operation manual

GA
56
Roghnaigh gléas ón roghchlár Baile
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Foinse], ansin brúigh OK.
3. Roghnaigh gléas, ansin brúigh OK.
Nuashonraigh an liosta foinsí
Má chuireann tú gléas leis, nó má bhaineann
tú ceann, nuashonraigh an liosta foinsí.
1. Brúigh
SOURCE.
2. Brúigh
OPTIONS.
3. Roghnaigh [Scan ceangail], ansin brúigh OK.
4. Lean na treoracha ar an scáileán.
Athraigh socruithe
Athraigh cineál an ghléis
Is féidir cineál an ghléis a athrú chun bheith in
ann teacht air go furasta ón roghchlár Foinse.
1. Brúigh
SOURCE.
2. Roghnaigh an gléas, ansin brúigh [Cineál
an ghléis].
3. Roghnaigh cineál oiriúnach gléis, ansin
brúigh OK.
Athainmnigh gléas
Is féidir gléas a athainmniú tar éis é a
cheangal den teilifíseán.
1. Brúigh SOURCE.
2. Roghnaigh an nascóir, ansin brúigh
[Athainmnigh].
3. Úsáid an méarchlár scáileáin chun ainm
nua a chur isteach.
4. Ina dhiaidh sin, roghnaigh [Déanta], ansin
brúigh OK.
Athshocraigh socruithe an ghléis
Is féidir cineál agus ainm an ghléis a
athshocrú de réir an réamhshocraithe.
1. Sa roghchlár [Foinse], roghnaigh an gléas
agus brúigh
OPTIONS.
2. Roghnaigh [Ainm agus deilbhín bunaidh],
ansin brúigh OK.
Cumraigh gléasanna EasyLink
An méid is féidir leat a dhéanamh
Le gnéithe rialaithe feabhsaithe EasyLink ó Philips
bainfidh tú gach buntáiste as do ghléasanna
HDMI-CEC-chomhlíontacha. Ceangail do
ghléasanna HDMI-CEC-chomhlíontacha trí
HDMI de do theilifíseán agus rialaigh iad ag
an am céanna le do chianrialtán teilifíse.
Nóta: Déanann brandaí eile cur síos difriúil
ar fheidhmiúlacht HDMI-CEC. Samplaí is ea
Anynet (Samsung), Aquos Link (Sharp) agus
BRAVIA Sync (Sony). Níl gach branda
comhoiriúnach go hiomlán le EasyLink Philips.
Tar éis athrú go EasyLink Philips, beidh na
gnéithe seo a leanas ar fáil:
Seinm aon iarrachta
Nuair a sheinneann tú gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach, tagann an teilifís
air ó bheith ar fuireachas agus athraíonn
go dtí an fhoinse cheart.
Fuireachas aon iarrachta
Nuair a bhrúnn
ar chianrialtán na
teilifíse, athraíonn an teilifís agus gach gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach go mód
fuireachais.
Múch gléasanna díomhaoine go
huathoibríoch
Má bhí gléas HDMI-CEC-chomhlíontach
díomhaoin ar feadh píosa fada, athraíonn sé
go mód fuireachais.
Cianrialú EasyLink
Is féidir gléasanna iolracha
HDMI-CEC-chomhlíontacha a rialú le do
chianrialtán teilifíse.
Rialú fuaime córais
Má cheanglaíonn tú gléas
HDMI-CEC-chomhlíontach ar a n-áirítear
callairí trí nascóir HDMI ARC, is féidir rogha
a dhéanamh fuaim na teilifíse a chloisteáil trí
na callairí sin, in ionad thrí challairí an teilifíseáin.
Coimeád caighdeán an phictiúir
Má tá tionchar ag gnéithe próiseála pictiúir ar
ghléasanna eile ar chaighdeán do phictiúir
theilifíse, is féidir Pixel Plus Link a chur air
chun caighdeán an phictiúir a choimeád.