operation manual

GA
41
Gaeilge
Teanga fuaime
Má chraolann an teilifís teangacha iolracha nó
teangacha fuaime déacha, is féidir do theanga
fuaime a roghnú.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
OPTIONS.
2. I gcás cainéal digiteach, roghnaigh [Teanga
fuaime]. I gcás cainéal analógach, roghnaigh
[Dual I-II]. Brúígh OK chun do rogha a
dheimhniú.
3. Roghnaigh as na teangacha atá ar fáil, ansin
brúigh OK.
Is féidir do rogha teangacha fuaime príomhúla
agus tánaisteacha a shocrú le cloisteáil nuair a
bhíonn siad ar fáil.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] [Socruithe satailíte] > [Teangacha].
3. Roghnaigh [Teanga fuaime príomhúil]
[Teanga fuaime tánaisteach] agus roghnaigh
as na teangacha atá ar fáil.
4. Brúigh OK mar dheimhniú.
Fotheidil ar chainéil analógacha
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal analógach
teilifíse, brúigh TEXT.
2. Cuir isteach an uimhir trí dhigit leathanaigh
ó leathanach na bhfotheideal, '888' de ghnáth.
Má tá siad ar fáil cuirtear na fotheidil ann.
Fotheidil ar chainéil dhigiteacha
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal digiteach
teilifíse, brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Fotheidil], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [Fotheidil as], [Fotheidil ann]
[Uathoibríoch], ansin brúigh OK.
Teanga fotheidil
Nuair a bhíonn sé ar fáil, is féidir teanga na
bhfotheideal a athrú le haghaidh cainéal
digiteach.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Teanga na bhfotheideal],
ansin roghnaigh as na teangacha atá ar
fáil agus brúigh OK.
Athraítear teanga na bhfotheideal ar chainéal
ar leith.
Is féidir do rogha teangacha fotheideal
príomhúla agus tánaisteacha a shocrú le
taispeáint nuair a bhíonn siad ar fáil.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] [Socruithe satailíte] > [Teangacha].
3. Roghnaigh [Teanga fotheideal phríomhúil]
[Teanga fotheideal thánaisteach] agus
roghnaigh as na teangacha atá ar fáil.
4. Brúigh OK mar dheimhniú.
Socruithe rochtana uilíoch
Cuir air
Soláthraíonn craoltóirí teilifíse áirithe gnéithe
speisialta fuaime agus fotheidil do dhaoine
atá ar lagéisteacht nó ar lagradhairc. Is féidir
na gnéithe sin a chur ann nó as.
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta].
3. Roghnaigh [Rochtain uilíoch] > [Ann]
[As], ansin brúigh OK.
Socraigh aiseolas cluaise
Is féidir an teilifíseán a shocrú chun bíp a
sheinm, ach cnaipe ar an gcianrialtán nó ar an
teilifíseán a bhrú.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Rochtain uilíoch] > [Bíb
eochrach] > [Ann], ansin brúigh OK.
Rochtain don lucht lagéisteachta
Chun bheith cinnte go bhfuil teanga fuaime
ar fáil don lucht lagéisteachta, brúigh
OPTIONS, ansin roghnaigh [Teanga fuaime].
Taispeántar íocón i bhfoirm chluaise le hais
teangacha a thacaíonn le fuaim don lucht
lagéisteachta.