operation manual

GA
14
Cainéil a athainmn
Nuair a roghnaíonn tú cainéal, tagann ainm an
chainéil sin aníos. Is féidir an t-ainm sin a athrú.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
LIST.
Taispeántar an liosta cainéal.
2. Roghnaigh cainéal le hathainmniú, ansin
roghnaigh
OPTIONS.
3. Roghnaigh [Athainmnigh], ansin brúigh OK.
Taispeántar an méarchlár scáileáin.
4. Brúigh na Cnaipí treoleanúna chun gach
carachtar a roghnú, ansin brúigh OK.
5. A luaithe a bhíonn sé déanta, roghnaigh
[Déanta], ansin brúigh OK mar dheimhniú.
Cainéil a chur in ord nua
Tar éis na gcainéal a shuiteáil, is féidir ord
nua a chur ar an liosta cainéal.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
LIST.
Taispeántar an liosta cainéal.
2. Brúigh
OPTIONS.
3. Roghnaigh [Cuir in ord nua], ansin brúigh OK.
4. Roghnaigh na cainéil le cur in ord nua,
ansin brúigh OK.
5. Brúigh na Cnaipí nascleana chun an
cainéal aibhsithe a bhogadh go háit eile, ansin
brúigh OK.
6. Nuair a bhíonn sé déanta, brúigh
OPTIONS.
7. Roghnaigh [Fág athordaigh'], ansin brúigh OK.
Glasáil cainéal
Is féidir teacht neamhúdaraithe ar chainéil a
chosc trí hiad a ghlasáil.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
LIST.
Tá an liosta cainéal ar taispeáint.
2. Roghnaigh an cainéal atá le glasáil, ansin
brúigh
OPTIONS.
3. Roghnaigh [Glasáil cainéal], ansin brúigh OK.
4. Má iarrtar é, cuir isteach d'uimhir
aitheantais pearsanta.
Beidh an cainéal marcáilte le híocón glais sa
liosta cainéal.
Leid: Chun féachaint ar chainéal glasáilte, cuir
isteach an cód aitheantais nuair a iarrtar é.
Éist le raidió digiteach
Is féidir éisteacht le cainéil dhigiteacha raidió,
ach iad a bheith ar fáil. Suiteáiltear iad sa
ghnáthchúrsa nuair a shuiteálann tú na cainéil
teilifíse.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
LIST.
Taispeántar an liosta cainéal.
2. Brúigh
OPTIONS.
3. Roghnaigh [Scagaire] > [Raidió], ansin
brúigh OK.
4. Roghnaigh cainéal raidió, ansin brúigh OK.
Féach ar ghléasanna ceangailte
Ní mór an gléas a cheangal den teilifís sular
féidir féachaint air. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail gléasanna (Lch 46).
Roghnaigh gléas le SOURCE
1. Brúigh
SOURCE.
2. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK.
Roghnaigh gléas ón roghchlár Baile
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Foinse], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh an gléas, ansin brúigh OK.
Chun cur le do ghléasanna ceangailte nó iad
a bhainistiú, féach Ceangal do theilifíseán >
Féach ar ghléasanna ceangailte > Athraigh
socruithe gléis (Lch 56).
Úsáid réamhshocruithe pictiúir agus
fuaime
Faightear socruithe réamhshainithe pictiúir
agus fuaime in éineacht le do theilifíseán. Is
féidir na socruithe sin a chur i bhfeidhm nó
iad a shaincheapadh.
Roghnaigh do rogha socruithe pictiúir
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl
phictiúir], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK:
[Pearsanta]: Cuir do shocruithe
pearsantaithe pictiúir i bhfeidhm.
[Beoga]: Socruithe saibhre dinimiciúla,
oireann siad do dhaoine a fhéachann ar
teilifís i rith an lae.
[Nádúrtha]: Socruithe nádúrtha pictiúir.
[Caighdeánach]: Réamhshocruithe a
oireann do gach timpeallacht agus do
gach cineál físeáin, nach mór.
[Scannán]: Socruithe a oireann do scannáin.
[Grianghraf]: Socruithe a oireann do
ghrianghraif.