operation manual

GA
3
Gaeilge
1 Tábhachtach
Sábháilteacht
Réamhchúraimí
Léigh agus bí cinnte go dtuigeann tú gach
treoir sula n-úsáideann tú do theilifíseán. Má
dhéantar damáiste toisc nach leantar na
treoracha, ní bheidh feidhm leis an mbaránta.
Riosca turrainge leictrí nó dóiteáin!
Ná nocht an teilifíseán riamh do
bháisteach ná d'uisce. Ná cuir gabhdán
ina bhfuil leacht, vása mar shampla, in
aice an teilifíseáin riamh. Má dhoirtear
leacht ar an teilifíseán nó isteach ann,
dícheangal an teilifíseán láithreach den
asraon cumhachta. Iarr ar Philips
Consumer Care an teilifíseán a sheiceáil
sula n-úsáideann tú arís é.
Ná cuir an teilifíseán, an cianrialtán ná
na cadhnraí gar do lasair nochta ná
d'aon fhoinse eile teochta riamh.
Áirítear air sin solas díreach ón ngrian.
Chun nach leathfar dóiteáin, coimeád
coinnle agus gach lasair eile amach i
gcónaí ón teilifíseán, ón gcianrialtán agus
ó chadhnraí.
Ná sáigh rud ar bith riamh isteach sa
slota aeraithe ná in aon oscailt eile sa
teilifíseán.
Ná nocht an cianrialtán ná na cadhnraí
riamh do bháisteach, d'uisce ná do
theas iomarcach.
Seachain brú ag teacht ar phlocói
cumhachta. Bí cinnte go mbíonn an
phlocóid chumhachta ionsáite go hiomlán
sa soicéad cumhachta. Is féidir le plugaí
scaoilte cumhachta bheith ina gcúis le
stuáil nó le dóiteán.
Agus an teilifíseán á sclóineadh, bí
cinnte nach gcuirtear straidhn ar an
gcorda cumhachta. D'fhéadfadh
straidhn ar an gcorda bheith ina chúis le
ceangal scaoilte as a leanfadh stuáil.
Ní mór plocóid chumhachta an
teilifíseáin a dhícheangal chun an
teilifíseán a dhícheangal den phríomhlíne
chumhachta. Agus an chumhacht á
dhícheangal, bí cinnte gurb í an phlocóid
chumhachta seachas an corda a
tharraingíonn tú amach. Bí cinnte i
gcónaí go bhfuil teacht iomlán agat ar
an bpluga cumhachta, ar an gcorda
cumhachta agus ar an soicéad asraoin.
Riosca damáiste don teilifíseán!
Teastaíonn beirt chun teilifíseán ina bhfuil
breis is 25kg nó 55pt meáchain, a iompar.
Agus teilifíseán á fheistiú de sheastán, ná
húsáid aon seastán ach an ceann a
chuirtear ar fáil. Daingnigh an seastán go
docht den teilifíseán. Cuir an teilifíseán
ar dhromchla réidh cothrom ar féidir
leis meáchan an teilifíseáin agus an
seastáin in éineacht a thógáil.
Agus an teilifíseán á dhaingniú den bhalla,
bí cinnte gur féidir leis an bhfeiste balla
meáchan teilifíseáin a iompar. Daingnigh
an feiste ball de bhalla ar féidir leis
meáchan an teilifíseáin agus an fheiste
bhalla araon a thacú. Ní ghlacann TP
Vision Netherlands B.V. aon fhreagacht
as feistiú mícheart de bhalla as a leanann
timpiste, gortú nó damáiste.
Más gá duit an teilifíseán a stóráil, bain
an seastán den teilifíseán. Ná luigh an
teilifíseán ar a chúl riamh agus an
seastán feistithe de.
Sula gceanglaíonn tú an teilifíseán den
asraon cumhachta, bí cinnte go bhfuil an
voltas cumhachta ar aon dul leis an voltas
atá priontáilte ar chúl an teilifíseáin.
ceangail an teilifíseán den asraon
cumhachta riamh murab ionann an voltas.
D'fhéadfadh codanna den táirge seo
bheith déanta as gloine. Láimhsigh go
cúramach chun gortú agus damáiste a
sheachaint.