operation manual
GA
32
7. Roghnaigh [Barr / bun] nó [Taobh le
taobh], ansin brúigh OK.
8. Cuir na spéaclaí dhá imreora ann, brúigh
an lasc roghnaithe imreora, agus ansin cuir
ort iad. (Féach lámhleabhar an úsáideora
maidir leis na spéaclaí cluichíochta dhá
imreora).
Leideanna: Chun féachaint ar roghchláir
chluichí nó scóir, brúigh OK chun mód
amhairc a athrú.
Socruithe cluiche
Socrú pictiúr le haghaidh cluichí
Is féidir an taispeáint teilifíse a bharrfheabhsú
le haghaidh cluichíochta gan moill ar an bpictiúr.
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Pictiúr], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [Cluiche nó ríomhaire] >
[Cluiche].
Fuaim réamhshocraithe do chluichí
Is féidir éifeachtaí fuaime a bharrfheabhsú le
haghaidh cluichíochta.
1. Brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Stíl
fuaime] > [Cluiche], ansin brúigh OK.
Tá an teilifíseán réidh faoi choinne
cluichíochta.
Nóta: Ag deireadh do sheisiiún chluichíochta,
téigh ar ais go dtí an gnáthshocrú fuaime.
Féach ar Teilithéacs
Roghnaigh leathanach
Agus tú ag féachaint ar chainéil a chraolann
teilithéacs, is féidir leat féachaint ar theilithéacs.
1. Roghnaigh cainéal a chraolann teilithéacs,
ansin brúigh TEXT.
2. Roghnaigh leathanach ar cheann de na
slite seo:
• Cuir isteach uimhir leathanaigh leis na
Cnaipí uimhriúla.
• Brúigh CH + / CH - chun dul go dtí an
chéad an leathanach eile nó siar go dtí
an leathanach roimhe.
• Brúigh na Cnaipí datha chun mír a
bhfuil cód datha air a roghnú.
Roghanna teilithéacs
1. Fad atá tú ag féachaint ar theilithéacs,
brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh rogha:
• [Reoigh leathanach] / [Díreoigh
leathanach]: Déan an leathanach reatha
a reo nó a dhíreo.
• [Scáileán déach] / [Scáileán iomlán]:
Déan teilithéacs scáileán déach a
chumasú nó a dhíchumasú. Taispeánann
scáileán déach an cainéal reatha agus an
craoladh teilithéacs ar dhá leath den
scáileán teilifíse.
• [Foramharc ar T.O.P.]: Le craoltaí
teilithéacs Chlár na Leathanach (T.O.P.)
is féidir léim ó ábhar amháin go hábhar
eile gan uimhreacha leathanaigh a chur
isteach.
• [Méadaigh] / [Gnáthamharc]: Zúmáil
isteach ar an leathanach. Brúigh na
Cnaipí nascleanúna chun bogadh
timpeall an amhairc mhéadaithe.
• [Nocht]: Déan eolas ar leathanach a
cheilt nó a thaispeáint, eolas ar nós
réitigh ar chleasanna nó ar phuzail.
• [Déan foleathanaigh a chiogal]: Má tá
foleathanaigh ar fáil, taispeántar gach
ceann sa ghnáthchúrsa.
• [Teanga]: Athraigh go grúpa difriúil
teangacha chun sraitheanna difriúla
carachtar a thaispeáint i gceart.
• [Téacs 2.5]: Féach ar theilithéacs le
breis dathanna agus grafaic níos fearr ná
gnáth-theilithéacs. Má chraolann cainéal
Teilithéacs 2.5, cuirtear air é de réir
réamhshocrú.
Teanga teilithéacs
I gcás cainéal teilifíse digití mar a soláthraíonn
craoltóirí teangacha difriúla teilithéacs, is
féidir leat do rogha chéad teanga agus dara
teanga a roghnú.
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] nó [Socruithe satailíte].
3. Roghnaigh [Teangacha] > [Téacs
Príomhúil] nó [Téacs Tánaisteach].
4. Roghnaigh teanga, ansin brúigh OK.