operation manual
GA
22
Nóta: Tugtar seirbhísí Smart TV chun dáta sa
ghnáthchúrsa. Chun féachaint ar na
nuashonruithe is déanaí, i [Gailearaí
Feidhmchlár], roghnaigh [Gach Ceann],
ansin athraigh é go [Nua].
Tar ar shuíomhanna Gréasáin
1. Roghnaigh feidhmchlár Idirlín, ansin brúigh OK.
2. Roghnaigh réimse an tseolta Ghréasáin,
ansin brúigh OK.
Beidh méarchlár le feiceáil ar an scáileán.
3. Roghnaigh carachtar le haghaidh gach
carachtar den seoladh Gréasáin, ansin brúigh OK.
Leid: Is féidir na Cnaipí uimhriúla ar an
gcianrialtán teilifíse a úsáid, leis, chun seoladh
Gréasáin a chur isteach.
Zúmáil ar leathanach
Chun zúmáil isteach agus amach as
leathanach Idirlín, déan é seo:
1. Brúigh
OPTIONS, ansin roghnaigh
[Zúmáil].
2. Socraigh an méadú leis an mbarra
sleamhnóra.
3. Úsáid na Cnaipí treoleanúna chun léim
idir míreanna aibhsithe agus scoránú trí
leathanach Idirlín.
Leathanaigh a scoránú
Brúigh na Cnaipí treoleanúna
and
chun scoránú suas agus síos leathanach
Gréasáin.
Athlódáil leathanach
Mura lódálann leathanach i gceart, brúigh
OPTIONS, ansin roghnaigh [Athlódáil
leathanach].
Féach eolas slándála
Chun féachaint ar eolas slándála mar gheall
ar leathanach, brúigh
OPTIONS, ansin
brúigh [Eolas slándála].
Roghanna Smart TV
Glan cuimhne Smart TV
Is féidir cuimhne Smart TV a ghlanadh ina
hiomláine, lena n-áirítear do cheanáin, cód
rialaithe tuismitheora, pasfhocail, fianáin,
agus stair.
Rabhadh: Athshocraíonn an rogha seo cuimhne
Smart TV ina iomláine. Scriosann sé, leis,
socruithe na bhfeidhmchlár idirghníomhach
eile ar nós DTVi (Teilifís dhigiteach
idirghníomhach).
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
líonra].
3. Roghnaigh [Glan cuimhne Idirlín], ansin
brúigh OK.
Faigh físeáin ar líne ar cíos
An méid a bheidh uait
Bí cinnte go bhfuil do theilifíseán ceangailte
den Idirlíon trí cheangal ardluais
leathanbhanda. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail de líonra agus
den Idirlíon (Lch 58).
Tar ar shiopa físeán
1. Brúigh SMART TV.
2. Tar ar [Gailearaí Feidhmchlár] chun
feidhmchláir siopa físeán atá ar fáil i do thír
a chuardach.
3. Roghnaigh siopa, ansin brúigh OK mar
dheimhniú.
Cuirtear íocón an tsiopa fhíseán leis an
leathanach baile.
4. Chun teacht ar shiopa, roghnaigh íocón an
tsiopa agus brúigh OK.
Faigh físeán ar cíos
Lean na treoracha ar an scáileán chun físeán
a íoslódáil agus féachaint air.
1. Oscail feidhmchlár siopa físeán.
D'fhéadfadh sé go gcaithfeá clárú nó do
sonraí logála isteach a chur isteach.
2. Roghnaigh físeán.
3. Déan an íocaíocht ar líne.
4. Tosaigh ag féachaint ar an bhfíseán.