainéil, ceanáin 13 cainéil, folaigh nó dífholaigh 13 cainéil, lógó 13 cainéil, mioncheartaigh (analóg) 38 cainéil, sórtáil 13 cainéil, suiteáil (analógach) 37 cainéil, suiteáil (digiteach) 38 cainéil, suiteáil (satailít) 40 cainéil, suiteáil (uathoibríoch) 37 3D 16
46 físeán ar líne, faigh ar cíos 22 ceangail, taifead 48 físeán taispeána 42 CI 61 foinse, nuashonraigh 56 cianrialú 10 foinse, roghnaigh 14 clár freastalaí meán 18 fóram ar líne clog 33 formáid phictiúir 15 cluichí, dhá imreoir 31 fotheidil, analógach 41 comhbhrúnna, faoi thacaíocht 67 fotheidil, digiteach 41 Comhéadan Coitianta 61 fotheidil, teanga 41 consól cluichí, ceangail 49 fuireachas 12 cuir an teilifís ann, as 12 cúntóir socruithe 35 cúram scáileáin 4 D d
luchóg USB 54 M SCART 45 sceideal, taifeadtaí 26 seinn, comhaid ríomhaire 18 seinn, comhaid USB 18 seinnteoir diosca, ceangail 46 siopa físeán 22 Skype 27 Skype, cumraíocht 28 Skype, déan teagmháil a bhlocáil 28 Skype, físghlao 29 Skype, freagair glao 29 Skype, glórghlao 29 Skype, glórphoist 30 Skype, sínigh isteach 28 Skype, socruithe 31 Skype, teagmhálacha 28 Smart TV 21 Smart TV, brabhsáil 21 13 Smart TV, feidhmchláir 21 rátáil tuismitheora 34 Smart TV, líonra
tacaíocht táirge W 9 taifead cláir theilifís, tiomántán crua USB 25 taifead cláir theilifíse, aon iarracht 26 taifead, ceangail 48 taifeadadh, cláir theilifíse 25 taifeadtaí, féach ar 27 taifeadtaí, sceideal 26 taifeadtaí, scrios 27 taispeáin sonraíochtaí 66 taispeáin taifigh 66 teanga fuaime 41 teanga, fotheidil 41 teanga, roghchlár 40 teilethéacs 2.
Maoin de chuid a n-úinéirí faoi seach is ea gach trádmharc cláraithe agus neamhchláraithe. D'fhéadfadh sonraíochtaí athrú gan fógra a bheith tugtha. Trádmharcanna cláraithe de chuid Koninklijke Philips Electronics N.V. is ea Philips agus suaitheantas scéithe Philips, agus úsáidtear iad faoi cheadúnas ó Koninklijke Philips Electronics N.V. 2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach ceart ar cosaint. www.philips.