operation manual
GA
5
Gaeilge
• Cuimil braonta uisce de a luaithe is
féidir, chun dífhoirmiú agus tréigean
datha a sheachaint.
• Seachain íomhánna seasmhacha a
mhéad is féidir. Íomhánna is ea íomhánna
seasmhacha a fhanann ar an scáileán ar
feadh tamaill fhada. Áirítear orthu
roghchláir scáileáin, barraí dubha,
taispeáintí ama, srl. Más gá íomhá
seasmhach a úsáid, laghdaigh codarsnacht
agus gile an scáileáin chun damáiste don
scáileán a sheachaint.
Leideanna suímh
• Suigh an teilifíseán in áit nach lonraíonn
an ghrian díreach ar an scáileán.
• Is fad amhairc a mholtar i gcás an teilifíseáin
seo trí oiread thrasnán an scáileáin. Mar
shampla, más é 81cm/32" trasnán an
scáileáin, ba cheart don amharcóir bheith
~2.5m / ~92" amach ón scáileán.
• Ba cheart do shúile a bheith leibhéal le
lár an scáileáin, agus tú i do shuí.
Suíomh an teilifíseáin
Is féidir na socruithe fuaime is fearr a roghnú
don teilifíseán trí shuíomh an teilifíseáin a
roghnú (feistithe de bhalla nó de sheastán).
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh [Socruithe teilifíse] >
[Socruithe ginearálta] > [Suíomh an
teilifíseáin].
4. Roghnaigh [Ar sheastán teilifíseáin] nó
[Daingnithe de bhalla], ansin brúigh OK.
Glasáil an teilifíseán
Tá slota slándála Kensington suite i mbun an
teilifíseáin. Chun an teilifíseán a dhaingniú,
ceannaigh glas frithghadaíochta Kensington
(a dhíoltar mar mhír ar leith).
Dlíthiúil
Fógra
2013 © TP Vision Netherlands B.V. Gach ceart
ar cosaint. D'fhéadfadh sonraíochtaí athrú gan
fógra a bheith tugtha. Maoin de chuid Koninklijke
Philips Electronics N.V. nó a n-úinéirí faoi seach
is ea trádmharcanna. Coimeádann TP Vision
Netherlands B.V. aige féin an ceart táirgí a
athrú uair ar bith gan bheith faoi oibleagáid
soláthairtí níos luaithe a choigeartú dá réir.
Creidtear gur leor an t-ábhar sa lámhleabhar
seo chun an córas a úsáid mar atá ceaptha.
Má bhaintear úsáid as an táirge, nó as a mhodúil
nó a ghnásanna aonair, chun críocha seachas
na gcríoch atá sonraithe anseo, ní mór deimhniú
a fháil go bhfuil na húsáidí sin bailí agus oiriúnach.
Barántaíonn Netherlands B.V. nach sáraíonn
an t-ábhar féin aon phaitinn de chuid na Stát
Aontaithe. Ní thugtar aon bharánta eile le
tuiscint ná ní chuirtear aon cheann in iúl.
Ní féidir le TP Vision Netherlands B.V. bheith
freagrach as aon earráid sa doiciméad seo ná
as aon fhadhb de thoradh a bhfuil sa doiciméad
seo. Déanfar earráidí a thuairiscítear do Philips
a oiriúnú agus a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin
tacaíochta Philips a luaithe is féidir.