operation manual
GA
60
Tosaigh an chumraíocht gan sreang
1. Cuir do ródaire líonra gan sreang air.
2. Brúigh
ar an gcianrialtán teilifíse.
3. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Ceangail
de líonra], ansin brúigh OK.
4. Lean na treoracha ar an scáileán.
Cumraíocht Chosanta WPS - Wi-Fi
1. Má thacaíonn do ródaire le Cumraíocht
Wi-Fi faoi Chosaint (WPS), brúigh an cnaipe
WPS ar an ródaire.
2. Tar éis dhá nóiméad, roghnaigh [WPS] ar
an teilifíseán, ansin brúigh OK.
Ceanglaíonn an teilifíseán de do líonra.
Tógann sin timpeall dhá nóiméad.
Tá córas WPS ar fhormhór na ródairí nua
agus lógó WPS le feiceáil orthu. Baineann
córas WPS úsáid as criptiú slándála WPS
agus ní féidir é a úsáid in éineacht le gléasanna
ar do líonra a úsáideann criptiú slándála WEP
(Príobháid Chomhionann Shreangtha).
Má tá gléasanna WEP (Príobháid
Chomhionann Sreangtha) ag teastáil fós i do
líonra, suiteáil é le [Scan] > [Saincheap].
Scan le haghaidh ródairí
Má tá níos mó ná ródaire amháin i do líonra,
roghnaigh an ceann atá uait.
1. Chun ródaire ar leith i líonra a roghnú,
brúigh [Scan] ar an gcéad leathanach den
tsuiteáil.
Is iad na chéad ródairí a thaispeántar ar an
liosta ar an scáileán na ródairí a bhfuil WPS
acu agus an comhartha is láidre.
2. Roghnaigh an ródaire atá uait, ansin brúigh
OK.
• Má tá tú ag ceangal de ródaire WPS,
roghnaigh [WPS] ar an teilifís.
• Más mian leat an cód UAP i mbogearraí
do ródaire a shocrú chun ceangal a
dhéanamh, roghnaigh [UAP WPS] agus
breac síos an cód.
• Chun an eochair criptithe a chur isteach
de láimh, roghnaigh [Caighdeánach]
ansin cuir isteach an eochair nuair a
iarrtar é.
Socraigh ceangal daingnithe le criptiú WPS
1. Chun an ceangal daingnithe a shocrú le
cód UAP, roghnaigh an [UAP WPS] agus
brúigh OK.
2. Breac síos an cód UAP 8 ndigit a
thaispeántar ar an teilifís agus cuir isteach é
ar bhogearraí an ródaire ar an PC.
Féach lámhleabhar an ródaire le fáil amach cá
háit a gcuirtear isteach an cód UAP.
Socraigh ceangal daingnithe le criptiú WPA
Má tá slándáil WPA (Rochtain Chosanta
Wi-Fi) ag do ródaire, cuir isteach an frása pas
leis an gcianrialtán.
1. Chun an eochair criptithe a chur isteach
de láimh, roghnaigh [Caighdeánach] agus
brúigh OK.
2. Chun an méarchlár scáileáin a fháil, roghnaigh
an réimse iontrála téacs, ansin brúigh OK.
Socraigh ceangal daingnithe le criptiú WEP
Má tá criptiú slándála WEP agat, iarrfaidh an
teilifís ort an eochair criptithe WEP a chur
isteach in uimhreacha heicsidheachúla.
1. Aimsigh an eochair heicsidheachúil i
mbogearraí an ródaire ar do PC agus den nóta
den chéad eochair i liosta eochracha WEPS.
2. Cuir isteach an eochair slándála ar an
teilifís leis an gcianrialtán chun é a cheangal
den ródaire.
3. Má iarrtar é, aontaigh le Comhaontú
Ceadúnais an Úsáideora Deiridh.
Socruithe líonra
Ainm an líonra teilifíse
Má tá breis is teilifís amháin i do líonra baile,
is féidir an teilifíseán seo a athainmniú ionas
go mbeidh ainm ar leith aige.
1. Brúigh .
2. Roghnaigh [Cumraíocht] > [Socruithe
líonra] > [Ainm an líonra theilifíse], ansin
brúigh OK.
3. Cuir isteach an t-ainm leis an méarchlár
scáileáin nó leis an gcianrialtán.
Cuir Miracast air
Teilifís atá deimhnithe ag Miracast is ea an
teilifís seo. Chun inneachar ó ghléas Wi-Fi a
thaispeáin gan uaim ar do theilifís, cuir
Miracast air.