operation manual
GA
21
Gaeilge
Smart TV
An méid is féidir leat a dhéanamh
NonPublis h
Le Feidhmchláir Idirlín, ar suíomhanna
Gréasáin iad atá curtha in oiriúint do do
theilifíseán, beidh na gnéithe seo a leanas
agat agus tuilleadh nach iad le sult a
bhaint astu:
• Ceannlínte nuachtáin a léamh
• Féachaint ar fhíseáin agus iad a fháil ar cíos
• Réamhaisnéis na haimsire a sheiceáil
• Cláir theilifíse a chaill tú a fheiceáil
Faigh amach tuilleadh mar gheall ar sheirbhísí
Smart TV ó shuíomh Gréasáin fhóram Smart
TV, www.supportforum.philips.com.
Nóta:
• Ní hionann seirbhísí agus feidhmchláir
Smart TV i ngach aon tír.
• Braitheann feidhmchláir maidir le cláir
theilifíse chaille agus na cláir féin ar shocrú
tíre do theilifíseáin. Le fáil amach cad iad
na cláir theilifíse atá ar fáil, téigh chuig an
treoir clár laistigh den fheidhmchlár.
• Taispeánann Smart TV leathanach amháin
ag an am, in amharc scáileán iomlán.
• D'fhéadfadh sé nach mbeadh
suíomhanna áirithe Gréasáin le feiceáil
ina n-iomláine. D'fhéadfadh nach
mbeadh feidhmeanna a dteastaíonn
breiseán uathu ar fáil.
• Níl aon fhreagracht ar TP Vision
Netherlands B.V. maidir le hinneachar
ná cáilíocht an inneachair a
sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse
inneachair.
An méid a bheidh uait
1. Ar do líonra baile, ceangail an teilifíseán
den Idirlíon.
2. Cumraigh Smart TV ar do theilifíseán.
3. Roghnach: Cláraigh le Philips ar do PC,
chun go mbeidh buntáistí speisialta agat agus
chun an scéala is déanaí a fháil mar gheall ar
tháirgí. Is féidir clárú uair ar bith.
Ceangail an teilifíseán den Idirlíon
1. Ar do líonra baile, ceangail ródaire a bhfuil
ceangal ardluais aige den Idirlíon.
2. Cuir an ródaire air
3. Suiteáil an líonra. Féach Ceangail an
teilifíseán > Ceangail de líonra agus den
Idirlíon (Lch 58).
Tosaigh Smart TV
1. Brúigh SMART TV.
Taispeántar na téarmaí agus na coinníollacha.
2. Lean na treoracha ar an scáileán chun an
clárú a chríochnú.
Nóta: An chéad uair a thosaíonn tú Smart
Tv, iarrfar ort an dteastaíonn uait rialú
tuismitheora a chumasú chun feidhmchláir
do dhaoine fásta a ghlasáil. Má dhéanann tú
feidhmchlár do dhaoine fásta a ghlasáil, beidh
fógraí agus leathanaigh Ghréasáin nár
oiriúnaíodh do Smart TV le feiceáil i gcónaí.
Tar ar fheidhmchláir Smart TV
Is féidir teacht ar fheidhmchláir trí leathanach
baile Smart TV. Taispeánann na híocóin ar an
leathanach seo na feidhmchláir atá suiteáilte
ar do theilifíseán.
Chun teacht ar fheidhmchlár, roghnaigh an
feidhmchlár, ansin brúigh OK mar dheimhniú.
Cuir feidhmchláir leis
1. Roghnaigh [Gailearaí Feidhmchlár], ansin
brúigh OK.
2. Roghnaigh feidhmchlár, ansin brúigh OK
chun é a chur le do scáileán baile.
3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an
feidhmchlár a chur leis.
Leideanna:
• Is féidir feidhmchláir atá ar fáil i dtíortha
eile a chuardach.
• Chun filleadh ar leathanach baile Smart
TV, brúigh
LIST.