operation manual

GA
16
An lá taispeána a athrú.
Taifeadtaí clár a sceidealadh. Féach Bain
níos mó úsáide as do theilifíseán >
Taifead seónna teilifíse > Sceideal
taifeadtaí (Lch 26).
Nóta: Braithfidh na roghanna ar an eolas clár
atá ar fáil ón gcraoltóir.
1. Sa treoir clár, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK:
[Faigh sonraí EPG]: Tabhair eolas
treorach chun dáta.
[Athraigh an lá]: Roghnaigh an lá ar a
dtaispeánfar an treoir clár.
[Cuardaigh de réir seánra]: Cuardaigh
cláir de réir seánra.
[Gach meabhrúchán]: Taispeáin liosta
de na meabhrúcháin clár ar fad.
Ón Idirlíon
Bí cinnte go bhfuil do theilifíseán ceangailte
den Idirlíon trí cheangal ardluais
leathanbhanda. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail de líonra agus den
Idirlíon (Lch 58).
Roghnaigh treoir clár ón Idirlíon
Seiceáil na socruithe seo a leanas, sula
n-úsáideann tú an treoir clár:
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [Treoir
theilifíse].
3. Roghnaigh [Ón Idirlíon], ansin brúigh OK.
Tar ar treoir clár ón Idirlíon
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Treoir theilifíse], ansin brúigh
OK.
Nóta: Má tá tú ag féachaint ar threoir clár
den chéad uair, lean na treoracha ar an
scáileán chun an treoir a thabhairt cothrom
le dáta.
Saincheap an treoir clár ón Idirlíon
Leis an treoir clár is féidir:
Taifeadtaí clár a sceidealadh. Féach Bain
níos mó úsáide as do theilifíseán >
Taifead seónna teilifíse > Sceideal
taifeadtaí (Lch 26).
Cainéil a aithint.
An lá taispeána a roghnú.
Athlódáil agus zúmáil isteach sa treoir clár.
Féachaint ar eolas slándála.
Nóta: Braithfidh na roghanna ar an eolas clár
atá ar fáil ón gcraoltóir.
1. Sa treoir clár, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK:
[Taifead]: Socraigh taifeadadh sceidealta.
[Aithin cainéal]: Tabhair eolas cainéil
chun dáta de láimh.
[Roghnaigh lá]: Roghnaigh an lá taispeána.
[Taifeadadh láimhe]: Socraigh taifeadadh
láimhe.
[Athlódáil leathanach]: Athnuaigh an
leathanach taispeána.
[Zúmáil]: Athraigh leibhéal zúmála an
leathanaigh taispeána.
[Eolas slándála]: Taispeáin eolas
slándála cláir.
[Pictiúr agus fuaim]: Tá socruithe
pictiúir agus fuaime do theilifíseáin
sainithe roimh ré. Chun na socruithe sin
a fheidhmiú, nó iad a athrú, féach Úsáid
do theilifíseán > Féach ar teilifís >
Úsáid réamhshocruithe pictiúir agus
fuaime (Lch 14).
[Scáileán múchta]: Mura dteastaíonn uait
ach éisteacht le fuaim ón teilifíseán, is féidir
an taispeáint a mhúchadh. Oibreoidh na
feidhmeanna eile mar is gnách.
Féach ar 3D
An méid a bheidh uait
Teilifíseán 3D is ea do theilifíseán. Sula
bhféachann tú ar 3D, léigh an rabhadh sláinte
i Tábhachtach > Sábháilteacht > Rabhadh
sláinte 3D (Lch 4).
Chun féachaint ar 3D ar an teilifíseán seo,
úsáid spéaclaí Philips Active, PTA508 nó
PTA518 (a dhíoltar mar mhíreanna ar leithligh).
Nóta:
D'fhéadfadh spéacslaí 3D ó bhrandaí
eile an éifeacht 3D a laghdú nó a
chailleadh.
Ní thacaítear le formáidí 3D áirithe.