operation manual
GA
43
Gaeilge
Nuashonraigh na bogearraí
Seiceáil an leagan
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
bogearraí] > [Sonraí na mbogearraí reatha],
ansin brúigh OK.
Taispeántar leagan na mbogearraí reatha.
Rabhadh: Ná suiteáil leagan de na bogearraí
is ísle ná an leagan reatha atá suiteáilte ar do
tháirge. Ní féidir le TP Vision bheith freagrach
as fadhbanna a leanann íosghrádú bogearraí.
Nuashonraigh na bogearraí ar cheann de na
modhanna seo a leanas
• Nuashonraigh le gléas stórála USB
• Nuashonraigh ó chraoladh digiteach
• Nuashonraigh ón Idirlíon
Nuashonraigh le USB
An méid a bheidh uait
• Gléas stórála USB le 256 meigibheart
de spás stórála ar a laghad, atá formáidithe
de réir FAT nó DOS, agus a bhfuil an
chosaint ar scríobh díchumasaithe air.
• Teacht ar ríomhaire a bhfuil nascóir
USB agus teacht ar an Idirlíon aige.
• Clár cartlannaí comhaid a thacaíonn
formáid comhaid ZIP: mar shampla,
WinZip® le haghaidh Microsoft®
Windows®, nó StuffIt® le haghaidh
Macintosh®.
Nóta: Ná húsáid tiomántán crua USB.
Íoslódáil na bogearraí is déanaí
1. Ceangail an mhearóg USB de do ríomhaire.
2. Ar do ríomhaire, lainseáil brabhsálaí ar nós
Internet Explorer® nó Safari®, agus féach
www.philips.com/support.
3. Aimsigh do theilifíse agus na bogearraí
agus na tiománaithe atá ar fáil do do
theilifíseán. Gheofar an nuashonrú bogearraí i
bhfoirm chomhad comhbhrúite (*.zip).
4. Má airde an leagan bogearraí ná an leagan
ar do theilifíse, cliceáil an nasc chuig an
nuashonrú bogearraí.
5. Glac leis an gcomhaontú ceadúnais agus
íoslódáil an comhad ZIP chuig an mhearóg USB.
Nóta: D'fhéadfadh brabhsálaithe Idirlín áirithe,
ar nós Mozilla® Firefox® nó Google®
Chrome®, an comhad ZIP a íoslódáil díreach
ó do ríomhaire. Má tharlaíonn sin, cóipeáil an
comhad chuig do mhearóg USB.
6. I gcás Internet Explorer: Le cartlannaí
comhaid, asbhain autorun.upg fón gcomhad ZIP
íoslódáilte. Ná cuir an comhad asbhainte isteach
i bhfillteán, agus ná cóipeáil isteach i gcomhad é.
7. I gcás Safari: Nuair a bheidh an íoslódáil
críochnaithe, asbhaintear autorun.upg ón
gcomhad ZIP go dtí do ríomhaire sa
ghnáthchúrsa. Cóipeáil an comhad chuig an
mhearóg USB. Ná cuir an comhad asbhainte
isteach i bhfillteán, agus ná cóipeáil isteach i
gcomhad é.
8. Tóg amach agus dícheangal an mhearóg
USB den ríomhaire.
Nuashonraigh na bogearraí teilifíse
Rabhadh:
• Ná cuir an teilifís as agus ná bain an
mhearóg USB le linn nuashonrú na
mbogearraí.
• Má tharlaíonn cliseadh cumhachta le linn
an uasghrádaithe, ná bain an mhearóg
USB den teilifís. Leanfaidh an teilifís den
uasghrádú a luaithe a thiocfaidh an
chumhacht ar ais.
• Má tharlaíonn earráid le linn an
uasghrádaithe, déan iarracht an
t-uasghrádú a thosú arís. Má tharlaíonn
earráid, cuir glao ar Philips Consumer
Care.
1. Bain gach gléas USB ar nós cuibheoir
Wi-Fi den teilifís, ansin cuir an teilifís ann.
2. Ceangail an mhearóg USB den teilifíseán.
Tosóidh an uasghrádú bogearraí as a stuaim
féin. Beidh deireadh leis an uasghrádú nuair a
fheicfidh tú teachtaireacht ar scáileán.
3. Sula n-atosaíonn tú an teilifís, dícheangal an
mhearóg USB den teilifíseán.