operation manual
GA
6
Téarmaí an bharánta
• Riosca gortaithe, damáiste don teilifíseán
nó cealú baránta! Ná déan iarracht riamh
an teilifíseán a dheisiú tú féin.
• Bain úsáid as an teilifíseán agus as na
hoiriúintí ar an tslí a cheap an déantóir
agus ar an tslí sin amháin.
• Cuireann an rabhadh atá priontáilte ar
chúl an teilifíseáin in iúl go bhfuil riosca
turrainge leictrí ann. Ná bain an clúdach
den teilifíseán riamh. Iarr ar Philips
Customer Care gach seirbhísiú agus
deisiú a dhéanamh.
• Cuirfear an baránta ar neamhní má
dhéantar rud ar bith atá coiscthe go
sainráite sa lámhleabhar seo, nó má
déantar athrú nó cóimeáil ar bith nach
bhfuil molta nó údaraithe sa lámhleabhar
seo.
Saintréithe picteilín
Tá líon ard picteilín datha sa táirge LCD/LED
seo. Cé go bhfuil picteilíní éifeachtacha de
99.999% aige, d'fhéadfadh spotaí dubha nó
pointí geala solais (dearg, glas nó gorm) bheith
le feiceáil i gcónaí ar an scáileán. Saintréith
struchtúrach den taispeáint is ea é sin (laistigh
de chomhchaighdeáin an tionscail) agus ní
mífheidhm é.
Comhlíonadh AE
Comhlíonann an táirge seo riachtanais agus
forálacha ábhartha eile na dTreoracha
2006/95/EC (Voltas Íseal), 2004/108/EC
(EMC) agus 2011/65/EU (ROHS).
Comhlíonadh EMF
Déanann TP Vision Netherlands B.V.
mórchuid táirgí dírithe ar thomhaltóirí a
mhonarú agus a dhíol, agus dála aon
trealaimh leictreonaigh eile, féadfaidh siad, i
gcoitinne, comharthaí leictreamaighnéadacha
a chur amach agus a ghlacadh.
Tá sé i measc phríomh-Phrionsabail Ghnó
Philips gach beart riachtanach sláinte agus
sábháilteachta a dhéanamh maidir lenár
dtáirgí, chun géilleadh do gach riachtanas
dlíthiúil is infheidhme agus chun bheith go
maith laistigh de chaighdeáin na Réimse
Leictreamaighnéadaí is infheidhme an tráth a
tháirgtear na táirgí.
Geallann Philips táirgí nach mbeidh aon
drochthoradh acu ar an tsláinte a fhorbairt, a
tháirgeadh agus a chur ar an margadh.
Deimhníonn TP Vision go bhfuil a tháirgí
sábháilte d'úsáid an duine de réir na fianaise
eolaíche atá ar fáil inniu, ach iad a láimhsiú i
gceart chun na críche dár ceapadh iad.
Tá Philips gníomhach ó thaobh caighdeáin
idirnáisiúnta EMF agus sábháilteachta a
fhorbairt, rud a chumasaíonn dó bheith ag
coinne le forbairtí eile i gcaighdeánú agus
slánchuid a dhéanamh dóibh ag céim luath
dá tháirgí.
Foinse oscailte
Gheofar sa táirge seo bogearraí a cheadúnaítear
faoi cheadúnas foinse oscailte. Chun aitheantais
agus téacsanna ceadúnais a fháil, féach, le do thoil,
i lámhleabhar úsáideora an intáirge leictreonaigh.
Leis seo tairgeann TP Vision Netherlands B.V.
cóip den chód foinse comhfhreagrach iomlán
maidir leis na pacáistí bogearraí foinse oscailte
faoi chóipcheart a úsáideadh sa táirge seo a
sheachadadh, ar iarratas, i gcás go n-iarrtar a
leithéid faoi na ceadúnais faoi seach.
Mairfidh an tairiscint seo trí bliana tar éis
dháta ceannaigh an táirge d'aon duine a
fhaigheann an t-eolas seo. Chun an cód
foinse a fháil, seol d'iarratas i mBéarla in
éineacht leis an uimhir táirge chuig:
"Intellectual Property Department, TP Vision
Netherlands B.V., P.O. Box 80077, 5600 KA
Eindhoven, The Netherlands."