operation manual

GA
37
Gaeilge
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] [Socruithe satailíte] >
[Mono/steiréó].
3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK.
Athshocraigh pictiúr agus fuaim
Is féidir leat réamhshocruithe pictiúir agus
fuaime a athchuir, agus socruithe suiteála an
chainéil a choimeád mar a bhí siad.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] >
[Socruithe monarchan], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [Athshocraigh], ansin brúigh OK.
Déantar gach socrú teilifíse (ach amháin na
socruithe cainéil) a athshocrú de réir na
socruithe monarchan réamhshocraithe.
Cainéil
Suiteáil uathoibríoch
Nuair a cuireadh an teilifíseán ann den chéad
uair, suiteáladh na cainéil ar fad.
Chun do theanga nó do thír a athrú, agus
gach cainéal teilifíse dá bhfuil ar fáil a
athshuiteáil, is féidir an tsuiteáil iomlán seo a
rith arís.
Tosaigh an tsuiteáil
Nóta: Má iarrtar ort cód a chur isteach, cuir
isteach '8888'.
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Cuardaigh
cainéal] > [Athshuiteáil cainéal], ansin
brúigh OK.
3. Roghnaigh do thír, ansin brúigh OK.
4. Roghnaigh do líonra, ansin brúigh OK:
[Aeróg (DVB-T)]: Faigh craoltaí aeróige
saor go haer.
[Cábla (DVB-C)]: Faigh craoltaí cábla.
5. Lean na treoracha ar an scáileán chun
roghanna eile a roghnú, más ann.
Taispeántar an roghchlár tosaigh le haghaidh
cuardach cainéil.
6. Roghnaigh [Tosaigh], ansin brúigh OK.
7. Ag deireadh an chuardaigh chainéil,
roghnaigh [Críoch], ansin brúigh OK.
Leid: Brúigh
LIST chun an liosta cainéal a
fheiceáil.
Nóta: Nuair a thagtar ar chainéil teilifíse digití,
d'fhéadfadh an liosta cainéal suiteáilte uimhreacha
folmha cainéil a thaispeáint. Is féidir na cainéil
sin a athainmniú nó a athordú.
Suiteáil cainéil analógacha
Is féidir cainéil analógacha teilifíse a
chuardach agus a stóráil ina gceann agus ina
gceann.
Céim 1: Roghnaigh do chóras
Nóta: Gabh thar an méid seo má tá do
shocruithe córais ceart.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] > [Suiteáil cainéil].
3. Roghnaigh [Analógach: Suiteáil láimhe] >
[Córas], ansin brúigh OK.
4. Roghnaigh an córas a oireann do do thír
nó do réigiún, ansin brúigh OK.
Céim 2: Cuardaigh agus stóráil cainéil nua
teilifíse
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] > [Suiteáil cainéil].
3. Roghnaigh [Analógach: Suiteáil láimhe] >
[Cuardaigh cainéal], ansin brúigh OK.
4. Aimsigh an cainéal:
Más eol duit minicíocht an chainéil, cuir
isteach é leis na Cnaipí nascleanúna
Cnaipí uimhriúla.
Murar eol duit é, cuardaigh an chéad
mhinicíocht eile a bhfuil comhartha
láidir aici. Roghnaigh [Cuardaigh], ansin
brúigh OK.
5. Tar éis an cainéal ceart a aimsiú, roghnaigh
[Déanta], ansin brúigh OK.
6. Roghnaigh [Stóráil mar chainéal nua],
ansin brúigh OK chun an cainéal nua teilifíse
a stóráil.
Nóta: Mura bhfuil glacadh maith agat,
athshuigh d'aeróga agus bain triail as arís.