operation manual
GA
18
Chun an doimhneacht 3D a cheartú.
1. Brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] >
[Éifeachdt 3D].
3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK.
Chun tiontú 2D go 3D a mhúchadh:
1. Brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] >
[Socruithe 3D] > [2D], ansin brúigh OK.
Nóta: Má athraíonn tú go gníomhaíocht eile,
bíonn deireadh leis an tiontú.
Seinn comhaid ilmheáin
An méid is féidir leat a dhéanamh
Is féidir leat físeáin, grianghraif, agus ceol a
sheinm ar do theilifíseán ó:
• Do ríomhaire ach é bheith ceangailte
den líonra baile.
• Gléas USB atá ceangailte den teilifíseán.
Seinn comhaid ón ríomhaire
An méid a bheidh uait
• Líonra baile sreangtha nó gan sreang,
agus é ceangailte de ródaire uilíoch Plug
and Play (uPnP).
• Roghnach: Cábla LAN a cheanglaíonn
do theilifíseán den líonra baile.
• Freastalaí meán ag rith ar do ríomhaire.
• Socruithe cuí ar bhalla tine do ríomhaire
chun gur féidir leat an freastalaí meán a rith.
Cumraigh an líonra
1. Ceangail do theilifíseán agus an ríomhaire
den líonra baile céanna. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail de líonra agus den
Idirlíon (Lch 58).
2. Cas do ríomhaire agus an ródaire air.
Nóta:
Mura bhfilleann an gléas ar mhód DLNA
toisc cur isteach leictreach ó lasmuigh (m.sh.
díluchtú leictreastatach), beidh gá le
hidirghabháil ón úsáideoir.
Cumraigh comhroinnt meán
1. Suiteáil freastalaí meán ar do ríomhaire
chun comhaid meán a chomhroinnt. Seo a
leanas roinnt freastalaithe meán:
• Le haghaidh PC: Windows Media
Player 11 (nó níos airde) nó TVersity
• Le haghaidh Mac: Twonky
2. Cuir comhroinnt meán air ar do ríomhaire
leis an bhfreastalaí meán. Gheobhaidh tú
tuilleadh eolais ar conas freastalaí meán a
chumrú ach dul chuig suíomh Gréasáin an
fhreastalaí mheán.
Seinn comhaid
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh [Brabhsáil líonra], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh comhad ón mbrabhsálaí inneachair,
ansin brúigh OK chun an tseinm a thosú.
4. Brúigh na Cnaipí seanma chun an tseinm a
rialú.
5. Roghnach: Chun freastalaí meán eile a
roghnú, roghnaigh [Freastalaí meán]
Leideanna:
• Roghnaigh an barra uachtarach chun do
chomhaid a scagadh de réir cineáil.
• Roghnaigh [Sórtáil] chun na comhaid a
shocrú de réir ainm an albaim, de réir
ealaíontóra nó de réir réimsí eile.
• Chun liosta na bhfreastalaithe meán as
líne a ghlanadh, brúigh
OPTIONS
ROGHANNA [Glan freastalaithe as
líne] agus brúigh OK.
Seinn comhaid ó ghléas USB
Má tá grianghraif, físeáin nó comhaid cheoil
agat ar ghléas stórála USB, is féidir na comhaid
a sheinm ar teilifís.
Rabhadh:
• Ní bheidh TP Vision freagrach mura
dtacaítear leis an ngléas stórála USB, nó
má chailltear sonraí sa ghléas, nó má
dhéantar damáiste dó.
• Ná déan an port USB a ró-ualú. Má
cheanglaíonn tú gléas stórála USB a
ídíonn breis is 500mA cumhachta, bí
cinnte go mbíonn sé ceangailte dá
sholáthar cumhachta seachtrach féin.