operation manual

GA
28
Nóta:
Ní féidir glao éigeandála a dhéanamh le
Skype. Ní féidir le Skype áit do
theileafóin a ghabháil agus ní féidir
glaonna éigeandála a dhéanamh leis.
Tá Skype suiteáilte roimh ré ar an
teilifíseán seo agus tá sé réidh le húsáid.
Ní gá aon chomhad a íoslódáil ná a
shuiteáil chun Skype a úsáid. Ní gá ach
físcheamara teilifíse Philips a cheangal
chun Skype a úsáid.
An méid a bheidh uait
scheamara teilifíse Philips, PTA317/00
(a dhíoltar mar mhír ar leithligh), le
micreafón ionsuite. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail gléasanna eile >
Ceamara físghlao (Lch 54).
Ceangail Idirlín.
Líonra baile sreangtha nó gan sreang.
Chun ceangal de líonra, féach Ceangail
do theilifíseán > Ceangail de líonra
agus den Idirlíon (Lch 58).
Cuntas Skype. Is féidir cuntas Skype a
chruthú ar an teilifíseán seo nó ó do
ríomhaire.
Leid: Má tá méarchlár USB ceangailte den
teilifíseán agat, is féidir an téacs a chur isteach
ón méarchlár. I gcás ceangail mhéarchláir,
féach Ceangail do theilifíseán > Ceangail
gléasanna eile > Méarchlár agus luchóg
(Lch 54).
Tosaigh Skype
Sínigh isteach i do chuntas
1. Brúigh
, ansin roghnaigh [Skype].
2. Cuir isteach do [Ainm Skype] agus
[Pasfhocal]. Chun téacs a chur isteach,
roghnaigh gach réimse agus brúigh OK chun
dul go dtí an méarchlár scáileáin.
3. Roghnaigh [Sínigh isteach], ansin brúigh
OK.
Taispeántar roghchlár Skype.
Leid: Má tá do phasfhocal dearmadta agat,
tosaigh Skype ar do ríomhaire. Téigh chuig
www.skype.com chun do phasfhocal a fháil.
Cruthaigh cuntas
Mura bhfuil ainm agus pasfhocal Skype agat,
is féidir cuntas a chruthú ó do theilifíseán.
1. Roghnaigh [Níl Ainm Skype agat?], ansin
brúigh OK.
2. Léigh Comhaontú Úsáideora Deiridh
Skype, na Téarmaí Seirbhíse agus an Ráiteas
Príobháide. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Glac]
agus brúigh OK.
3. Nuair a iarrtar é, cuir isteach d'ainm,
d'Ainm Skype, do phasfhocal agus do
sheoladh r-phoist.
4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Cruthaigh
cuntas] agus brúigh OK.
Glactar le do chuntas nua agus tá tú sínithe
isteach.
Má iarrtar é, lean na treoracha ar an scáileán
chun athrú a dhéanamh ar iontráil.
Sínigh amach as Skype
I roghchlár Skype, roghnaigh [Sínigh Amach],
ansin brúigh OK.
Bainistigh teagmhálaithe
Is féidir teagmhálacha a fheiceáil ar líne nó as
líne agus teagmhálacha a chur leo. Is féidir
teagmháil roghnaigh a bhlocáil nó a dhíbhlocáil.
Cuir teagmháil leis
1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Teagmhálaithe],
ansin brúigh OK.
2. Brúigh
OPTIONS, ansin roghnaigh
[Cuir teagmháil Skype leis] [Cuir
teagmháil SkypeOut leis].
3. Brúigh OK chun an méarchlár scáileáin a
thaispeáint.
4. Lean na treoracha ar an scáileán chun na
sonraí a chur isteach.
Taispeántar liosta próifílí.
5. Roghnaigh teagmháil, ansin brúigh OK.
Cuirtear iarratas cuiridh chuig an teagmháil.
Feictear ainm na teagmhála as líne go dtí go
nglacann an teagmháil leis an iarratas.
Glac le hiarratas teagmhála
Is féidir le húsáideoirí eile Skype cuireadh a
thabhairt duit bheith ar a liosta
dteagmhálaithe siúd. Gheobhaidh tú
teachtaireacht ina thaobh, agus beidh tú in
ann glacadh leis nó é a dhiúltú.