operation manual
GA
12
Féach ar teilifís
Cuir an teilifís ann nó as
Cuir an teilifís ann
• Ceangail an teilifíseán den asraon
príomhchumhachta agus cuir an
phríomhchumhacht ann.
• Mura bhfuil an teilifíseán curtha ann,
fanfaidh an LED fuireachais as. Brúigh
ar an teilifíseán.
• Má tá an LED fuireachais lasta, brúigh
ar an gcianrialtán./
Nóta: Beidh moill bheag ann sula
bhfreagraíonn an teilifíseán.
Leid: Más mian leat an teilifís a chur ann ó
fhuireachas ach ní féidir leat teacht ar an
gcianrialtán, brúigh cnaipe ar bith ar an
teilifíseán.
Cuir an teilifíseán ar fuireachas
Brúigh ar an gcianrialtán./
Athraíonn an LED fuireachais ar an teilifíseán
go dearg.
Cuir an teilifís as
Brúigh
ar an teilifíseán.
Múchann an LED fuireachais.
Nóta: Cé gur beag fuinneamh a ídíonn
an teilifíseán agus é ar fuireachas nó as,
úsáideann sé fuinneamh éigin. Mura bhfuil i
gceist agat an teilifíseán a úsáid go ceann
tamaill fhada, dícheangal é den phlocóid
phríomhchumhachta.
Uathmhúchadh
Is féidir fuinneamh a spáráil le socruithe
tíosach ar fhuinneamh an teilifíseáin seo,
socruithe atá cumasaithe de réir
réamhshocrú. Mura ndéanann úsáideoir
gníomh (ar nós cnaipe cianrialtáin nó rialú ar
an teilifíseán a bhrú) ar feadh ceithre huaire
an chloig, rachaidh an teilifíseán ar fuireachas
sa ghnáthchúrsa.
Chun múchadh uathoibríoch a dhíchumasú
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an
Cnaipe glas ar an gcianrialtán.
2. Roghnaigh [Uathmhúchadh], ansin
brúigh OK.
3. Déan rogha leis na Cnaipí nascleanúna,
ansin brúigh OK.
Ceartaigh an airde
Méadaigh nó laghdaigh airde an teilifíseáin
• Brúigh +/- ar an gcianrialtán.
• Brúigh
+/- ar an teilifíseán.
Cealaigh fuaim an teilifíseáin nó athchuir í
• Brúigh
ar an gcianrialtán chun an
airde a chealú.
• Brúigh
arís chun an fhuaim a
athchur.
Ceartaigh airde na gcluasán
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Fuaim] > [Airde na gcluasán],
ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh leibhéal.