operation manual

GA
42
Cuir an fhuaim don lucht lagéisteachta ann
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Rochtain uilíoch] > [Lucht
lagéisteachta].
3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK.
[As]: Múch gnéithe don lucht
lagéisteachta.
[Ann]: Cuir fuaim agus fotheidil don
lucht lagéisteachta ann.
Rochtain don lucht lagradhairc
Chun bheith cinnte go bhfuil teanga closáin
ar fáil don lucht lagradhairc, brúigh
OPTIONS, ansin roghnaigh [Teanga fuaime].
Taispeántar íocón i bhfoirm súile le hais
teangacha a thacaíonn leis an gclosán don
lucht lagradhairc.
Roghnaigh callairí nó cluasáin
Is féidir rogha a dhéanamh an closán don
lucht lagradhairc a chloisteáil tríd na callairí
teilifíse, trí chluasáin, nó tríd an dá cheann.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Rochtain uilíoch] > [Lucht
lagradhairc].
3. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK.
[Callairí]: Éist leis an gclosán don lucht
lagradhairc ó challairí amháin.
[Cluasáin]: Éist leis an gclosán don lucht
lagradhairc ó chluasáin amháin.
[Callairí + cluasáin]: Éist le fuaim don
lucht lagéisteachta ó challairí agus ó
chluasáin, leis.
[As]: Múch an closán don lucht lagradhairc.
Nóta: Má tá cianrialtán EasyLink curtha air, ní
féidir an cnaipe Glas a roghnú. Chun EasyLink
a mhúchadh, féach Ceangail do theilifíseán >
Cumraigh gléasanna EasyLink > An méid a
bheidh uait (Lch 57).
Athraigh an airde ar an gclosán don lucht
lagradhairc
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Rochtain uilíoch] > [Airde
mheasctha].
3. Brúigh na Cnaipí nascleanúna chun an
airde a athrú, ansin brúigh OK.
Éifeachtaí fuaime
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] [Socruithe satailíte].
3. Roghnaigh [Teangacha] > [Lucht
lagradhairc] > [Éifeachtaí fuaime].
4. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK.
[Ann]: Cumasaigh éifeachtaí fuaime sa
chlosán don lucht lagradhairc.
[As]: Díchumasaigh éifeachtaí fuaime
san chlosán don lucht lagradhairc.
An cineál urlabhra
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
cainéil] [Socruithe satailíte].
3. Roghnaigh [Teangacha] > [Lucht
lagradhairc] > [Urlabhra].
4. Roghnaigh socrú, ansin brúigh OK.
[Tuairisciúil]: Éist le caint thuairisciúil sa
chlosán don lucht lagradhairc.
[Fotheidil]: Éist le fotheidil sa chlosán
don lucht lagradhairc.
Socruithe eile
Físeán taispeána teilifíse
Is féidir féachaint ar fhíseán taispeána chun
tuilleadh a fháil amach faoi na gnéithe ar an
teilifíseán seo.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Féach ar
fhíseáin taispeána], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh físeán taispeána, ansin brúigh OK.
Mód baile
D'fhéadfadh sé nach mbeadh socruithe áirithe
teilifíse ar fáil i Mód siopa. Chun bheith cinnte
go gcuirtear na socruithe cearta teilifíse i
bhfeidhm, socraigh an teilifíseán ag mód Baile.
1. Agus tú ag féachaint ar teilifís, brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [Socruithe teilifíse] >
[Socruithe ginearálta] > [Suíomh].
4. Roghnaigh [Baile] [Siopa], ansin brúigh OK.
5. Atosaigh an teilifíseán.