operation manual

GA
23
Gaeilge
Teilifís idirghníomhach
An méid is féidir leat a dhéanamh
Le teilifís idirghníomhach, is féidir leat
féachaint ar eolas breise agus ar leathanaigh
shiamsaíochta a sholáthraíonn craoltóirí
teilifíse digití. Bain taitneamh as
idirghníomhaíocht i bhfírinne trí fhreagairt go
díreach don inneachar digiteach.
Nóta: Ní féidir an ghné seo a úsáid chun
comhaid a íoslódáil ar do theilifís.
Baineann craoltóirí úsáid as córais éagsúla
teilifíse idirghníomhaí, ar nós:
HbbTV (Hybrid Broadcast Broadband
TV/Teilifís Hibrideach Leathanbhanda
Craolta)
iTV (Teilifís Idirghníomhach - MHEG)
MHP (Multimedia Home
Platform/Ardán Ilmheán Baile)
DTVi (Digital TV interactive/Teilifís
Dhigiteach Idirghníomhach)
Téigh chuig suíomh Gréasáin an chraoltóra
chun fáil amach cén córas idirghníomhach atá
ar fáil i do thír féin.
Seo cuid de na gníomhaíochtaí
idirghníomhacha a bheidh ar fáil duit le sult a
bhaint astu:
Féachaint ar eolas mar gheall ar chláir
theilifíse
Dul isteach i quiz nó i gcomórtas
Cluichí a imirt
Siopadóireacht a dhéanamh ar líne
Íoc as clár VOD (físeán ar éileamh)
Vótáil
Comhrá a dhéanamh
An méid a bheidh uait
Seo na rudaí a bheidh uait chun sult a bhaint
as an tseirbhís seo:
Cainéil dhigiteacha a bhfuil seirbhísí
idirghníomhacha acu
Líonra baile sreangtha nó gan sreang,
agus é ceangailte trí ródaire uilíoch Plug
and Play (uPnP).
Chun ceangal de líonra, féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail de líonra agus den
Idirlíon (Lch. 58).
Tar ar theilifís idirghníomhach
Is féidir cainéil a thairgeann seirbhísí
idirghníomhacha a aithint ó theachtaireacht a
thugann cuireadh duit an Cnaipe dearg
OK a bhrú chun clár idirghníomhach a fháil.
1. Athraigh go cainéal digiteach a bhfuil
seirbhísí idirghníomhacha aige.
Bíonn siombail caochta le feiceáil fad a
bhíonn an feidhmchlár á lódáil. Bíonn íocón
le feiceáil nuair a bhíonn an feidhmchlár
lódáilte.
2. Brúigh an Cnaipe dearg OK chun an
feidhmchlár idirghníomhach a lainseáil.
3. Lean na treoracha ar an scáileán agus úsáid
do chianrialtán chun treoleanúint a dhéanamh
idir na leathanaigh idirghníomhacha.