operation manual
GA
8
• Socruithe pictiúir tíosacha ar
fhuinneamh: Is féidir meascán de
shocruithe pictiúir tíosach ar
fhuinneamh a úsáid. Agus tú ag
féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe
glas agus roghnaigh [Tíosach ar
fhuinneamh]. Ansin roghnaigh an socrú
pictiúir [Tíosach ar fhuinneamh].
• Scáileán as: Mura dteastaíonn uait ach
éisteacht le fuaim ón teilifís, is féidir an
taispeáint teilifíse a athrú. Oibreoidh na
feidhmeanna eile mar is gnáth. Agus tú
ag féachaint ar teilifís, brúigh an Cnaipe
glas agus roghnaigh [Scáileán as].
• Braiteoir solais: Nuair a dhorchaíonn
an solas mórthimpeall, íslíonn an
braiteoir solais timpeallaigh gile an
scáileáin teilifíse. Chun an braiteoir a
chur air, brúigh an Cnaipe glas agus tú
ag féachaint ar teilifís agus roghnaigh
[Braiteoir solais].
• Cumhacht íseal fuireachais:
Laghdaíonn an ardchiorcadra
cumhachta ídiú cumhachta an
teilifíseáin go leibhéal fíor-íseal, gan an
fheidhmiúlacht leanúnach fuireachais a
chailliúint.
• Uathmhúch: Chun fuinneamh a
chaomhnú, socraigh an teilifíseán
chun múchadh sa ghnáthchúrsa ag
deireadh tréimhse díomhaointis. Agus
tú ag féachaint ar teilifís, brúigh an
Cnaipe glas agus roghnaigh
[Uathmhúch]. Ansin roghnaigh an
tréimhse a múchfaidh an teilifíseán
ina diaidh.
• Múch gléasanna díomhaoine: Múch
gléasanna géilliúla EasyLink
HDMI-CEC (Rialú Leictreonach
Tomhaltóirí) atá díomhaoin. Agus tú
ag féachaint ar teilifís, brúigh an
Cnaipe glas agus roghnaigh [Múch
gléasanna díomhaoine].
• Bainistíocht cumhachta: Cabhraíonn
ardbhainistíocht cumhachta chun an
fuinneamh a ídíonn an teilifíseán seo a
laghdú. Chun féachaint ar an tionchar
atá ag do shocruithe pearsantaithe
teilifíse ar ídiú cumhachta coibhneasta
an teilifíseáin, brúigh
, ansin
roghnaigh [Cumraíocht] > [Féach ar
fhíseáin taispeána] > [Físeán
taispeána Active Control].
Athchúrsáil
Rinneadh do tháirge a dhearadh agus a
mhonarú le hábhair agus comhpháirteanna ar
ardchaighdeán, ar féidir iad a athchúrsáil agus
a athúsáid.
Nuair a bhíonn an tsiombail seo de araid ar
rothaí agus líne tríd le feiceáil ar tháirge,
ciallaíonn sé go bhfuil an táirge sin clúdaithe
ag an Treoir Eorpach 2002/96/CE. Iarrtar ort
fáil amach faoin gcóras bailiúcháin leithscartha
áitiúil le haghaidh táirgí leictreacha agus
leictreonacha.
Gníomhaigh de réir na rialacha áitiúla agus
ná caith amach do sheantáirgí le do
ghnáthdhramhaíl teaghlaigh. Ach do
sheantáirge a dhiúscairt ar an tslí mholta
cabhraíonn sé chun iarmhairtí diúltacha
féideartha ar an timpeallacht agus ar shláinte
an duine a sheachaint.