operation manual
GA
44
4. Brúigh ar an gcianrialtán — ná brúigh
ach uair amháin.
Cuirtear an teilifís as agus ann arís. Tá deireadh
leis an uasghrádú.
5. Chun nuashonruithe tionóisceacha ar
bhogearraí na teilifíse a sheachaint, athcheangail
an mhearóg USB den ríomhaire agus scrios
autorun.upg.
Nuashonraigh ó chraoladh digiteach
Is féidir leis an teilifís nuashonruithe ar
bhogearraí a ghlacadh trí chraoltaí digiteacha,
nuair a bhíonn siad ar fáil. Nuair a fhaightear
nuashonrú ar bhogearraí, iarrtar ort na
bogearraí a nuashonrú. Moltar go láidir duit
na bogearraí a nuashonrú nuair a iarrtar ort
sin a dhéanamh.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Mura dtugann tú na bogearraí teilifíse chun
dáta nuair a fhaightear an nuashonrú, iarrtar
ort an comhad nuashonraithe a shábháil.
Chun na bogearraí a nuashonrú níos déanaí:
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
bogearraí] > [Nuashonruithe áitiúla].
3. Roghnaigh an comhad a d'íoslódáil tú agus
lean na treoracha ar an scáileán chun an
nuashonrú a chríochnú.
Nuashonraigh ón Idirlíon
Is féidir bogearraí na teilifíse a nuashonrú
díreach ón Idirlíon, leis, tríd an teilifís a
cheangal den Idirlíon. Féach Ceangail do
theilifíseán > Ceangail de líonra agus den
Idirlíon (Lch 58).
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] >
[Nuashonraigh bogearraí] > [Teilifís leis an
Idirlíon], ansin brúigh OK.
3. Lean na treoracha ar an scáileán chun an
nuashonrú a thosú.
Nuair a bheidh an nuashonrú críochnaithe,
téann an teilifís ar fuireachas agus tagann sé
ann arís as a stuaim féin. Fan ar an teilifís
teacht ann arís. Ná cuir an teilifís ann tú féin.
Nóta:
• Má tá an teilifís ceangailte den Idirlíon,
taispeánann an teilifís ag an tosú na
bogearraí nua atá ar fáil.
• Ó am go chéile, d'fhéadfadh Philips
uasghrádú ar bhogearraí a bhrú ort ar
an Idirlíon. Lean na treoracha ar an
scáileán chun na bogearraí teilifíse a
thabhairt chun dáta.
Athshocraigh gach socrú
Is féidir gach socrú pictiúir agus fuaime a
athshocrú agus gach cainéal a athshuiteáil ar
do theilifís.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] >
[Athshuiteáil an teilifís], ansin brúigh OK.
3. Lean na treoracha ar an scáileán.