operation manual

GA
25
Gaeilge
Craoladh beo teilifíse a chur ar sos
1. Ar chainéal digiteach, brúigh chun clár
teilifíse a chur ar sos.
2. Brúigh chun leanúint ar aghaidh leis an gclár.
Taispeánann an barra stádais na táscairí ama seo:
A. An chéad uair a cuireadh an clár ar sos.
B. An áit a sroicheadh sa chlár atá ar sos i
láthair na huaire.
C. An áit ar stop an clár beo ag craoladh.
Chun féachaint ar an gcraoladh stóráilte,
brúigh
chun cuardach ar
aghaidh nó siar
Chun luas an athsheanma a athrú,
brúigh
arís agus arís eile.
Chun féachaint ar chraoladh beo
teilifíse, brúigh
.
Nóta: Má tá taifeadadh ar siúl, ní bheifear in
ann an craoladh teilifíse a chur ar sos.
Scriostar an craoladh atá stóráilte ar an
tiomántán crua USB má dhéantar aon
cheann díobh seo a leanas:
An tiomántán crua USB a dhícheangal
den teilifíseán.
Clár teilifíse a chur á thaifeadadh.
Dul chuig Smart TV.
An teilifíseán a chur ar fuireachas.
Athrú go cainéal eile.
Athraigh an fhoinse chun féachaint ar
inneachar ó ghléas ceangailte, ar nós
seinnteoir dioscaí Blu-ray nó glacadóir
digiteach.
Seónna teilifíse a thaifeadadh
An méid is féidir leat a dhéanamh
Más féidir le do theilifíseán treoracha clár a
fháil, beidh tú ábalta cláir theilifíse a
thaifeadadh ar thiomántán crua USB. Is féidir
idir chláir theilifíse chraolta agus chláir nár
craoladh fós a thaifeadadh.
Nóta:
Ní thacaítear le taifeadadh ach amháin sna
tíortha sin ina gcuirtear treoir clár ar fáil.
Sna tíortha Nordacha, soláthraíonn an
teilifíse tacaíocht theoranta d'fhotheidil
fad a bhíonn cláir theilifíse á dtaifeadadh.
An méid a bheidh uait
Tiúnáil do theilifíseán chun cainéil
theilifíse digití a fháil, ar nós craoltaí
DVB. Féach Athraigh do shocruithe
teilifíse > Cainéil > Suiteáil
uathoibríoch (Lch 37).
Ceangail tiomántán diosca crua
comhoiriúnach USB 2.0 (HDD), 32 GB
ar a laghad, a bhfuil 30 meigighiotán ar a
laghad de luas aistrithe sa soicind aige.
Don fheidhmíocht is fearr, úsáid
tiomántán crua a bhfuil 250 GB de spás
diosca aige. Is féidir an tiomántán crua
USB céanna a úsáid chun seónna
teilifíse a thaifeadadh agus a chur ar sos.
Suiteáil tiomántán crua USB
Chun seónna teilifíse a thaifeadadh, ní mór
tiomántán crua USB a cheangal den teilifíseán
agus é a fhormáidiú.
Mura n-aithníonn an teilifíseán an tiomántán
crua USB, formáidigh é go córas NTFS nó
FAT32 ar PC, agus bain triail eile as.
Rabhadh:
Ní bheidh TP Vision freagrach mura
dtacaítear leis an tiomántán crua USB,
nó má chailltear sonraí sa ghléas, nó má
dhéantar damáiste dó.
Baineann formáidiú gach sonra den
tiomántán crua USB ceangailte.