operation manual

GA
17
Gaeilge
Agus tú ag féachaint ar inneachar 3D le
spéaclaí gníomhacha 3D faoi shoilsiú
fluaraiseach nó soilsiú LED, seans go
bhfeicfidh tú na soilse a caochaíl. Má
fheiceann, múch na soilse.
Chun an eispéireas 3D is fearr a bheith agat
agus tú ag feachaint ar chláir 3D:
Suigh fad trí oiread airde teilifíseáin ón
teilifíseán, ar a laghad. Ná suigh níos
faide ná 6m ón teilifíseán.
Tosaigh 3D
Uathchumasaigh 3D
Braitheann an teilifíseán é nuair a bhíonn 3D
ar fáil agus iarrann sé ort do spéaclaí 3D a chur
ort sula bhféachann tú air. Chun freagairt an
teilifíseáin nuair a bhraitear comhartha 3D a
shocrú:
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [3D] > [Athraigh go 3D].
3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK.
[Uathoibríoch]: Athraíonn an teilifíseán
go 3D as a stuaim féin.
[Fógra amháin] Taispeánann an teilifíseán
fógra ar dtús.
[Ná taispeáin riamh]: Fógra ar bith.
Roghnaigh foinse le 3D
I gcás dioscaí 3D:
1. Seinn an diosca ar sheinnteoir dioscaí 3D
Blu-ray atá ceangailte de nascóir HDMI an
teilifíseáin.
2. Brúigh
SOURCE, ansin roghnaigh an
seinnteoir dioscaí 3D Blu-ray.
Le haghaidh clár teilifíse 3D:
1. Roghnaigh [Féach ar teilifís], ansin athraigh
go cainéal teilifíse a chraolann inneachar 3D.
Nóta:
Chun athrú ar ais go 2D, brúigh
OPTIONS. Roghnaigh [Pictiúr agus
fuaim] > [Socruithe 3D] > [2D].
Má athraíonn tú go cainéal eile nó go gléas
ceangailte, athraíonn an teilifís go 2D.
Roghnaigh formáid ionchuir 3D
Braitheann an teilifíseán é nuair a bhíonn
3D ar fáil agus iarrann sé ort do spéaclaí 3D
a chur ort sula bhféachann tú air. Murar
féidir leis an teilifíseán an comhartha 3D a
bhrath toisc clibín comhartha 3D a bheith
ar iarraidh, taispeánann sé an íomhánna a
bhfuil forluí eatarthu.
Chun athrú ó íomhánna forluiteacha go 3D,
athraigh an fhormáid 3D.
1. Brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] >
[Socruithe 3D].
3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK.
[3D - Taobh le taobh]: Roghnaigh má
thaispeánann an teilifíseán pictiúir a
bhfuil forluí ingearach eatarthu.
[3D - Barr / bun]: Roghnaigh má
thaispeánann an teilifíseán pictiúir a
bhfuil forluí cothrománach eatarthu.
[3D - Barr / bun aisiompaithe]
[3D - Na taobhanna aisiompaithe]:
Roghnaigh má thaispeánann an teilifíseán
íomhánna as riocht, ar nós cuma ar an
gcúlra go bhfuil sé níos gaire duit.
Tiontaigh 2D go 3D
Is féidir clár 2D ar bith a thiontú chun
féachaint air in 3D.
1. Brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] >
[Socruithe 3D] > [Tiontú 2D go 3D].