operation manual
GA
58
Cumraigh callairí teilifíse
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Fuaim] > [Ardfhorbartha] >
[Callairí teilifíse].
3. Roghnaigh rogha, ansin brúigh OK:
• [As]: Múch callairí teilifíse.
• [Ann]: Cuir callairí teilifíse ann.
• [EasyLink]: Múch callairí teilifíse, agus
sruthaigh fuaim na teilifíse go gléas
fuaime HDMI-CEC ceangailte.
• [Uath-thosaigh EasyLink]: Nuair a
cheanglaítear gléas fuaime HDMI-CEC,
déan callairí teilifíse a mhúchadh sa
ghnáthchúrsa agus fuaim na teilifíse a
shruthú go dtí an gléas.
Athraigh sruthú fhuaim na teilifíse
Is féidir an fhuaim a athrú uair ar bith idir
callairí teilifíse agus amplitheoir ceangailte.
1. Brúigh OPTIONS.
2. Roghnaigh [Pictiúr agus fuaim] > [Callairí].
3. Roghnaigh ceann amháin díobh seo a
leanas, ansin brúigh OK.
• [TV]: Curtha air de réir réamhshocrú.
Sruthaigh fuaim na teilifíse tríd an teilifís
agus tríd an ngléas fuaime ceangailte
HDMI-CEC go dtí go n-athraíonn an
gléas ceangailte go dtí rialú fuaime
córais. Déantar fuaim na teilifíse a
shruthú ansin tríd an ngléas ceangailte.
• [Aimplitheoir]: Sruthaigh fuaim tríd an
ngléas ceangailte HDMI-CEC. Mura
bhfuil mód fuaime córais cumasaithe ar
an ngléas, leanann an fhuaim de bheith
ag sruthú trí challairí na teilifíse. Má
roghnaítear [Uath-thosú EasyLink],
iarrann an teilifís an gléas ceangailte a
athrú go dtí mód fuaime córais.
Coimeád caighdeán an phictiúir
Má tá tionchar ag gnéithe próiseála pictiúir ar
ghléasanna eile ar chaighdeán do phictiúir
theilifíse, is féidir Pixel Plus Link a chur air.
Cuir Pixel Plus Link air
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [EasyLink].
3. Roghnaigh [nasc Pixel Plus] > [On], ansin
brúigh OK.
Uasmhéadaigh taispeáint an fhíseáin
Cruthaíonn fotheidil áirithe barra fotheideal
ar leith faoin bhfíseán a theorannaíonn an
réimse taispeána físeáin. Chun an réimse
taispeána físeáin a uasmhéadú, is féidir an
uath-iomlaoid fotheidil a chur ann.
Taispeántar na fotheidil ansin anuas ar íomhá
an fhíseáin.
Cuir an uath-iomlaoid fotheidil air
1. Brúigh
.
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
teilifíse] > [Socruithe ginearálta] > [EasyLink].
3. Roghnaigh [Uath-iomlaoid fotheidil] >
[Ann], ansin brúigh OK.
Ceangail de líonra agus den
Idirlíon
An méid is féidir leat a dhéanamh
Féach ar Mheáin
Má cheanglaíonn tú an teilifíseán de líonra
baile, is féidir grianghraif, ceol agus físeáin ó
do ríomhaire a sheinm air. Féach Úsáid do
theilifíseán > Seinn comhaid ilmheáin (Lch 18).
Smart TV
Má cheanglaíonn tú an teilifíseán de líonra baile
a bhfuil ceangal Idirlín aige, is féidir Smart TV
a bhrabhsáil. Tairgeann Smart TV seirbhísí Idirlín
agus suíomhanna Gréasáin a bheidh saincheaptha
do do theilifíseán. Seinn ceol agus físeáin, léigh
eolas mar gheall ar shiamsaíocht, faigh scannáin
ar cíos agus i bhfad eile. Féach Úsáid do
theilifís > Smart TV (Lch 21).
An méid a bheidh uait
Rabhadh: Ní ghéilleann an teilifíseán seo do
threoir EMC ach amháin nuair a bhíonn cábla
cumhdaithe Cat5 Ethernet in úsáid agat.