operation manual
GA
35
Gaeilge
4
Athraigh do
shocruithe teilifíse
Pictiúr agus fuaim
Cúntóir socruithe
Is féidir socruithe pictiúir agus fuaime a
roghnú le cabhair an chúntóra socruithe, a
léiríonn láithreach éifeacht an tsocraithe atá
roghnaithe agat.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] >
[Mearshocruithe pictiúir agus fuaime], ansin
brúigh OK.
3. Roghnaigh [Lean ar aghaidh], ansin brúigh OK.
4. Lean na treoracha ar an scáileán chun do
shocruithe a roghnú.
Socruithe pictiúir eile
Is féidir na socruithe sa roghchlár Pictiúr a athrú.
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Pictiúr], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh socrú le hathrú, ansin brúigh OK.
• [Stíl pictiúir]: Roghnaigh socrú
réamhshainithe pictiúir.
• [Athchuir stíl]: Athchuir an socrú pictiúir
réamhshainithe is deireanaí a roghnaíodh.
• [Codarsnacht chúlsolas 3D] /
[Codarsnacht cúlsolais ]: Ceartaigh gile
an chúlsolais taispeána.
• [Dath]: Ceartaigh sáithiú datha an phictiúir.
• [Géire]: Ceartaigh géire an phictiúir.
• [Laghdú torainn]: Roghnaigh méid an
laghdaithe torainn don phictiúr.
• [laghdú déantáin MPEG]: Déan na
hathruithe agus na smúiteáin sa phictiúr
digiteach níos réidhe.
• [Pixel Plus HD] / [Pixel Precise HD]:
Barrfheabhsaigh gach picteilín chun go
mbeidh sé ar aon dul leis na picteilíní
mórthimpeall air chun íomhá ghléigeal
ardghléine a sholáthar.
- [Ardghéire]: Cumasaigh géire
ardchaighdeáin, go háirithe ar línte agus
ar imlínte sa phictiúr
- [Codarsnacht dhinimiciúil]:
Feabhsaigh go dinimiciúil sonraí na
n-áiteanna dorcha, meánach agus geala
sa phictiúr.
- [Cúlsolas dinimiciúil]: Roghnaigh
leibhéal cúlsolais chun ídiú cumhachta
dinimiciúil agus codarsnacht pictiúir a
bharrfheabhsú.
- [Feabhsúchán datha]: Déan
beogacht agus sonraí na ndathanna a
fheabhsú go dinimiciúil.
• [Ardfhorbartha]: Téigh chuig
ardsocruithe ar nós socruithe gáma,
imire agus codarsnacht físeáin.
- [Braiteoir solais]: Ceartaigh gile
an scáileáin teilifíse sa ghnáthchúrsa de
réir shoilsiú an tseomra.
- [Gáma]: Ceartaigh an socrú
neamhlíneach le haghaidh lonras agus
codarsnacht pictiúr.
- [Imir]: Athraigh cothromaíocht
na ndathanna.
- [Saincheap imir]: Déan socrú na
cothromaíochta datha a shaincheapadh.
Níl sé ar fáil ach amháin má roghnaítear
[Imir] > [Saincheap].
- [Codarsnacht físeán 3D] /
[Codarsnacht físeán]: Ceartaigh
codarsnacht físeán,
- [Gile]: Ceartaigh gile an scáileáin.
- [Lí]: Cúitigh éagsúlachtaí datha
idir tharchuir NTSC.
• [Cluiche nó ríomhaire]: Agus tú ag
féachaint ar inneachar ó chonsól cluichí
ceangailte, roghnaigh [Cluiche] chun
socruithe cluiche a fheidhmiú. Nuair a
bhíonn ríomhaire ceangailte trí HDMI,
roghnaigh [Ríomhaire]. Bí cinnte go
roghnaítear [Formáid agus
ciumhaiseanna] > [Formáid phictiúir] >
[Neamhscálaithe] chun an méid sonraí
is féidir a fheiceáil.