operation manual
GA
11
Gaeilge
10. LIST: Tar ar an liosta cainéal teilifíse.
11. FORMAT: Athraigh formáid an
phictiúir ar mhaithe leis an bhfoinse físeáin.
12.
INFO: Taispeáin eolas mar gheall ar
ghníomhaíocht reatha.
13. OPTIONS: Tar ar na roghanna atá ar
fáil, agus ar na roghchláir pictiúir agus fuaime.
14.
(Siar): Chun filleadh ar an leathanach
roghchláir roimhe nó éalú as feidhm theilifíse.
15. CH +/-: Athraigh cainéal
16. +/- (Airde): Ceartaigh an airde.
17. (Gan fuaim): Cealaigh an fhuaim nó
cuir ann í.
18. Cnaipí datha: Roghnaigh tascanna nó
roghanna.
Feidhmíonn na cnaipí de réir na seirbhísí a
thairgeann an soláthraí seirbhíse.
19. SUBTITLE: Cuir fotheidil ann nó as.
20. 0-9 (Cnaipí uimhriúla): Roghnaigh cainéil
theilifíse nó cuir isteach téacs.
21. TEXT: Cumasaigh nó díchumasaigh
teilithéacs.
Rialuithe EasyLink
Má cheanglaíonn tú do theilifíseán de
ghléasanna cumasaithe HDMI-CEC, ar nós
seinnteoir Blu-ray nó amharclann bhaile, beidh
tú ábalta iad a rialú ag an am céanna le
cianrialtán amháin. Ní gá ach EasyLink a chur
ann tar éis ceangal.
Léigh tuilleadh mar gheall ar Easylink i
Ceangail do theilifís > Cumraigh gléasanna
Easylink > Rialaigh gléasanna (Lch 57).
Cianrialú scáileáin
Slí eile le gléasanna cumasaithe ceangailte
HDMI-CEC a rialú ná trí chnaipí eile a
gheofar ar an gcianrialú scáileáin. Bí cinnte go
gcuirtear EasyLink ann tar éis ceangal. Léigh
tuilleadh mar gheall ar Easylink i Ceangail do
theilifís > Cumraigh gléasanna Easylink >
Rialaigh gléasanna (Lch 57).
Chun teacht ar an gcianrialú scáileáin
1. Agus tú ag féachaint ar ghléas ceangailte,
brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Taispeáin cianrialú], ansin
brúigh OK.
3. Roghnaigh cnaipe ar an scáileán, ansin
brúigh OK.
Rialú le fón cliste
Leis an bhfeidhmchlár fón cliste 'Philips
MyRemote', is féidir an fón cliste a úsáid mar
an dara cianrialtán, agus fiú mar mhéarchlár.
Is féidir féachaint ar sheó scannán
d'íomhánna i d'fhón cliste ar an teilifís.
Nóta: Bí cinnte go mbíonn an teilifís agus an
fón cliste ceangailte den líonra áitiúil céanna.
Gheofar tuilleadh eolais ar Ceangail do
theilifís > Ceangail de líonra agus den
Idirlíon (Lch 58).
Lean na treoracha chun an feidhmchlár
'Philips MyRemote' a íoslódáil:
1. Téigh chuig Siopa Apple App nó Google
Play chun an feidhmchlár 'Philips MyRemote'
a íoslódáil ar d'fhón cliste.
2. Lean na treoracha a gheofar sa siopa
feidhmchlár.