operation manual
GA
31
Gaeilge
Socruithe Skype
Creidmheas Skype
Le Creidmheas Skype, is féidir glaoch ar línte
talún nó ar fhóin phóca ó do theilifíseán.
Chun Creidmheas Skype a cheannach, ní
mór duit logáil isteach i do chuntas Skype ar
do ríomhaire. Feicfidh tú an méid
Creidmheasa Skype a cheannaigh tú nuair a
logálann tú isteach i do chuntas Skype ó do
theilifíseán.
Sínigh isteach sa ghnáthchúrsa
1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Socruithe],
ansin brúigh OK.
2. Roghnaigh [Socruithe ginearálta] >
[Sínigh isteach mé nuair a thosaíonn Skype],
ansin brúigh OK.
Athraigh do phictiúr próifíle
1. I roghchlár Skype, roghnaigh do Ainm
Skype, ansin brúigh OK.
2. Roghnaigh [Pictiúir próifíle], ansin brúigh .
3. Roghnaigh pictiúr, roghnaigh [Cuir i
bhfeidhm é], agus ansin brúigh OK.
Do phasfhocal Skype a athrú
1. I roghchlár Skype, roghnaigh [Socruithe],
ansin brúigh OK.
2. Roghnaigh [Athraigh Pasfhocal], ansin
brúigh
.
3. Lean na treoracha ar an scáileán chun do
phasfhocal reatha agus do phasfhocal nua a
chur isteach.
4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Cuir i bhfeidhm é]
agus brúigh OK.
Cluichí a imirt
An méid is féidir leat a dhéanamh
Ar an teilifíseán seo, is féidir leat cluichí
aonair nó cluichí dhá imreora* a imirt, i
scáileán iomlán le socruithe barrfheabhsaithe
do chluichí.
An méid a bheidh uait
• Ceangail do chonsól cluichí den
teilifíseán seo. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail gléasanna >
Consól cluichí (Lch 49).
• Trealamh dhá imreora, PTA508 nó
PTA518 (a dhíoltar mar mhíreanna ar
leithligh) le haghaidh cluichíocht dhá
imreora ar scáileán iomlán. Faightear
dhá phéire spéaclaí cluichíochta mar
chuid den trealamh. Féach lámhleabhar
úsáideoir na spéaclaí le fáil amach conas
iad a luchtú agus a chur ann.
Tosaigh ag cluichíocht
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh an consól cluichí, ansin brúigh OK.
3. Más gá, lódáil diosca cluiche ar an gconsól
cluichí, ansin roghnaigh cluiche le himirt.
4. Lean na treoracha ar an scáileán chun tosú
ag cluichíocht.
Tosaigh cluichíocht dhá imreora ar
scáileán iomlán
I roinnt cluichí tairgtear cluichíocht ilimreora
agus scáileán roinnte. Is féidir le teicneolaíocht
3D an teilifíseáin seo na scáileáin roinnt a
thaispeáint mar dhá scáileán iomlána. Leis na
spéaclaí cluichíochta dhá imreora, is féidir le
gach imreoir radhairc dhifriúla a bheith acu ar
an teilifíseán céanna.
1. Brúigh
SOURCE.
2. Roghnaigh an consól cluichí, ansin brúigh OK.
3. Más gá, lódáil diosca cluiche ar an gconsól
cluiche.
4. Ar an gconsól cluichí, roghnaigh cluiche
ilimreora nó cluiche dhá imreora, ansin
roghnaigh amharc scáileán roinnte.
5. Brúigh OPTIONS ar an gcianrialtán teilifíse.
6. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] >
[Cluichíocht dhá imreora].