operation manual

GA
19
Gaeilge
Brabhsáil gléas USB
1. Ceangail an gléas USB den nascóir USB ar
an teilifíseán.
2. Brúigh
SOURCE, roghnaigh [USB],
agus ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh comhad ón mbrabhsál
inneachair, ansin brúigh OK chun an tseinm
a thosú.
4. Brúigh na Cnaipí seanma chun an tseinm
a rialú.
5. Roghnach: Chun gléas USB eile a roghnú,
roghnaithe [gléas USB] ag bun scáileán na
teilifíse.
Leideanna:
Roghnaigh an barra uachtarach chun do
chomhaid a scagadh de réir cineáil.
Roghnaigh [Sórtáil] chun na comhaid a
shocrú de réir ainm, de réir dáta, nó de
réir réimse eile.
Roghanna seanma
Féach ar fhíseán
1. Roghnaigh sa bharra uachtarach.
2. Roghnaigh físeán, ansin brúigh OK.
3. Roghnach: Chun gach físeán i bhfillteán a
sheinm, roghnaigh físeán, ansin roghnaigh
[Seinn gach ceann].
Chun dul go dtí an chéad fhíseán eile nó
an físeán deireanach, brúigh CH+ CH-.
Brúigh OK chun an físeán a chur ar sos.
Brúigh OK arís chun an tseinm a atosú.
Chun dul ar aghaidh nó siar 10 soicind,
brúigh
.
Chun cuardach ar aghaidh nó siar, brúigh
. Brúigh an cnaipe arís agus arís
eile chun scoránú idir luasanna difriúla.
Chun físeán a stopadh, Brúigh
.
Roghanna físeáin
Agus físeán á sheinm agat, brúigh
OPTIONS,
ansin brúigh OK chun rogha a roghnú:
[Fotheidil]: Roghnaigh na socruithe
fotheidil ata ar fáil.
[Teanga fotheideal]: Roghnaigh teanga
na bhfotheideal má tá sin ar fáil.
[Sraith carachtar]: Roghnaigh an tsraith
carachtar a oireann do na fotheidil.
[Teanga fuaime]: Roghnaigh teanga fuaime.
[Athsheinn]: Roghnaigh [Athsheinn]
chun comhad físeáin a sheinm arís agus
arís eile nó [Seinn uair amháin] chun an
comhad físeáin a sheinm uair amháin.
[Freastalaí meán]: Agus inneachar ó
fhreastalaí meán á sheinm agat, is féidir
freastalaí meán eile a roghnú.
[Suaitheadh ann] / [Suaitheadh as]:
Cumasaigh nó díchumasaigh comhaid
físeáin a sheinm go randamach.
[DivX(R) VOD]: Taispeáin cód
clárúcháin agus an cód díchlárúcháin
DivX an teilifíseáin seo.
Nóta:
Chun féachaint ar eolas mar gheall ar fhíseán
(mar shampla, suíomh seinnte, fad, teideal,
nó dáta), roghnaigh an físeán, ansin brúigh
INFO.
Chun an t-eolas a cheilt, brúigh INFO arís.
Éist le ceol
1. Roghnaigh sa bharra uachtarach.
2. Roghnaigh rian, ansin brúigh OK.
3. Roghnach: Chun gach rian i bhfillteán a
sheinm, roghnaigh rian, ansin roghnaigh
[Seinn gach ceann].
Chun dul go dtí an chéad rian eile nó an
rian deireanach, brúigh CH+ CH-.
Brúigh OK chun an rian a chur ar sos.
Brúigh OK arís chun an tseinm a atosú.
Chun dul ar aghaidh nó siar 10 soicind,
brúigh
.
Chun cuardach ar aghaidh nó siar,
brúigh
. Brúigh arís agus arís
eile chun scoránú idir luasanna difriúla.
Chun an ceol a stopadh, Brúigh
.
Roghanna ceoil
Agus ceol á sheinm agat, brúigh
OPTIONS, ansin brúigh OK chun
rogha a roghnú:
[Athsheinn]: Roghnaigh [Athsheinn]
chun rian nó albam a sheinm arís agus
arís eile, nó roghnaigh [Seinn uair amháin]
chun rian a sheinm uair amháin.
[Freastalaí meán]: Agus inneachar ó
fhreastalaí meán á sheinm agat, is féidir
freastalaí meán eile a roghnú.
[Suaitheadh ann] / [Suaitheadh as]:
Cumasaigh nó díchumasaigh rianta a
sheinm go randamach.