operation manual

GA
20
Nóta:
Chun féachaint ar eolas mar gheall ar amhrán
(mar shampla, teideal, amhránaí nó fad),
roghnaigh an t-amhrán, ansin brúigh
INFO.
Chun an t-eolas a cheilt, brúigh INFO arís.
Féach ar ghrianghraif
1. Roghnaigh sa bharra uachtarach.
2. Roghnaigh mion-ghrianghraif, ansin brúigh OK.
Tosaigh taispeántas sleamhnán
Má tá líon mór grianghraf i bhfillteán, roghnaigh
grianghraf, ansin roghnaigh [Taispeántas
sleamhnán].
Chun dul go dtí an chéad ghrianghraf
eile nó an ghrianghraf deireanach,
brúigh CH+ CH-.
Chun an taispeántas sleamhnán a
stopadh nó an grianghraf a dhúnadh,
brúigh
LIST .
Roghanna taispeántas sleamhnán
Agus seó sleamhnán á sheinm agat, brúigh
OPTIONS, ansin brúigh OK chun rogha a
roghnú:
[Suaitheadh as] / [Suaitheadh ann]:
Cumasaigh nó díchumasaigh pictiúir i
dtaispeántas sleamhnán a thaispeáint go
randamach.
[Athsheinn]: Roghnaigh [Athsheinn]
chun féachaint ar sheó sleamhnán arís
agus arís eile nó [Seinn uair amháin]
chun féachaint air uair amháin.
[Tráth an taispeántais sleamhnán]:
Roghnaigh am taispeána le haghaidh
gach grianghraif sa taispeántas
sleamhnán.
[Athruithe sa taispeántas sleamhnán]:
Roghnaigh an t-athrú ó ghrianghraf
amháin go dtí an chéad cheann eile.
[Freastalaí meán]: Agus inneachar ó
fhreastalaí meán á sheinm agat, is féidir
freastalaí meán eile a roghnú.
Seinn DivX® VOD (Video On Demand)
Teilifíseán DivX Certified(R) is ea é seo agus
seinntear físeáin ardchaighdeán DivX
Video-On-Demand air.
Chun físeáin DivX VOD a sheinm ó stór
físeán nó ó do ríomhaire, ní mór, ar an gcéad
dul síos, DivX VOD a ghníomhachtú ar an
teilifíseán. Ní ghearrtar táille as DivX VOD a
ghníomhachtú ar do theilifíseán.
Cláraigh an teilifíseán
Mura bhfuil an teilifíseán gníomhachtaithe
nuair a thosaíonn tú ag athsheinm físeán
DivX ar cíos, taispeánfaidh an teilifís an cód
clárúcháin DivX a theastaíonn chun an
teilifíseán seo a ghníomhachtú.
Lean na céimeanna seo a leanas chun clárú.
1. Nuair a thaispeánann an teilifís an cód
clárúcháin 8 ndigit nó 10 ndigit, scríobh síos an
cód agus téigh chuig http://vod.divx.com.
2. Íoslódáil bogearraí an tseinnteora DivX ar do
ríomhaire agus déan na bogearraí a shuiteáil.
3. Tosaigh bogearraí an tseinnteora DivX
agus cruthaigh Cuntas DivX: Cliceáil VOD >
Cruthaigh Cuntas DivX.
4. Ar an tseinnteoir DivX cláraigh an teilifíseán
le cód clárúcháin an teilifíseáin. Cliceáil VOD >
Cláraigh Gléas Deimhnithe DivX.
5. Nuair a fhaigheann tú an nod, íoslódáil
agus sábháil an físeán clárúcháin ar mhearóg
USB nó ar do fhreastalaí meán ceangailte.
6. Téigh chuig an teilifíseán agus seinn an
físeán clárúcháin air. Sin deireadh leis an
gclárú agus tá DivX gníomhachtaithe ar do
theilifíseán.
Gheofar tacaíocht mhionsonraithe ar
shuíomh Gréasáin DivX.
Chun an teilifíseán seo a dhíchlárú:
1. Brúigh
SOURCE.
2. Roghnaigh [Brabhsáil USB], ansin brúigh
OK.
3. Brúigh
OPTIONS, roghnaigh [DivX(R)
VOD], agus ansin brúigh OK.
4. Lean na treoracha ar an scáileán.